Mol lárnach bunaithe le seirbhís aistriúcháin a chur ar fáil do 150 comhlacht poiblí

Deir an tAire Pobal Deirdre Hargey go gcuirfidh an Mol ‘seirbhís thábhachtach aistriúchán agus tras-scríobh Gaeilge agus Ultaise ar fáil’ 

Mol lárnach bunaithe le seirbhís aistriúcháin a chur ar fáil do 150 comhlacht poiblí

Tá ‘mol lárnach aistriúcháin’ bunaithe ag Feidhmeannas Stormont chun seirbhísí aistriúcháin Gaeilge agus Ultaise a chur ar fáil do 150 comhlacht poiblí.

Sa Roinn Pobal a bheidh an mol lonnaithe agus cuirfidh sé seirbhísí aistriúcháin ar fáil do na naoi roinn atá sa bhFeidhmeannas, do chomhlachtaí poiblí agus Rialtais Áitiúil agus do chomhlachtaí páirtspleácha.

Agus an mol á sheoladh dúirt an tAire Hargey: “Cúis mhór áthais dom an Mol Aistriúcháin nua a fhógairt. Seo ceann de na gealltanais a tugadh i gcáipéis Ré Nua, Cur Chuige Nua.

“Cuirfidh an Mol seirbhís thábhachtach aistriúchán agus tras-scríobh Gaeilge agus Ultaise ar fáil,” a dúirt an tAire. 

“Ionchuimsiú daoine agus pobal atá i gcroílár ár gcuid oibre. Mar Aire a bhfuil freagracht na Gaeilge agus na hUltaise orm, fáiltím go mór roimh an Mol aistriúcháin seo.” 

Déanfaidh lucht na seirbhíse lárnaí nua aistriúchán ar chineálacha éagsúla cáipéisí agus déanfar bileoga poiblíochta a leagan amach don chló freisin.

Deirtear go mbainfear úsáid sa mhol aistriúcháin as aistritheoirí agus eagarthóirí a bhfuil séala ó Fhoras na Gaeilge nó iarchéim san aistriúchán nó san eagarthóireacht acu.

Cuirfear seirbhís iomlán profála ar fáil chomh maith.

Is féidir obair tras-scríofa a chur faoi bhráid na seirbhíse chomh ach conraitheoirí a thabharfaidh faoin obair sin.

Beidh an mol aistriúcháin i mbun gnó idir 8am agus 8pm ó Luan go hAoine agus is féidir le comhlacht poiblí aistriúchán a lorg ach glaoch ar an tseirbhís nó ríomhphost a chur chucu.

Murar féidir an t-aistriúchán a dhéanamh go hinmheánach mar gheall ar acmhainní teoranta, cuirfear an obair faoi bhráid conraitheoirí atá roghnaithe i ndiaidh próiseas e-Tender.

Triúr a bheas fostaithe sa Mhol ach measann Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer go bhfuil seans mór ann go bhfostófar a thuilleadh daoine má bhíonn go leor éilimh ar sheirbhísí an Mhoil.

“Tá athbhreithniú le déanamh ar an scéim i gceann bliana agus is é an tuiscint atá ag Conradh na Gaeilge ná go gceapfar tuilleadh foirne amach anseo.”

Tagann bunú na seirbhíse nua sna sála ar ráiteas a rinne ceannaire an DUP, Arlene Foster, faoi na gealltanais i leith na Gaeilge i New Decade, New Approach. “Caithfear comhrá réalaíoch a bheith ann faoi na rudaí is féidir linn a chur i gcrích roimh dheireadh na mandáide seo agus faoi na rudaí a chaithfimid a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad mhandáid eile,” a dúirt Foster. Mhaígh sí nach raibh sí ag tarraingt siar ó na gealltanais a rinneadh in New Decade, New Approach.

Tá imní ar Ghaeilgeoirí go mbeidh an Ghaeilge thíos le hiarrachtaí aontachtaithe deireadh a chur le Prótacal Thuaisceart Éireann ach tá Niall Comer dóchasach go gcuirfear na beartais atá geallta i gcrích.

Dúirt sé gur dul chun cinn suntasach atá i mbunú agus i seoladh an Mhoil Lárnaigh Aistriúcháin inniu. 

“Bhí Conradh na Gaeilge ag éileamh moil den chineál seo le tamall fada ó thuaidh, agus bhí an moladh luaite go sonrach againn inár bplé-cháipéis ar son Acht Gaeilge in 2017. 

Ba cheart go mbeadh an acmhainn lárnach rialtais ábalta freastal go héifeachtach agus go héifeachtúil ar na ranna rialtais agus ar na comhlachtaí poiblí ar fad ó thuaidh. Coinneoidh Conradh na Gaeilge súil ar chúrsaí le cinntiú go gcuirfear ar fáil seirbhísí teanga don phobal ag an chaighdeán is airde, ach tá muid in áit níos fearr ná mar a bhí muid cúpla bliain ó shin,” ar sé.

Fág freagra ar 'Mol lárnach bunaithe le seirbhís aistriúcháin a chur ar fáil do 150 comhlacht poiblí'