Seacht gculaith shócúil, chompordach don uair a bhíonn obair an lae déanta

Rogha ár gcomhfhreagraí don tráthnóna nuair atá obair an lae déanta ach é róluath do na pitseámaí

Seacht gculaith shócúil, chompordach don uair a bhíonn obair an lae déanta

Tuigeann muid ar fad gur mór an faoiseamh é nuair a fhilleann muid abhaile tar éis lá oibre ár gcuid éadaí oibre a bhaint dínn agus scíth a ligean go leisciúil in éadach compordach. Bheadh amanna ann go mbeadh fonn ar dhuine na pitseámaí a tharraingt chuici féin mar rogha éadaí ach ní maith a bhreathnódh sin dá dtiocfadh cuairteoir isteach gan choinne.

Tá leigheas ar an scéal sin le fáil sa rogha de chultacha sócúlacha, compordacha ar a dtugtar ‘loungewear’ atá faighte níos coitianta le roinnt blianta anuas. Tá siad míle uair níos compordaí ná gnáthéadach an lae agus fós féin, sách inaitheanta nach gceapfadh aon duine gur pitseámaí iad. Bíonn siad te teolaí agus i gcás an éadaigh seo, ní hionann ar chor ar bith a bheith compordach agus a bheith míshlachtmhar ná mínéata.

Seo seacht gculaith shócúlach den chineál sin a thaitníonn liom féin ón rogha bhreá atá ar an margadh faoi láthair.

 

Geansaí agus brístí gearra spóirt ó Zara ar €37.90

Tá dath an ghainimh ar an bhfeisteas seo agus é simplí agus compordach ach fós an-fhaiseanta.

 

Barr agus luiteoga boga ó ASOS ar €77.42

Seo mo rogha phearsanta féin as na cinn ar fad a chonaic mé. Is breá liom an fhabraic bhog chlúmhach agus tá dearadh álainn ar an mbarr a chuireann casadh sofaisticiúil ar an fheisteas.

 

Feisteas éadrom ar dhath gorm ó Next ar €56

Seo rogha dheas dóibh siúd nach maith leo éadaí troma teo a chaitheamh nuair a bhíonn siad ag ligean a scíthe. Bheidís seo ar fheabhas agus tine bhreá thíos.

 

Geansaí agus brístí gearra spóirt ó Pretty Little Thing ar €60

Tá an feisteas dúghorm seo le greamanna bróidnéireachta an-fhaiseanta faoi láthair. Mura maith leat an dath dúghorm, tá rogha de chúig dhath eile ar fáil – bán, uaine, dearg, buí agus liath.

 

Feisteas ar dhath liath agus dubh breactha tríd ó River Island ar €95

Is breá liom an fhabraic sa cheann seo agus taitníonn an dearadh de na stríoca deasa dubha ar an gcos go mór liom. Seo húdaí a choinneodh duine fíortheolaí agus í sínte siar ar an tolg.

 

Húdaí agus treabhsar leathan ó H&M ar €45.98

Mheall dath an chamaill mé chuig an gceann seo – dath atá go mór sa bhfaisean an séasúr seo. Tá caighdeán iontach sa rogha seo ó H&M.

 

Brístí gearra spóirt agus geansaí caismír ó Marks & Spencer ar €295

Bíonn caighdeán iontach caismír ag M&S i gcónaí agus seo do rogha nuair a bheas an lotto buaite agat! Faoin am sin agus do shaibhreas déanta agat, beidh neart ama agat don saol sócúil compordach sin a théann leis an bhfeisteas seo.

Fág freagra ar 'Seacht gculaith shócúil, chompordach don uair a bhíonn obair an lae déanta'