Seirbhís lárnach aistriúcháin Ghaeilge fós ‘ar chlár oibre’ an Rialtais tar éis deich mbliana

Fógraíodh an tseachtain seo go raibh ‘mol lárnach aistriúcháin’ bunaithe ag Feidhmeannas Stormont ach níl aon dé ar a leithéid ó dheas den teorainn

Seirbhís lárnach aistriúcháin Ghaeilge fós ‘ar chlár oibre’ an Rialtais tar éis deich mbliana

Fógraíodh an tseachtain seo go raibh lárionad aistriúcháin bunaithe ag Rialtas Stormont, ach táthar fós ag fanacht ar ionad dá leithéid ó dheas den teorainn breis is deich mbliana ó gealladh é.

Gealltar sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go mbunófar “seirbhís chomhroinnte aistriúcháin chun freastal ar riachtanais ranna rialtais”.

Thug Roinn na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie dhá bhliain go leith ó shin go raibh bunú seirbhís lárnach aistriúcháin do na ranna stáit go léir fós ar a gclár oibre.

Dúradh an uair sin in 2018 go raibh dréachtchás gnó do sheirbhís lárnach aistriúcháin réitithe ag oifigigh na Roinne, ach nach raibh aon chinneadh déanta go fóill “maidir le hamscála chun bunú na seirbhíse a bhrú chun cinn”.

Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne le Tuairisc.ie inné go raibh bunú na seirbhíse comhroinnte aistriúcháin “fós ar chlár oibre na Roinne” agus go raibh cás gnó déanta ina leith.

Ní fhéadfaí a rá cathain a bhfuil sé i gceist an tseirbhís a bhunú.

“Níor tugadh an togra chun cinn go fóill, áfach, de bharr tosaíochtaí eile a bheith ag an Roinn. Táthar ag súil go gcuirfear an togra i bhfeidhm in am trátha,” a dúradh.

Ag deireadh na bliana 2014, aontaíodh ag cruinniú den ghrúpa idir-rannach a bhí ag plé leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go lorgófaí moltaí agus tuairimí na ranna rialtais ar fad i leith seirbhís chomhroinnte aistriúcháin do na ranna stáit.

De réir eolais a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise in 2015, bhí plé leanúnach ag dul ar aghaidh ag an tráth sin faoi sheirbhís lárnach aistriúcháin a bhunú.

D’iarr an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta moltaí ar ionadaithe na Ranna eile agus chuir na ranna na moltaí ar ais chuig Roinn na Gaeltachta. Bhí na moltaí sin ceilte sna cáipéisí a fuair Tuairisc.ie faoin Acht.

Fógraíodh Dé Luain go raibh ‘mol lárnach aistriúcháin’ bunaithe ag Feidhmeannas Stormont chun seirbhísí aistriúcháin Gaeilge agus Ultaise a chur ar fáil do 150 comhlacht poiblí.

Gealladh an mol aistriúcháin sa chomhaontú New Decade, New Approach mí Eanáir seo caite.

Fág freagra ar 'Seirbhís lárnach aistriúcháin Ghaeilge fós ‘ar chlár oibre’ an Rialtais tar éis deich mbliana'

  • Gearóid de Grás

    Is dócha go raibh Aodhán Mac Cormaic ag iarraidh beag a dhéanamh den dearcadh diúltach i leith na Gaeilge sa státseirbhís anseo (https://tuairisc.ie/statseirbhisigh-oga-i-bhfad-nios-dearfai-faoin-ngaeilge/). Tá an-amhras orm áfach nach raibh aige ach caint san aer.

  • Rós

    Cé mhéid airgead a chaitear ar aistriuchain?

  • Gearóid de Grás

    Haigh, a Rós.
    Ní fheadar cá mhéad a chaitear ar aistriúcháin, a Rós, ach is gnáthchuid den saol é in aon tír nach bhfuil ag iarraidh a bheith 100% aonteangach gan meas ar bith ar chainteoirí teangacha eile inti – ní dóigh liom gurb ann do thír ar bith ar domhan atá mar sin. I gcás an aistriúcháin go Gaeilge, tugtar fostaíocht do dhaoine le Gaeilge agus maidir leis an togra seo, tá sé molta “chun freastal ar riachtanais ranna rialtais”. Ar ndóigh, más fearr linn go mbeadh tír againn gan aon mheas ar an nGaeilge inti, níl an togra seo de dhíth mar ní gá an Ghaeilge a chur san áireamh ar chor ar bith mar cuid de riachtanais ranna rialtais!