GAILEARAÍ: Scoil Samhraidh an Phiarsaigh i Ros Muc

GAILEARAÍ / Scoil Samhraidh an Phiarsaigh i Ros Muc

Sean Ó Mainnín

Tionóladh Scoil Samhraidh an Phiarsaigh in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc an tseachtain seo caite. Pléadh logainmneacha, cúrsaí gnó, banríon Alaska as Ros Muc, an saol in Éirinn tar éis Chonradh 1921 chomh maith le ceardlann suaimhneas intinne a bheith ar fáil. Pictiúir: Seán Ó Mainnín


GAILEARAÍ:  An mileoidean á cheiliúradh i Seanscoil Sailearna ag ‘Dá mBeadh Mileoidean agamsa’

GAILEARAÍ / An mileoidean á cheiliúradh i Seanscoil Sailearna ag 'Dá mBeadh Mileoidean agamsa'

Sean Ó Mainnín

An mileoidean, a spreag lucht freastail chuig an ócáid, 'Dá mBeadh Mileoidean Agamsa' i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, le linn na hOíche Cultúir le déanaí. Bhí máistrí na huirlise, Micheál Darby Ó Fátharta, Johnny Ó Connolly, Diarmuid Ó Meachair agus Brian McGrath ansin i measc ceoltóirí breátha óga. Ealaín na Gaeltachta a mhaoinigh an oíche. Pictiúir: Iain McDonald








GAILEARAÍ: Blaiseadh den saol fadó – mná Chonamara ag caitheamh seálta agus éadach a seanmhuintire ag comóradh an ‘Brig St John’

GAILEARAÍ / Blaiseadh den saol fadó - mná Chonamara ag caitheamh seálta agus éadach a seanmhuintire ag comóradh an 'Brig St John'

Sean Ó Mainnín

Ar bhóthrín na gcuimhní a shiúil roinnt ban an Satharn seo caite agus iad in éadach a seanmháithreacha thíos ag Caladh Ghólaim, Leitir Mealláin, Conamara, agus iad ag fanacht, mar a dheintí fadó, ar ghabháil éisc na bhfear. Comóradh a bhí in Ionad OIdhreachta Leitir Mealláin agus Gharumna ar an mbád 'An Brig St John' a cailleadh in 1849 agus paisinéirí ó Chonamara agus tuaisceart an Chláir ar bord agus iad ag teitheadh ó anachain an drochshaoil. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc