‘Seán Ó Riada: Mo Sheanathair’ –  clár tábhachtach cuí a thugann fathach ceoil is cultúir chun cuimhne

Téann Doireann Ní Ghlacáin ar aistear ceoil is teaghlaigh le haithne a chur ar a seanathair Seán Ó Riada.

‘Seán Ó Riada: Mo Sheanathair’ –  clár tábhachtach cuí a thugann fathach ceoil is cultúir chun cuimhne

Sa chlár faisnéise Seán Ó Riada: Mo Sheanathair (TG4, Lá an Dreoilín) tugann Doireann Ní Ghlacáin fé thuras pearsanta is teaghlaigh le haithne a chur ar a seanathair, an cumadóir cáiliúil Seán Ó Riada.

Bhásaigh an Riadach caoga bliain ó shin agus gan an dá scór ach díreach slánaithe aige.

Is ceoltóir traidisiúnta agus láithreoir teilifíse í Doireann agus ag tosach an chláir dhein sí a marana ar an mborradh atá faoin gceol traidisiúnta agus an t-athrú atá tagtha air i gcaitheamh na mblianta. “Réicíocht, ragarnaigh agus craic deadly…Is focain breá liom é,” a dúirt sí le barr rógaireachta.

Sí tuairim na coitiantachta, áfach, gurbh é Seán Ó Riada a chuir tús leis an mborradh agus na hathruithe sin ar fad. Rianaíonn Doireann an ceangal idir Ceoltóirí Chualann is The Chieftains agus as sin go Planxty, an Bothy Band agus Riverdance.

Thug Doireann féna haistear ceoil le léargas a fháil ar an lorg a d’fhág an Riadach ar cheol na hÉireann. Oileadh é sa traidisiún clasaiceach agus bhí a rian san le feiscint sa cheol draíochtúil, álainn a chum sé don scannán Mise Éire agus don scannán Saoirse ina dhiaidh sin.

Is de réir a chéile a thosaigh sé ag  filleadh ar a dhúchas. Ba é ba chionsiocair leis an rath a bhí ar Cheoltóirí Chualann agus chuir sé Cór Chúil Aodha ar bhun nuair a chuaigh sé chun cónaithe i nGaeltacht Mhúscraí sna seascaidí lena bhean Ruth agus a gclann óg. Tréimhse caite aige i gCorca Dhuibhne roimhe sin ach an leithinis úd rófhada ó Ollscoil Chorcaí mar a raibh post faighte aige. Chuaigh sé ag tochailt in oidhreacht cheoil an cheantair agus d’éirigh leis ardú meanma a thabhairt don phobal. Ba léir an meas agus an cion a bhí ar chách air. Labhraíonn Eoghan Mhaidhcí Ó Súilleabháin, Danny Mhaidhcí Ó Súilleabháin agus Seán Ó Sé linn go maoithneach faoi na laethanta órga úd.

Tá tragóid ag baint leis an scéal chomh maith óir gur cailleadh Ó Riada agus é fós óg. Is láithreoir ábalta, muiníneach í Ní Ghlacáin agus níor dhein sí neamhaird den chuid seo den scéal. Labhraíodh faoin tslí go raibh baint ag an deoch le drochshláinte agus bás Sheáin.  Cheistigh sí a máthair féin, Sorcha, a haintín Rachel agus a huncail Peadar faoin tréimhse shuaite sin. Is deas agus is cuí mar a deineadh scéal Ruth, bean Sheáin, a thabhairt isteach i lár an tsaothair. Bean mhisniúil, acmhainneach a bhí mar chrann taca ag Seán agus a clann; bean a bhí ina baintreach go hóg agus seachtar clainne faoina cúram. Dhein sí oidhreacht Sheáin a chaomhnú agus thug sí aghaidh ar a drochshláinte féin go misniúil.

Labhraíodh le meascán breá daoine agus baineadh úsáid fhorleathan as ábhar cartlainne. Bhaineas sásamh faoi leith as óráid cois uaighe Sheáin Uí Ríordáin. Ní nach ionadh, agus mar is cuí, bhí dreasanna ceoil ar fud an chláir seo; ó ábhar clasaiceach go hAifreann Uí Riada agus an t-amhrán a cóiríodh/cumadh ina ómós, Mo Ghile Mear.

Clár tábhachtach a thugann fathach ceoil is cultúir chun cuimhne caoga bliain i ndiaidh a bháis.

Fág freagra ar '‘Seán Ó Riada: Mo Sheanathair’ –  clár tábhachtach cuí a thugann fathach ceoil is cultúir chun cuimhne'

  • Noel Ó Gallchóir

    Clár álainn a bhí sa chlár seo …clár teilifíse chomh maith agus a chonaic mé ariamh. Léiriú iontach ar shaol agus ar shaothar a hathar mór tugtha ag a ghariníon, Doireann. Bhí bomaití brónacha sa chlár agus an láithreoir cumasach ag fáil amach fá bhás óg a seanathar. Éacht iontach déanta ag achan duine a raibh baint acu leis an chlár ghalánta seo

  • Donncha Seán Ó Maidín

    An mbeidh seans ann féachaint ar an clár teilifíse – ní raibh mé saor aréir nuair a bhí sé ar siúil.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Thaithnigh an clár thar cionn linn anseo in Aill na Brún, Conamara.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Bhreathnaigh mé ar an gclár aréir ar an ‘seinnteoir’ atá ag TG4. Clár cumasach mothallach a bhí ann. An chreidiúint ag dul do Dhoireann a bhí sásta na ceisteanna crua a chíoradh agus an tochailt a dhéanamh le fáil amach cén cineál fear a bhí ann. Dá bharr tá tuiscint níos mó againn anois ar Sheán Ó Riada agus ar a bhean Ruth agus ar a chlann. Bhí oscailteacht agus macántacht ag baint leis an gclár. Is cosúil nach raibh an BAI sásta tacú leis an gclár. Cén fáth? Nár ceart dóibh míniú a thabhairt?