Seacht mála faiseanta faoi €50…

Chuaigh ár gcomhfhreagraí sa tóir ar mhálaí i ngach cineál stíle agus gan aon cheann acu ródhaor ar fad

Is cinnte go gcuireann mála deas barr smaise ar gach feisteas a chaitheann muid agus is tionscal domhanda ollmhór anois é tionscal na málaí.

Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil mála ar fáil atá feiliúnach do gach ócáid agus do gach cineál stíle.

Tá daoine ann a chaitheann na céadta agus fiú na mílte euro ach an mála ‘ceart’ a aimsiú ach chuir mise romham gach dul mórán thar €50 agus mé ag scrúdú na roghanna atá ar fáil faoi láthair.

 

 

Mála beilte le prionta ainmhí ó Mango ar €35.99

Is dócha go gcaithfeá a bheith beagáinín cróga leis an gceann seo a roghnú ach tá an stíl seo mála go mór sa bhfaisean faoi láthair agus is cosúil nach bhfuil aon bhaol ar dhearadh an phrionta ainmhí imeacht uainn, fós ar aon nós.

 

Mála sparáin marmair ó Zara ar €39.95

Taitníonn an patrún marmair ar an mála seo go mór liom. Tá an dearadh neodrach go maith agus ní bheidh sé i gcoimhlint le haon rogha éadaigh.

 

Mála beag ar stíl an bhosca ó River Island ar €25

Mála beag bídeach é an ceann seo agus prionta an chrogaill air. Bheadh an ceann seo go deas d’oíche shóisialta sa mbaile mór.

 

 

 

Mála le lámh bambú ó New Look ar €24.99

 

Bheadh an mála seo iontach do lá siopadóireachta. Tá sé mór a dhóthain do chúraimí an lae agus níl sé róthrom. Déarfainn gur ó dhearadh de chuid Gucci a tháinig an inspioráid don lámh bambú.

 

Mála droma ó Warehouse ar €46

Is féidir an mála seo a chaitheamh mar atá sé sa bpictiúr nó é a chaitheamh ar ghualainn amháin, trasna na colainne. Breathnaíonn sé gur leathar ceart atá ann agus is é mo rogha phearsanta é as na cinn ar fad atá feicthe agam le gairid.

 

Mála siopadóireachta liath ó ASOS ar €34.56

Mála den chineál seo a bhíonn agam féin chun na hoibre gach lá. Tá sé sách mór do gach rud a bhíonn uaim, an ríomhaire glúine san áireamh. Tá sparán beag ceangailte leis atá áisiúil d’eochracha agus do mhionairgead.  

 

 

Mála babhlaeir ó Topshop ar €52

Bheadh an mála seo iontach don té a bheadh ag dul as baile ar feadh oíche nó dhó. Tá sé an-fhaiseanta agus an praghas réasúnta don chaighdeán atá ag baint leis cé go bhfuil sé beagáinín os cionn an bhuiséid a bhí leagtha amach agam.

 

Fág freagra ar 'Seacht mála faiseanta faoi €50…'