Seans ag seacht gcinn d’fhoirne Corn an Aire a thabhairt leo ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Tá gach cuma ar an scéal go mbeidh iomaíocht ghéar i gCraobh Shinsir na bhFear i Leitir Móir an deireadh seachtaine seo

Seans ag seacht gcinn d’fhoirne Corn an Aire a thabhairt leo ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Cuireadh tús aréir le Comórtas Peile na Gaeltachta 2022 leis an gcluiche idir Naomh Anna, Leitir Móir agus An Cheathrú Rua i gCraobh Shóisir na bhFear, ach inniu a thosóidh an comórtas i gceart agus 16 cluiche ar fad le n-imirt.

Is I gCraobh Shinsir na bhFear is mó a bhíonn suim ag daoine ag an gComórtas agus d’fhéadfadh go mbeadh iomaíocht ghéar i gcomórtas na bliana seo agus cluichí ceannais an chontae bainte amach in 2021 ag ceithre cinn de na naoi bhfoireann atá ag imirt.

Cuirfear tús leis an gcomórtas ar maidin nuair a thabharfar ‘El Clásico Chorca Dhuibhne’ go Conamara agus An Ghaeltacht agus Daingean Uí Chúis in aghaidh a chéile ar Pháirc an Chathánaigh ar an gCeathrú Rua sna réamhbhabhtaí.

Is iad fir na Gaeltachta curaidh reatha an Chomórtais ó thugadar an chraobh leo ar a bpaiste dúchais trí bliana ó shin ach tá bóthar fada rompu más leo an beart a dhéanamh arís i mbliana.

Ábhar dóchais a bhí sa bhua sin dóibh in 2019 agus cúpla bliain chrua curtha díobh ag an gcumann. Tá siad sáinnithe sa ghrád idirmheánach i gCiarraí go fóill gan mórán dul chun cinn déanta agus cé go bhfuil siad fós i Roinn 1 na sraithe, gaisce nach beag, níl ach cluiche amháin buaite acu ansin as na seacht gcinn atá imeartha acu go dtí seo i mbliana.

Daingean Uí Chúis agus An Ghaeltacht ag imirt i gComórtas Peile 2019. Pic: Séan Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá ag éirí níos fearr le fir an Daingin, iad sa dara háit i Roinn 1 faoi láthair agus gan ach cluiche amháin as ocht gcinn caillte acusan, cé go bhfuil trí chluiche comhscóir san áireamh ansin. Níor éirigh leis an Daingean féin mar ba mhaith leo le cúpla bliain anuas sna craobhacha i gCiarraí agus cé go bhféadfadh an dá fhoireann ó Chorca Dhuibhne dul chun cinn a dhéanamh an deireadh seachtaine seo ach tús maith a dhéanamh, meastar go bhfuil siad araon d’uireasa roinnt mhaith imreoirí.

An Mhí agus Port Láirge a bheidh sa réamhbhbhta eile agus Bhulf Tón agus An Rinn ag tabhairt aghaidh ar a chéile.

Beidh an-mhuinín ag fir Bhaile Ghib ar éis dóibh Craobh Shinsir na Mí a bhuachan anuraidh. Tá siad ag déanamh go maith i mbliana freisin agus iad sa tríú háit i Roinn 1A sa bhaile. Bhí bua maith acu sa tsraith i rith na seachtaine agus iad ag fáil réidh don chomórtas seo, roinnt cúilíní faighte ag Caolán Ward agus Saran Ó Fionnagáin dóibh. Bhuadar an Comórtas sna Dúnaibh in 2018 agus tá dea-chuma orthu arís an uair seo.

Bhuaigh Bhulf Tón ar an gCeathrú Rua i gcluiche ceannais 2018. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ní bheidh aon easpa muiníne ag cur as don Rinn ach an oiread agus an turas fada aneas go Conamara déanta acu. Cé nach mbeidh fir na Rinne róshásta lena dtorthaí craoibhe le cúpla bliain anuas, tá ag éirí go maith leis an bhfoireann i Roinn 2 na sraithe i mbliana agus iad ar bharr an tábla tar éis chúig chluiche, agus gan ceann ar bith acu caillte acu. Cé nach dea-scéal don chontae a bhí i gcliseadh Phort Láirge i gCorn Tailteann coicís ó shin, fágann sé go bhféadfadh Darach Ó Cathasaigh agus Conor Ó Corráin, beirt atá ar phainéal an chontae, a bheith ar fáil.

Bearna (Gaillimh) agus Béal Átha an Ghaorthaidh (Corcaigh) a bheidh sa chéad chluiche ceathrú ceannais tráthnóna agus dhá fhoireann eile iad seo a bhféadfadh an-deireadh seachtaine a bheith acu.

