Séanta ag an Aire Heather Humphreys sa Dáil nach gcasann sí le heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta

Deir an tAire Stáit Joe McHugh gur eisean atá freagrach as cúrsaí Gaeltachta agus nár cheart a bheith ‘diúltach i gcónaí faoi chúrsaí teanga’

Séanta ag an Aire Heather Humphreys sa Dáil nach gcasann sí le heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta

Shéan an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys nár chas sí ach le dhá eagraíocht teanga agus Gaeltachta ó ceapadh mar Aire Sinsearach í.

Bhí sí ag freagairt ceiste sa Dáil inné ó urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin, Peadar Tóibín. Dúirt an tAire Humphreys gur chas sí le “various Gaeltacht organisations on numerous occasions over the years”.

Ach dúirt urlabhraí Shinn Féin gur thuig sé ó fhreagra ar cheist scríofa Dála a bhí curtha aige níos túisce i mbliana nach raibh ach dhá chruinniú ag an Aire Humphreys le hionadaithe Gaeilge agus Gaeltachta.

Dúirt sé gur bhain ceann de na cruinnithe sin le hÚdarás na Gaeltachta agus an ceann eile le hócáid neamhfhoirmeálta stocaireachta a bhí eagraithe ag Conradh na Gaeilge in Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath.

Mheabhraigh urlabhraí Shinn Féin don Aire Humphreys go raibh sé ráite ag an iar-aire stáit Gaeltachta Dinny McGinley go raibh sábháil na teanga sa Ghaeltacht ag brath ar an gcóras pleanála teanga.

Dúirt Peadar Tóibín go bhfuil oiread lagmhisnigh agus díomá ar choistí pleanála teanga sa Ghaeltacht go raibh siad sásta a gcuid pleananna teanga “a chaitheamh sa bhosca bruscair”.

Maidir le freagracht na teanga a bheith ar an Aire Stáit Joe McHugh seachas ar an Aire Sinsearach Heather Humphreys, dúirt urlabhraí Shinn Féin “Irish is not a junior issue, it’s a senior issue”.

Dúirt Joe McHugh nár cheart a bheith “diúltach i gcónaí faoi chúrsaí teanga” agus go bhfuil “rudaí dearfacha” ag tarlú sa Ghaeltacht, lasmuigh di agus sa Tuaisceart.

Dúirt sé freisin, gurb eisean atá freagrach as cúrsaí na Gaeltachta agus go raibh sé tar éis casadh le cuid mhór eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta ó ceapadh i mbun na hoibre sin é.

“Tá an teanga ag dul ó neart go neart,” a dúirt sé.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an bhliain seo caite gur thug an tAire Humphreys a céad chuairt oifigiúil mar aire ar cheantar Gaeltachta i mí Iúil 2016.

Fág freagra ar 'Séanta ag an Aire Heather Humphreys sa Dáil nach gcasann sí le heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta'

  • Art

    Ní gá ach féachaint ar an cuir síos atá fuithi ar wikipedia chun fáil amach cén fath go bhfuil dearcadh sin ag an aire.

  • Frainc

    Tá an cúram seo a fad imithe sa bhfraoch ar Heather ‘Gallda’ Humphreys.

  • Frainc

    ‘rudaí dearfacha’…..’ó neart go neart’…..’casadh le’ Cropaí bocht sínte ar thaobh an tsléibhe’……san aiteann gallda…..áit a bhfuil heather humpfries….