Seacht rún Gaeilge ag Ard-Fheis Shinn Féin

Maoiniú Fhoras na Gaeilge agus maoiniú do chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge i measc na rún i nDoire

8/2/2014. Sinn Fein Ard Fheis
Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams. Pictiúr: Photocall Ireland

 

Baineann seacht gcinn de rúin Ard-Fheise Shinn Féin leis an nGaeilge. Tá baill an pháirtí cruinnithe le chéile ag a nArd-Fheis i nDoire an deireadh seachtaine beag seo, áit a bpléifear os cionn 200 rún.

Ó thaobh na Gaeilge de, pléifear an próiséas comhairliúcháin atá ar siúl i dTuaisceart Éireann i láthair na huaire ar Acht Gaeilge, beartais an Rialtais reatha i leith na Gaeilge, cás na hirise An tUltach, an Coimisinéir Teanga, cás na Gaeilge i dTuaisceart Éireann, an scéim Líofa 2015 agus scéal na Gaeltachta.

Iarrfaidh Sinn Féin ar Rialtas na hÉireann ardú a dhéanamh ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge agus maoiniú a chur ar fáil do chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Pléifear cás na Gaeilge ar chomharthaí bóthair ag an Ard-Fheis freisin. Nochtadh ar Tuairisc.ie ag deireadh na bliana seo caite gur raibh cinneadh déanta ag an Aire Iompair Paschal Donohoe neamhaird a dhéanamh ar chinneadh an iarAire Leo Varadkar faoi chomharthaí dátheangacha.

Tháinig sé chun solais freisin nach raibh aon taighde déanta ag an Roinn Iompair ar cheist na sábháilteachta maidir leis na comharthaí. Beidh Sinn Féin ag éileamh go gcrochfaidh Rialtas na hÉireann na comharthaí mar a beartaíodh cheana agus go bhfiosróidh Aire Forbartha Réigiúnach an Tuaiscirt comharthaí dátheangacha don réigiún sin.

Beidh an páirtí ag éileamh go dtabharfar breis cumhachta don Choimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go mbeidh sé in ann an Ghaeilge a chothú agus a chosaint ar bhealach gníomhach.

Tuairiscíodh ar Tuairisc.ie i dtosach nach raibh teacht ar leagan Gaeilge de na rúin seo. Bhí dul amú orainn, féadtar teacht orthu anseo

Fág freagra ar 'Seacht rún Gaeilge ag Ard-Fheis Shinn Féin'

  • Daire Ní Laoi

    Ceartúchán, le bhur dtoil.
    Tá clár na hArdFheise dátheangach!

  • Pádraic Harvey

    Tomhas agam ort:Seacht rún Gaeilge ag Ard-Fheis Shinn Féin?