Seacht rogha cultacha snámha dóibh siúd atá ag pleanáil saoire faoin ngrian

Is cuma cé acu bicínithe dea-dheartha nó cultacha snámha clasaiceacha atá uait tá moladh ag ár gcomhfhreagraí duit

Seacht rogha cultacha snámha dóibh siúd atá ag pleanáil saoire faoin ngrian

Cloisim daoine thart orm na laethanta seo ag caint ar shaoire an tsamhraidh agus iad i mbun pleanála chun cúpla seachtain a chaitheamh faoi theas na gréine. Culaith shnámha an chéad riachtanas a ritheann liom féin do shaoire den chineál sin agus tá sé in am dul ag roghnú anois. Ar ndóigh, ní sa bhfarraige is mó a chaitear cultacha snámha ach ag ligean scíthe in aice leis an linn snámha nó sínte ar an ngaineamh ag donnú an chraicinn ar an trá.

Tá rogha de shé gcinn de chultacha snámha á moladh agam anseo ar chostas idir €30 agus €60 agus an seachtú ceann ar €158 don té sin a bhfuil neart airgid aici.

 

Bicíní corcra ó ASOS ar €58.07

Is breá liom an fhabraic sa bhicíní seo chomh maith leis an dath álainn corcra atá air.

 

Culaith shnámha dhubh ó Zara ar €29.95

Le gairid féin a dhírigh Zara ar fheisteas snámha agus is maith liom an ceann galánta seo a bhfuil diamantés beaga ar na strapaí.

 

Bicíní stríocach ó H&M ar €30

Is breá liom an patrún stríocach gorm agus bán ar an gceann seo chomh maith leis na hiallacha atá ar an taobh mar mhionghné bhreise.

 

Bicíní dúghorm ó Karen Millen ar €83

Tá gearradh spórtúil ar an gceann seo agus cuireann na strapaí spleodar breise leis.

 

Culaith shnámha ar dhath oráiste ó River Island ar €47

An dath álainn oráiste sin a tharraing mo shúil ar an gculaith shnámha seo. Is breá liom an cruth agus an chuachóg dheas sin chomh maith.

 

Culaith shnámha ‘Alice’ ó Cossie & Co ar €158

Má tá tú ina hacmhainn, d’fhéadfá an chulaith álainn seo ón mbranda faiseanta Cossie & Co a cheannach agus déarfainn go mbeifeá á caitheamh ar feadh na mblianta.  Infheistíocht fhadtéarmach a bheadh inti go cinnte mar seo culaith atá clasaiceach agus faiseanta.

 

R1-07228-035A 001

Bicíní bándearg ó &Other Stories ar €50

Is breá liom an t-éadach agus an gearradh atá ar an mbicíní seo. Tá an stíl seo go mór sa bhfaisean le tamall anuas agus is amhlaidh a bheidh an samhradh seo freisin.

Fág freagra ar 'Seacht rogha cultacha snámha dóibh siúd atá ag pleanáil saoire faoin ngrian'