Seán ‘Bull’ Ó Féinneadha, an lánchúlaí láidir a thug faoi Hollywood

‘Seán’ a thugtaí ar John Ford sa mbaile agus John ‘Bull’ Feeney atá tugtha air i dtuairiscí faoi na cluichí peile a d’imir sé do Portland High

Seán ‘Bull’ Ó Féinneadha, an lánchúlaí láidir a thug faoi Hollywood

Tá Féile John Ford á reáchtáil timpeall an Spidéil an deireadh seachtaine seo – comóradh ar an stiúrthóir is mó a thuill gradaim Oscar ariamh agus an fear a chuir John Wayne in aithne don saol mór, mar aon le bunús a chur faoi Bhuachaillí na mBó.

Tá feicthe agaibh in áiteacha eile ar an suíomh seo go mba as an Tuar Beag, buailte ar shráidbhaile an Spidéil, a athair Seán (Mháire) Ó Féinneadha agus go mba le cois Abhainn an Chnoic i gCoill Rua Thiar a rugadh a mháthair, Bairbre (‘Abbie,’ Frank) Ní Churraoin. Tá fothracha na dtithe inar saolaíodh iad le feiceáil fós

In Portland Maine a phósadar tar éis dóibh beirt a dhul ar imirce ansin i dtús na 1870idí. Ba é John an dara duine ab óige den aon nduine dhéag clainne a saolaíodh ansiúd dóibh, bhásaigh cúigear acu sin agus gan iontu ach linbh.

‘Seán’ a thugtaí ar John sa mbaile agus níor athraigh sé a shloinne go ndeachaigh sé go Hollywood agus é ina fhear óg, áit a raibh a dheartháir Francis ann roimhe agus an sloinne Ford tugtha aigesean air féin.

An Pheil Mheiriceánach a d’imir Seán Ó Féinneadha agus é ag freastal ar Portland Maine High School. Ba mhinic leis nó gur bhásaigh sé i 1972 an leagan sin dá ainm a shíniú ar litir, áit a scríobhfadh sé ‘Hollywood agus an Spidéal’ faoina bhun.

John ‘Bull’ Feeney atá tugtha air i dtuairiscí faoi na cluichí peile a d’imir sé do Portland High. Thug sin le fios go raibh sé crua tréan láidir. Níor mhór dó a bheith, mar ba mar lánchúlaí nó mar chosantóir láir a d’imríodh sé. San ionad is túisce acu sin ba é a chúram cosaint a thabhairt dá cheathrú cúlaí; sa gceann eile bhí sé mar dhualgas air smacht a choinneáil ar an gcuid láir den pháirc, fad is a bhí an liathróid i seilbh a chéilí comhraic.

Baisteadh ‘Bull’ mar leasainm air as an gcaoi a dtarraingíodh sé an clogad anuas thar a shúile agus as an gcaoi a n-íslíodh sé a chloigeann sula dtiocfadh sé de rite reaite faoina chéile comhraic.

Ní raibh sé ach scór bliain d’aois nuair a thug sé aghaidh ar Hollywood. Ní léir ón gcuid eile dá shaol a chaith sé ansiúd go raibh mórán suime aige i gcúrsaí spóirt – deir siad siúd a raibh aithne acu air go raibh. Go fiú sin, níor fhéad sé mórán dá chuid ama a chaitheamh leis mar stiúraigh sé 130 scannán fad is a bhí sé ann.

I gceantar a mhuintire a bhí fonn air ceann de na scannáin is cáiliúla acu sin, The Quiet Man (1952), a dhéanamh. Ba ansiúd freisin ba mhó a bhailigh airgead ag doirse na dtithe scannán.  Ach ós rud é nach raibh raibh fáil ansiúd ar an gcumhacht leictreachais a bhí riachtanach ansiúd – ní raibh ann ach go raibh scéim leictriú na tuaithe tagtha chomh fada leis an Spidéal ag an am – aistríodh ceanncheathrú an taifid go Caisleán Cheapach Chorcóige in aice Chonga.