Ní raibh mórán i nGaillimh a cheap ag tús na bliana go mbeadh seans ag Bearna an Comórtas a thabhairt leo deireadh seachtaine na Cincíse ach tá ag éirí thar barr leis an bhfoireann go dtí seo. Ar bharr Roinn 2 na sraithe atá siad, cothrom le hOileáin Árann, agus cúig chluiche as seacht gcinn buaite acu. Bhí bua maith acu ar Mhaigh Cuilinn sna babhtaí cáilithe don Chomórtas Peile an mhí seo caite. Tá idir óg agus aosta ar an bhfoireann agus roinnt mhaith imreoirí acu a d’imir d’fhoirne faoi aois na Gaillimhe le blianta beaga anuas.

Ba cheart go mbeadh coimhlint mhaith ann idir fir Chonamara agus fir Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Tá fir Mhúscraí sa phríomhroinn i gCorcaigh agus cé nár chuir siad tús rómhaith leis an tsraith, níl ach cluiche amháin caillte acu le cúig chluiche agus painéal láidir tugtha aníos acu go Ceantar na nOileán. Bhí bua cumasach acu ar Naomh Abán sna babhtaí cáilithe i gCorcaigh agus iad ag súil nach dtiocfaidh aon stop leis an torthaí maithe an deireadh seachtaine seo.

Dhá dream a bhain cluichí ceannais an chontae amach anuraidh a bheidh sa gcluiche ceathrú ceannais eile inniu, Béal an Mhuirthead (Maigh Eo) agus Naomh Conaill (Dún na nGall). Ar an drochuair, chaill an dá fhoireann sna cluichí sin ach léiriú é ar a gcumas, mar sin féin.

Tá Béal an Mhuirthead anois faoi cheannas duine de laochra peile Mhaigh Eo, Liam McHale, ach tá sé deacair a thuar an bhfuil aon dul chun cinn déanta ag an bhfoireann toisc nach bhfuil na sraitheanna peile ach ag tosú i Maigh Eo an deireadh seachtaine seo, rud a fhágann nach bhfuil cluiche ceart imeartha ag Béal an Mhuirthead fós agus mí an Mheithimh againn.

Meastar go bhfuil painéal sách láidir ag fir Iorrais don deireadh seachtaine seo ach cinnte ní bheidh Ryan O’Donoghue ar fáil acu. Beidh sé le foireann Mhaigh Eo anocht, atá ag tabhairt aghaidh ar Mhuineachán, ach seans nach n-imreoidh sé agus gortú ag cur as dó.

I gcoinne Bhéal an Mhuirthead inniu tá ceann de na foirne is mó rath i gComórtas Peile na Gaeltachta le blianta beaga anuas. Bhuaigh Naomh Conaill Corn an Aire in 2015 agus in 2016 agus beidh siad i measc rogha na coitiantachta an uair seo freisin. Tá siad sa dara háit i Roinn 1 na sraithe i nDún na nGall i láthair na huaire cé gur chaill siad an cluiche deireanach a bhí acu in aghaidh Chill Charthaigh, an chéad chluiche sraithe a chaill Naomh Conaill sa bhaile le trí bliana anuas.

Dermot ‘Brick’ Molloy (Naomh Conaill). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá an Comórtas Peile buaite ag foirne as Dún na nGall naoi n-uaire le 13 comórtas anuas ach má bhuann Naomh Conaill an ceann seo, beidh orthu an ceann is fearr a fháil ar an bhfoireann bhaile sna babhtaí leathcheannais. Buntáiste mór é do Naomh Anna nach mbeidh siad ag imirt go dtí tráthnóna amárach agus beidh tacaíocht ollmhór acu i bPáirc an Mháimín.

Tá an cumann lán muiníne faoi láthair tar éis dóibh Craobh Idirmheánach na Gaillimhe a bhuachan anuraidh agus cé gur briseadh croí a bhí acu i gcluiche ceannais Chonnacht, dhéanfaí dearmad uile air sin dá n-éireodh leo an deireadh seachtaine seo. Tá imreoirí óga tar éis fuinneamh breise a thabhairt don fhoireann, Colm Mac Donnacha, Warren Seoige, Maitias Eoin Bairéad agus Dylan Seoige agus tuilleadhnach iad. Ar ndóigh tá cuid den seandream ansin i gcónaí agus Ciarán Bairéad agus Éamonn Ó Loingsigh ina measc siúd a bhíonn ag stiúradh cúrsaí nuair is gá.

D’fhéadfadh ceann ar bith de na sé nó seacht bhfoireann a roghnú agus cás maith a dhéanamh go n-éireodh corn leo ag an deireadh seachtaine. Is iomaí cor agus casadh a bheidh sa scéal idir seo agus an Luan ach níl aon amhras ach go bhfuil féile peile na Gaeltachta ar ais.

 

Fág freagra ar 'Seans ag seacht gcinn d’fhoirne Corn an Aire a thabhairt leo ag Comórtas Peile na Gaeltachta'