Seachain, ní críoch na paindéime atá le feiceáil sna figiúirí is déanaí

Ní déarfadh duine stuama, ná rialtas stuama, áfach, go bhfuil an saol ar ais mar a bhí in 2019

Seachain, ní críoch na paindéime atá le feiceáil sna figiúirí is déanaí

Ní raibh aon súil ag Leo Varadkar ná ag Micheál Martin leis dhá bhliain ó shin gur sa chathair chéanna i bhfad ó bhaile a bheidís agus socruithe tábhachtacha a bhain le Covid-19 á bhfógairt acu ag amanna éagsúla.

Is le linn beochraoladh teilifíse ó Washington ar an 12 Márta 2020 a d’fhógair an Taoiseach Leo Varadkar dúnadh scoileanna agus srianta eile ar ghnáthshaol na tíre chun leathadh Covid-19 in Éirinn a mhoilliú.

Is in Washington freisin a thug an Taoiseach Micheál Martin le fios Dé Céadaoin go raibh toradh deimhneach faighte ar thástáil Covid agus gur ar líne a bheadh air labhairt leis an Uachtarán Biden an lá dár gcionn.

Ní i mBaile Átha Cliath ach in Washington a bheidh an Taoiseach Dé Domhnaigh agus é ag leithlisiú ar feadh seachtaine de réir rialacha sláinte na Stát Aontaithe. Beidh sé in easnamh agus searmanas á reáchtáil i gCearnóg Mhuirfean i gcuimhne na ndaoine a d’éag de bharr na paindéime  – 6,629 duine de réir an áirimh is deireanaí.

Tugadh le fios sa tuairisc chéanna ón Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (HPSC) go bhfuair 24 duine bás le Covid sa tseachtain dár gcríoch an 12 Márta, agus gurb é 85 a n-aois airmheánach.

Léiríonn an cuntas iomlán don dá bhliain ó shroich an phaindéim an stát difríocht shuntasach idir rátaí báis de réir contae. Is sa Chabhán a bhí an ráta báis is airde (138 duine san iomlán, nó 181.2 as gach 100,000). Bhí bearna mhór idir ráta an chontae sin agus an ráta báis i Sligeach (48 duine, nó 73.2 as gach 100,000).

Ní nach ionadh, is i mBaile Átha Cliath a fuair an líon daoine is mó (2,282, nó 169.4 duine as gach 100,000) bás leis an víreas, ach ar ndóigh ní tearc na cúiseanna nach féidir comparáid ghlan a dhéanamh idir an phríomhchathair agus contaetha eile.

Sin ráite, is fáth eile é an éagsúlacht seo go bhfuil gá le cíoradh agus iniúchadh eagraithe – nach fiosrú dlíthiúil é – chun ceachtanna a fhoghlaim ó chur chuige an stáit le linn ré na paindéime.

Ní hionann sin agus a rá go bhfuil deireadh ré sroichte fós. Go deimhin, tá méadú ar líon na gcásanna Covid-19 agus ar líon na n-othar a bhfuil cóir leighis in ospidéal de dhíth orthu á thuairisciú ó thús na míosa.

Tá an claonadh céanna soiléir sa Ríocht Aontaithe, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Iodáil agus i mórán tíortha eile, cé go bhfuil líon na gcásanna nua ag laghdú sna Stáit Aontaithe (de réir thuairiscí na hEagraíochta Domhanda Sláinte).

De réir a chéile, áfach, tá ag neartú ar an tuairim go bhfuil an tréimhse is contúirtí den phaindéim thart i dtíortha forbartha an domhain (a) a bhuí leis na vacsaíní agus (b) a bhuí le leathadh cineálacha níos laige den víreas.

Is í an chontúirt atá romhainn anois dáiríre an chontúirt a spreagann fógra an rialtais nach bhfuil rialacha sláinte poiblí (caitheamh mascanna ar bhusanna, mar shampla) ná srianta éigeantacha de chineál ar bith riachtanach níos mó.

Tá ár bhformhór cúramach agus aireach i gcónaí, ach tá an samhradh ag teacht agus gach seans ann go rachaidh líon na gcásanna nua i laghad arís le linn dea-aimsire.

Tabharfaidh tost an rialtais, nó caint bhog ar cháiréis ó am go ham, le fios do mhórán go bhfuil deireadh iomlán le ré an uafáis. Déarfaidh go leor daoine leo féin nach gá a bheith buartha faoin dochar a dhéanann an víreas, Covid fadmharthanach san áireamh.

Mura dtagann cineál contúirteach eile den víreas chun cinn, agus má chuirtear vacsaíní ar fáil i ngach cearn den domhan, ba chóir go mbeifí ábalta a rá sara fada go bhfuil deireadh leis an tréimhse is measa de ré na paindéime.

Ní déarfadh duine stuama, ná rialtas stuama, áfach, go bhfuil an saol ar ais mar a bhí in 2019.

Níl.

 

Fág freagra ar 'Seachain, ní críoch na paindéime atá le feiceáil sna figiúirí is déanaí'