Seacht rogha fhaiseanta agus mo shos siopadóireachta thart…

Tá ár gcomhfhreagraí mórtasach nár ghéill sí don chathú earraí faisin a cheannach i mí Eanáir ach tá liosta aici anois

Seacht rogha fhaiseanta agus mo shos siopadóireachta thart…

Bhí mé go maith. Go deimhin, bhí mé an-mhaith ar fad! Níor chuir mé mo lámh i mo phóca oiread agus uair amháin ná níor chaith mé cent amháin ar mo chárta creidmheasa le hearra faisin ar bith a cheannacht i mí Eanáir. Mí iomlán agus 31 lá inti agus sheas mé le mo rún gan géilleadh d’aon rud deas a chonaic mé.

Ó, bhí cathú orm go minic agus fonn damanta orm, go háirithe agus mé ag ag scimeáil ar an idirlíon ach níor ghéill mé. Céard a bheadh ceannaithe agam dá mbrisfinn mo rún?

Chuir mé liosta le chéile le linn na míosa de na rudaí a bhí uaim, nithe nach bhféadfainn déanamh dá n-uireasa. Spéisiúil go maith, bhí cuid de na hearraí sin a shíl mé a bheith ‘riachtanach’ ag tús na míosa bainte den liosta ar fad agam nuair a bhí an mhí caite. Tá ceacht ann féin sa mhéid sin. Seo na hearraí atá fós ar mo liosta agam anois agus mí Eanáir caite.

 

1. Cairdeagan fada liath ó Zara ar €49.95

Is breá liom cairdeagain fhada, go speisialta ag an am seo bliana le fanacht breá te teolaí. Tá praghas réasúnta ar an gceann seo ó Zara agus is breá liom an dath.

 

2. Buataisí dubha ar a dtugtar ‘Mabel’ ó Topshop ar €49

Tá péire buataisí simplí dubha uaim a mhairfidh ar feadh na mblianta, cinn gan mhaisiúchán agus cinn nach n-imeoidh as faisean. Leathar ceart atá iontu seo le sála arda compordacha agus iad ar fáil ar phraghas réasúnta.

 

3. Gúna confhiacaile ó H&M ar €27.99

Is é an patrún álainn, confhiacail dubh agus bán, is mó a mheall mé chuig an ngúna seo leis an gcába ard. Gúna breá fada é síos go colpaí i stíl scaoilte nua-aimseartha.

 

4. Jíons caola ó Everlane.com ar €72

Siopadóireacht níos inbhuanaithe atá mar aidhm agam faoi láthair agus is dá bharr sin a tháinig mé ar Everlane, comhlacht atá eiticiúil agus aireach ar chúrsaí timpeallachta. Is breá liom na jíons seo atá ar fáil i rogha de chúig dhath. Tugtar mioneolas faoi na jíons ar an suíomh, fiú an mhonarcha as a dtáinig siad.

 

5. Mála fite dubh ó & Other Stories ar €129

Is breá liom an mála beag áisiúil seo ó & Other Stories a mheabhródh an branda fíorghalánta Bottega Veneta duit. Caitheann daoine cáiliúla i saol faisin an domhain os cionn €2,000 ar a mhacasamhail de mhála beag ón mbranda galánta sin ach feictear domsa go bhfuil an ceann seo ó & Other Stories chomh deas céanna.

 

6. Geansaí dúghorm le muineál leathan (boat-neck) ó COS ar €79

Tugtar boat-neck ar an dearadh atá ar na ngeansaí éadrom seo ó COS. Tá dath uaine taobh istigh air agus bíonn an dath sin le feiceáil agus na muinchillí craptha suas. Bheadh an barr seo iontach d’aon chineál ócáide agus tá an caighdeán ar fheabhas ar fad.

7. Scairf ar phatrún cnámh scadáin ó Carolyn Donnelly ag Dunnes Stores ar €39

Is breá liom féin scairf breá te a bhfuil patrún inti le beagán brí a chur i bhfeisteas simplí. Is maith liom go mór an ceann seo ó Carolyn Donnelly, dearthóir a mbíonn a cuid oibre ar ardchaighdeán i gcónaí.

Fág freagra ar 'Seacht rogha fhaiseanta agus mo shos siopadóireachta thart…'