‘Seachain Star Wars – is cuid d’oidhreacht anama an domhain í Sceilg Mhíchíl’

Tá a n-imní curtha in iúl faoi chonspóid ‘Star Wars' ar Sceilg Mhíchíl ag cuid de scríbhneoirí móra na Gaeilge

Skellig_Michael03(js)

Tá cuid de na scríbhneoirí is mó cáil sa tír seo, idir Ghaeilge agus Bhéarla, tar éis a n-imní a chur in iúl go poiblí faoin gcinneadh atá déanta cead a thabhairt do chriú Star Wars dul i mbun scannánaíochta ar Sceilg Mhíchíl amach ó chósta Uíbh Ráthaigh i gCiarraí theas.

I measc na ndaoine a chuir a n-ainm le litir a sheol siad chuig an Irish Times inniu, tá na filí Paddy Bushe, Theo Dorgan, Nuala Ní Dhomhnaill, Biddy Jenkinson agus Cathal Ó Searcaigh.

Sa litir atá seolta acu, deir na húdair nár cheart cead a thabhairt do chriú Star Wars scannánaíocht a dhéanamh ar an Sceilg toisc nach ndeachthas i gcomhairle leis na heagrais éagsúla a bhaineann le hábhar, ina measc, Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), Sainghrúpa Comhairle Sceilg Mhíchíl, agus an chraobh Éireannach den Choiste Idirnáisiúnta de Shéadchomharthaí agus Láithreacha.

‘We know from Minister for the Arts, Heritage and the Gaeltacht Heather Humphrey’s statement of September 8th, as well as from other sources, that this Star Wars project was negotiated without the involvement or input of the OPW’, a deir na húdair.

Dar leo go dtagann an cinneadh salach ar chleachtais an OPW:

‘We do not propose to comment on the appropriateness of permitting filming for a commercial feature on such a uniquely sacred and environmentally sensitive site, other than to note that the decision contradicts previous OPW practice and policy in relation to the island’.

Deir siad chomh maith go raibh fiosrúcháin a rinneadh le hOifig na nOibreacha Poiblí agus leis an tSeirbhís Náisiúnta Séadchomharthaí á gcur ar aghaidh go dtí Bord Scannán na hÉireann, rud a chuireann imní agus suaitheadh aigne orthu.

Sa chuid den litir atá scríofa i nGaeilge, deir na húdair:

‘Is cuid de oidhreacht anama na tíre seo í Sceilg Mhíchíl, agus cuid de oidhreacht anama an domhain freisin, mar atá aitheanta ag UNESCO. Creidimid go bhfuil an t-anam sin gonta de bharr mar a caitheadh leis an oileán san eachtra seo ar fad. Is é an tslí is fearr leis an ngoin sin a chneasú ná [a] d[h]eimhniú nach féidir lena leithéid tarlú arís’.

Tá na húdair tar éis impí ar an Taoiseach agus ar an Aire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh, barántas a thabhairt go gcosnófar láithreacha oidhreachta feasta ar bhealach oscailte, trédhearcach a léiríonn freagracht agus meas.

Fág freagra ar '‘Seachain Star Wars – is cuid d’oidhreacht anama an domhain í Sceilg Mhíchíl’'

  • John

    masla ar muin masla

  • Colmán

    Tá mise tinn tuirseach den rialtas seo. An bhfuil duine ar bith eile liom amhlaidh?

  • seán

    AIRGEAD an Dia atá acu, ní mheánn aon rud eile beag ná mór. ISIS na tíre seo is ea an rialtas seo maidir le cultúr. Féach an chamastaíl agus an chúbláil a bhíonn acu, chuirfidís scailp ar mhuic. Milleadh agus máchail orthu, go háirithe na tiarpairí sin i bPáirtí an Lucht Oibre a labhrann amach as dhá thaobh a mbéil.