Seacht rogha jíons ó €30 go €130

Níor cheart a bheith i do phríosúnach ag an stíl chéanna jíons i gcónaí agus is fearr dul sa seans le cineálacha nua, a deir ár gcomhfhreagraí

Seacht rogha jíons ó €30 go €130

Treabhsair ar dhearadh leathan a bhí faoi chaibidil agam an tseachtain seo caite, ach minic go maith is jíons an rogha a bhíonn ag an chuid is mó againn. Tá sé ró-éasca a bheith i do phríosúnach ag an stíl agus ag an mbranda céanna jíons i gcónaí agus gan a bheith misniúil nó cróga go leor le dul sa seans le cineálacha nua.  Agus tá rogha dhochreidte ar fáil anois idir stileanna agus dathanna agus iad an-difriúil óna chéile.

Níl cúis ar bith againn fanacht dílis do na cinn a bhfuil cleachtadh againn orthu agus is fiú rud nua a thriail in amanna agus breathnú ar an iliomad rogha eile atá sna siopaí agus ar líne faoi láthair.

 

1.Jíons ar a dtugtar ‘body’ ó Weekday ar €41.48

Branda iontach é Weekday do jíons agus tá na cinn chaola seo ar ardchaighdeán. Tá siad compordach, tá dóthain leaistice iontu agus tá dath gorm deas dorcha orthu.

 

2.Jíons ar a dtugtar ‘Z1975’ ó Zara ar €29.95

Tá praghas an-mhaith ar na jíons faiseanta seo ó Zara. Cinn leathana iad ar dhath dubh a bhreathnaíonn go hálainn le sála arda dubha agus geansaí cniotáilte. Is furasta stíl a chruthú leo seo atá simplí ach sofaisticiúil ag an am céanna.

3.Jíons ar a dtugtar ‘Ribcage’ ó Levi’s ar €120

Ní féidir jíons nua a roghnú gan breathnú ar chinn Levi’s. Is iad seo an branda is fearr liom féin go hiondúil de bharr rogha na ndathanna. Tá rogha iontach ann freisin maidir le básta agus fad na jíons. Is breá liom an stíl nua seo ‘ribcage’ a bhfuil básta an-ard iontu agus cos dhíreach.

 

4.Jíons ar a dtugtar ‘Mom’ ó New Look ar €35.93

Tá na ‘mom’ jíons sa bhfaisean le píosa fada anois. Mhair siad chomh fada seo mar go bhfuil siad chomh compordach sin agus breathnaíonn siad difriúil ón stíl chaol a bhí linn le blianta. Is rogha iontach iad na cinn dhubha seo ó New Look agus iad ar fáil ar phraghas réasúnta.

 

5.Jíons ar a dtugtar ‘Parallel Straight’ ó Topshop ar €68

Péire jíons iad seo dóibh siúd atá cróga go maith ó thaobh faisin. Tá siad seo an-scaoilte go deo agus an chos díreach. Breathnaíonn siad seo go hálainn ar fad má chaitear iad le bróga agus barr ‘banúil’.

 

 

6.Jíons caola ar dhath dubh ar a dtugtar ‘Hailey’ ó River Island ar €50

Tá River Island i gcónaí go maith le haghaidh jíons agus rogha an-mhór acu. Ba cheart go mbeadh péire jíons caola ar dhath dubh sa vardrús ag duine i gcónaí. Is féidir iad a chaitheamh le haon fheisteas agus beidh stíl shofaisticiúil gan aon stró agat. Mairfidh na cinn seo tamall maith agus ní thréigeann an dath dubh iontu is cuma cé mhéad uair a nitear iad.

 

7.Jíons ar dhath dubh ó Spanx ag Brown Thomas ar €130

Tá na cinn seo go deas don té a bhfuil sparán teann acu. Tá cuma sheanchaite curtha ag an mbranda cáiliúil Spanx ar na jíons seo.  Tá siad daor ach tá luach maith ar airgead agat mar go bhfuil siad iontach compordach, rud nach bhfuil fíor i gcónaí faoi gach péire jíons caola.

Fág freagra ar 'Seacht rogha jíons ó €30 go €130'