Státseirbhísigh óga ‘i bhfad níos dearfaí’ faoin nGaeilge

Tá go leor de na státseirbhísigh i ranna eile a mbíodh ‘bagáiste’ i leith na Gaeilge acu ‘imithe anois’, a deir Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta

Státseirbhísigh óga ‘i bhfad níos dearfaí’ faoin nGaeilge

Níl “an bagáiste” céanna i leith na Gaeilge á iompar ag státseirbhísigh is a bhíodh, a deir Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta.

Deir Aodhán Mac Cormaic go mbíonn státseirbhísigh óga an státchórais i bhfad “níos dearfaí” faoin nGaeilge ná an dream a chuaigh rompu.

Tá go leor de na státseirbhísigh i ranna eile a mbíodh “bagáiste” i leith na Gaeilge acu “imithe anois”, arsa Mac Cormaic.

Tá Mac Cormaic ar an státseirbhíseach is sinsearaí sa stát atá ag plé go lánaimseartha leis an teanga agus léargas ar leith aige dá réir ar an dearcadh a bhíonn ag daoine sa státchóras faoin nGaeilge.

Bhí sé ag caint ag díospóireacht a d’eagraigh an grúpa Teacht Aniar faoi chás na Gaeltachta.

Dúirt sé go mbíonn cuid den phlé a bhíonn ag Roinn na Gaeltachta le ranna rialtais eile “an-dearfach” agus go mbíonn cuid de “réasúnta diúltach”. Ach tá cúrsaí i bhfad níos fearr ná mar a bhí, dar leis.

Mhaígh sé go bhfuil “athrú ó bhonn” tarlaithe sa chóras le 15 bliain anuas agus “cohórt nua” de státseirbhísigh ann “atá níos báúla” don Ghaeilge ná mar a bhí cuid den dream a chuaigh rompu.

Tá meon diúltach i leith na teanga ag státseirbhísigh áirithe i gcónaí, áfach.

Deir Mac Cormaic go mbíonn na “doirse dúnta” roimh státseirbhísigh Roinn na Gaeltachta uaireanta nuair a théann siad chun plé le dreamanna eile sa státchóras.

“Bíonn frustrachas ag baint le hobair s’againne agus níor mhaith liom sin a shéanadh,” a deir Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta.

Ba é a thuairim, áfach, go bhfuil cúrsaí i bhfad “níos dearfaí” ná mar a bhíodh.

Mhaígh sé gur chruthúnas air sin an dearcadh a léirigh ranna eile i leith an bhille teanga atá ag dul trí Thithe an Oireachtais.

Tuigeann státseirbhísigh anois go mbíonn “jab le déanamh” agus go gcaithfear “oibriú le chéile” ar leas na Gaeilge.

Maidir le ceist na géarchéime teanga sa Ghaeltacht agus ar chóir don Rialtas a aithint go bhfuil a leithéid ann, deir Stiúrthóir na Gaeilge nach bhféadfadh “aon duine a shéanadh”  go bhfuil géarchéim teanga i “go leor do na ceantair Ghaeltachta”.

Thug sé le fios, áfach, go raibh an scéal amhlaidh mar gheall ar an leagan amach atá ar theorainneacha na Gaeltachta.

Dúirt duine eile den phainéal cainte, an gníomhaí pobail, Donncha Ó hÉallaithe, gurb í fírinne an scéil go bhfuil géarchéim ann fiú i gcuid de na ceantair is láidre ó thaobh na teanga.

Ba chuma faoi na ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an Béarla mar theanga an phobail le fada an lá, a dúirt Ó hÉallaithe.

“Tá an cath sin thart,” ar sé.

Fág freagra ar 'Státseirbhísigh óga ‘i bhfad níos dearfaí’ faoin nGaeilge'

  • Mairead de Faoite

    Iontach dóchasach.

    Máiread.

  • Christina Chen

    “Tá an cath sin thart,” ar sé.

    Mar a deir an duine a ghéill!
    Níl an cath thart go gcasa an bhean ramhar amhrán…

  • S. Mac Muirí

    Níl an cath thart in áit ar bith go deimhin.
    Bhí aiféala orm breosla a cheannach i gceantar ‘fíorláidir’ Gaeltachta blianta ó shoin mar nach raibh san áit ach béarla ag óg is aosta. Thosaigh mé á cheannach sa nGalltacht ar an Satharn nuair a bhíonn Ghaeilge ag freastal ann.
    D’fhéadfadh breac-Ghaeltacht meanma dhearfach a shú chuici féin as an nGalltacht gan coinne ag duine ar bith leis.