Scrúdú iarbháis á chur ar chorp oileánaigh a bádh go tragóideach in Árainn Mhór

Bhí Lee Early ina bhall de chriúnna an bháid farantóireachta agus an bháid tarrthála ar an oileán

Tá scrúdú iarbháis á chur in Ospidéal Leitir Ceanainn inniu ar choirp Lee Early, 26 bliain d’aois, as Oileán Árainn Mhór a bádh go tragóideach go luath maidin inné nuair a shleamhnaigh a charr de Ché Pholl an Mhadaidh ar an oileán.

Bhí aithne mhór ar an bhfear óg mar bhall de chriúnna bhád farantóireachta agus bád tarrthála an oileáin.

Tharla an timpiste thart ar 5am agus d’éirigh le fear eile a bhí sna tríochaidí snámh i dtír ón gcarr. Tháinig foireann an bháid tarrthála i gcabhair ar na fir sa timpiste ach fuair Lee Early bás ar an láthair.

Dúirt Owen Medland, duine d’fhoireann bainistíochta an RNLI sa cheantar gur uafásach an chailliúint don áit bás an fhir óig. “Cailliúint mhór a bheadh ann do phobal ar bith, ní áirím pobal beag oileáin,” a dúirt sé. Chuir sé a chomhbhrón in iúl do theaghlach Early, dá chomhghleacaithe ar chriú an bháid tarrthála agus do phobal an oileáin i gcoitinne.

Maireann athair Lee Early, Jimmy, atá ina cheann feadhna ar an bhád tarrthála, a mháthair Noreen, beirt deirfiúracha Rachel agus Laura agus deartháir amháin Adam.

Tá cúis na timpiste á fiosrú ag na Gardaí.

Fág freagra ar 'Scrúdú iarbháis á chur ar chorp oileánaigh a bádh go tragóideach in Árainn Mhór'