Seacht gcinn de chótaí deasa i stíl ‘Luther’

Seacht gcinn de chótaí roghnaithe ag ár gcomhfhreagraí ar phraghsanna idir €35 agus €135 i stíl an bhleachtaire aitheanta i sraith coirscéalta an BBC

Seacht gcinn de chótaí deasa i stíl ‘Luther’

Tá cóta fada liath ag duine de mo chomhghleacaithe oibre ar a dtugann sí a cóta Luther. Níorbh é laoch mór an fheachtais in aghaidh na cinedheighilte i Meiriceá, Martin Luther King, a bhí i gceist aici, ná Luther na hEaglaise ón nGearmáin a mbíodh an múinteoir staire ag caint faoi blianta ó shin.

I ndiaidh an carachtair teilifíse John Luther, bleachtaire agus príomhchigire de chuid phóilíní Londan i sraith de chuid an BBC, a ainmníodh an cóta mór. Tá an cúigiú sraith den chlár, ina mbíonn an t-aisteoir cáiliúil Idris Elba sa bpríomhpháirt, díreach críochnaithe.

Cóta fada liath déanta as bréidín a chaitheann Luther i gcónaí agus sin a spreag mo chara leis an ainm sin a roghnú dá cóta féin.

Chuaigh mé ag tóraíocht cúpla leagan difriúil de chóta Luther dóibh siúd a dtaitníonn an stíl sin leo agus d’aimsigh mé seacht gcinn, ar phraghsanna idir €35 agus €135.

Cóta cnámh scadáin liath ar €57.37 ó Bershka

Seo an ceann is cóngaraí de stíl Luther a d’aimsigh mé – tá an gearradh, an fad agus an dath an-chosúil go deo leis an gceann a bhíonn ar Idir Elba agus tá an praghas an-réasúnta freisin.

 

Cóta liath le beilt ar €119.99 ó Mango

Tá an ceann seo cosúil go maith le stíl Luther ach amháin nach bhfuil an struchtúr céanna ag baint leis. Cabhraíonn an bheilt le cruth níos deise a chur ar an dearadh.

 

Cóta clasaiceach liath ar €70 ó Monki

Tá an táilliúireacht thar cionn sa chóta clasaiceach seo a bhfuil patrún breacáin air. Seo ceann dóibh siúd ar mhaith leo a bheith te teolaí agus faiseanta ag an am céanna.

 

Cóta ‘Revere’ ar €70 ó Next

Tá dath beagán níos éadroime ar an gceann seo ná mar a bhíonn ar chóta Luther ach tá an stíl chlasaiceach le haithint cé go mb’fhéidir nach bhfuil sé chomh faiseanta céanna leis na cinn eile atá pioctha agam. An-rogha a bheadh anseo mar chóta oibre.

 

Cóta liath go dtí an ghlúin ar €34.99 ó H&M

Más cóta níos éadroime atá uait seo margadh iontach ar phraghas íseal. Seo cóta earraigh agus súil ag duine go mbeidh an aimsir níos cineálta sna míonna amach romhainn.  

 

Cóta liath gualaigh ar €71.20 ó Warehouse

Tá an ceann seo ar fáil ar shladmhargadh faoi láthair ar shuíomh ASOS. Cóta singil ar dhath an ghualaigh é seo ar cosúil é le seaicéad fada culaith éadaigh.

 

Cóta fada dúghorm ar €129 ó Zara

Is fíor nach bhfuil an dath ceart ar an gceann seo ach tá stíl Luther sa dearadh. Seo an ceann dóibh siúd nach maith leo dath liath. Ba é seo an ceann ba dhaoire a roghnaigh mé ach is infheistíocht mhaith a bheadh ann mar go mairfeadh sé ar feadh na mblianta.

Fág freagra ar 'Seacht gcinn de chótaí deasa i stíl ‘Luther’'