Sé dhráma ar an stáitse le linn Oireachtas na Samhna

Tá drámaí idir shúgradh agus dáiríre le bheith ar siúl in Amharclann an Oireachtais in Óstán an Citywest an deireadh seachtaine seo

Noel Ó Gallchóír mar Sheosamh Mac Grianna sa seó aonair "Idir Dhá Cheann na hImní". Pictiúr le Seán Ó Mainnín
Noel Ó Gallchóír mar Sheosamh Mac Grianna sa seó aonair “Idir Dhá Cheann na hImní”. Pictiúr le Seán Ó Mainnín

Oireachtas na Samhna faoi lánseol in Óstán an Citywest taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath anois agus is iomaí ábhar atá ar fáil i mbliana don té ar spéis leis an drámaíocht. Beidh sé dhráma éagsúla ar an stáitse naoi n-uaire i gcaitheamh na féile agus tús curtha leis an sceideal drámaíochta aréir, nuair a léiríodh Séanadh, dráma nua-scríofa le Gearóid Mac Unfraidh.

Beidh an dráma céanna, ina bpléitear cur chuige an Rialtais maidir le comóradh an chéid, 1916, ar siúl arís anocht ag 7.00 in Amharclann an Oireachtais. Go gairid ina dhiaidh sin, ag 9.00, beidh an t-aisteoir Eoin Ó Dubhghaill ar an stáitse céanna agus na páirteanna ar fad á nglacadh aige sa dráma aon fhir Stiofán óg Dedalus, atá á stiúradh ag Proinn Ó Duigneáin. Bunaithe ar leabhar James Joyce, A Portrait of the Artist as a Young Man, atá an dráma.

Dúirt Ó Dubhghaill le tuairisc.ie go raibh sé ‘dúshlánach’ a bheith i mbun dráma aon fhir ach go n-éiríonn go maith leis an gcur chuige sa dráma seo.

“Ní dhearna mé riamh cheana é agus bhí dúshlánach ach thaitin sé go mór liom nuair a rinne muid i gCluainín é an tseachtain seo caite agus d’oibrigh sé go maith. Nuair atá go leor carachtair le déanamh agat, bíonn tú beagán measctha suas ach tá réidh anois don Oireachtas,” a dúirt sé.

Baineann an dráma leis an gcéad chuid den leabhar, nuair atá an príomhcharachtar ina ghasúr óg agus an deighilt a bhí ann ina theaghlach ar chás Pharnell. Luaigh Joyce cúpla amhrán sa scéal cé nár chuir sé na focail sa leabhar féin. Tá na hamhráin sin aimsithe ag Ó Duigneáin agus Gaeilge curtha aige orthu don dráma.

“Canaim na hamhráin ar an stáitse agus ní raibh a fhios againn an oibreodh sé sin ach an oiread ach oibríonn agus cuireann sé leis an dráma go mór. Dúradh liom i ndiaidh an léirithe i gCluainín go bhfuil ceann de na hamhráin seacht n-oiread níos fearr i nGaeilge ná mar atá i mBéarla,” a dúirt Ó Dubhghaill.

Beidh Idir Dhá Cheann na hImní le Noel Ó Gallchóir, atá bunaithe ar shaol agus ar shaothar Sheoasaimh Mhic Grianna, ar siúl Dé hAoine agus Dé Sathairn agus 9.00. Bhí an dráma seo ar siúl i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh agus i dTír Chonaill le linn na bliana.

Beidh Smidiríní, dráma grinn faoi shaol na Gaeilge a bhí ar an stáitse i mBaile Átha Cliath níos túisce i mbliana, á léiriú arís ag an gcompántacht ‘Mumbro Top’ oíche Dé Sathairn i ndiaidh gearrdráma nua grinn leis an gcompántacht chéanna, dar teideal Deirfiúr Jane Deifir.

Is é Gearóid Ó Cairealláin, scríbhneoir as Béal Feirste, a bheidh ar an stáitse idir dhá léiriú Mumbro Top lena dhráma The Wheelchair Monologue. Bunaithe are a dhialann féin atá an dráma, a léiríonn an t-athrú a tháinig ar shaol an fhir tar éis do stróic é a bhualadh.

sceideal na ndrámaí uilig le fáil i rannóg an Oireachtais ag Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Sé dhráma ar an stáitse le linn Oireachtas na Samhna'

  • Brian O Conchubhair

    An eol d’éinne an drámaí fada nó drámaí gearrtha iad seo, le bhur dtoil?