Ní fíor a rá go ndearna John Ford neamhshuim amach agus amach d’imeachtaí spóirt ina chuid scannáin. Go deimhin níl ceann ar bith de na 16 ‘Scannán Buachaillí Bó’ a stiúraigh sé nach bhfuil ar a laghad babhta troda amháin ann – cuid mhaith níos mó ná sin le fírinne.

Ní féidir ach gur leag John Wayne amach níos mó fear ná a rinne seaimpíní trom-mheáchain an domhain ó tosaíodh ag cur miotóga orthu siúd!

Ach ba bheag an meas a bheadh ag Marcas Queensberry ar na rialacha a bhain le babhtaí troda na mbuachaillí bó – uillinneacha agus glúine á n-úsáid, soncanna leis an gcloigeann agus ciceanna. A rogha rud.

Ní fhéadfaí an t-achrann a sheachaint ach oiread sa Quiet Man.  Sa scannán bhí an t-imirceach Seán Thornton (Wayne) fillte abhaile agus súil aige talamh a mhuintire a cheannacht ar ais. Tagann idir é agus Will Danaher atá ag santú na háite sin le fada. Téann an scéal in olcas nuair a thiteann deirfiúr Danaher agus Thornton i ngrá lena chéile.

Bhí an t-achrann ar na bacáin ó déanadh an chaint seo. ‘I’ll count three, and if you’re not out of the house by then, I’ll loose the dogs on you,’  a deir Danaher. ‘If you say ‘three’, mister, you’ll never hear the man count ten,’ a deir Thornton.

Ní mhillfidh mé an chuid eile den scéal oraibh.

Ba é an dornálaí cáiliúil Máirtín Thornton as an Spidéal, seaimpín na hÉireann tráth, a sheas isteach sna babhtaí troda do Wayne.

Bhí aithne mhaith aige ar Ford agus gaol i bhfad amach acu lena chéile mar go mba ar an Tuar Beag a saolaíodh seanmháthair Thornton freisin. In agallamh leis a craoladh ar Raidió na Gaeltachta nuair a bhásaigh John Ford i 1973, dúirt Máirtín go raibh neart Gaeilge ag John Ford agus go mba sa teanga sin a d’fhaigheadh seisean na treoracha troda uaidh le linn na scannánaíochta.

I dtaca liom féin ba dhlúthchara de mo chuid Ned Ó Féinneadha, trócaire Dé air, col seisear do John Ford a saolaíodh sa teach ba ghaire don cheann ina dtáinig athair Ford ar an saol. Bhí suim ollmhór ag Ned i chuile spórt agus ós rud é go raibh blianta caite i Sasana aige, fíorchur amach ar shacar na tíre sin.

Ar fhilleadh abhaile dó, thug sé cuid mhór dá chuid ama agus dá shaothar don chlub CLG áitiúil agus bhí ar dhuine acu siúd a chaillfeadh lá oibre ar mhaithe lena charr a líonadh le himreoirí óga nach mbeadh aon bhealach taistil acu dá uireasa. Bíonn cúpla duine dá mhianach i chuile chlub agus go cinnte is iomaí sin duine i bhfiacha lena leithéid – mise ina measc.

Ní mé féin amháin atá á rá sin. Mac deirféar le Ned Ó Féinneadha is ea an t-údar agus an t-iriseoir Éamonn Sweeney a mbíonn colúin dá chuid san Irish Independent agus sa Sunday Independent. Ar na leabhair atá tagtha óna pheann tá The Last Ditch, The Road to Croker, O’ Brien Pocket History of Irish Sport agus There’s Only One Red Army.

Ní taobh le uair amháin atá sé ráite ag Éamonn go mba é a Uncail Ned a spreag é cosán an tsaoil mar atá siúlta aige féin a leanacht.

Fág freagra ar 'Seán ‘Bull’ Ó Féinneadha, an lánchúlaí láidir a thug faoi Hollywood'