Bheadh Sinn Féin sa rialtas “is láidre” ó thaobh “tacú le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta riamh” dá mbeadh an páirtí i gcumhacht i ndiaidh an chéad olltoghcháin eile.
Sin a deirtear i bhforógra an pháirtí, a sheol Mary Lou McDonald inné, agus gealltanais go leor déanta ag Sinn Féin maidir le cúrsaí teanga agus Gaeltachta.
Deirtear gurb í athbheochan na Gaeilge agus úsáid na teanga a spreagadh ar fud na tíre agus go háirithe sa nGaeltacht, an phríomhthosaíocht i bpolasaí cultúrtha Shinn Féin.
Tá aire sinsearach a mbeadh cúram na Gaeltachta air nó uirthi agus a mbeadh Gaeilge líofa aige nó aici, ar cheann de na gealltanais atá déanta in A Choice for Change. Sinn Féin an t-aon pháirtí a bhfuil a leithéid de bheart geallta acu. Ó 2011, tarmlighte le haire stáit atá cúram na Gaeltachta ag gach rialtas.
Deirtear i mBéarla sa bhforógra “seachas an amaidí a bhí againn le blianta beaga anuas nuair a ceapadh Aire na Gaeilge arbh éigean dó Gaeilge a fhoghlaim sa phost, bheadh Aire de chuid Shinn Féin fréamhaithe i bpobal na teanga, Aire a thuigfeadh méid na bhfadhbanna ón gcéad lá agus a bheadh ullamh le plean lena réiteach”.
Chomh maith le haire sinsearach don Ghaeltacht, deir Sinn Féin go gceapfaí aire stáit sa Roinn Oideachais a bheadh freagrach as polasaithe gaeloideachais an pháirtí a chur i bhfeidhm. I measc na spriocanna atá luaite ag Sinn Féin sa gcáipéis a foilsíodh ar maidin, tá méadú suntasach ar líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Ghaeilge, agus breis Gaelscoileanna in Éirinn agus thar sáile.
Tugann Sinn Féin tacaíocht d’éileamh Chonradh na Gaeilge go dtabharfaí isteach polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa gcóras oideachais agus tá ráite ag an bpáirtí go dtabharfadh siad níos mó tacaíochta do chúrsaí teanga ná mar atá á éileamh i bplean infheistíochta an Chonartha, An Plean Fáis 2024-2029.
Deir Sinn Féin go gcuirfeadh siad deireadh leis na ciorruithe ollmhóra a rinneadh ar bhuiséad an stáit don Ghaeilge agus go gcuirfí breis is €50 milliún d’airgead reatha agus €75 milliún d’airgead caipitil ar fáil do chúrsaí teanga thar thréimhse cúig bliana.
Bheadh maoiniú breise do Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta san áireamh san airgead sin agus é beartaithe cultúrlanna agus ceantair Ghaeilge a bhunú i mbailte agus cathracha ar fud na hÉireann, tacaíocht bhreise a thabhairt don phróiseas pleanála teanga agus airgead breise d’fhoilsitheoireacht agus d’iriseoireacht na Gaeilge, cúrsaí iriseoireachta i nGaeilge ag an tríú leibhéal san áireamh.
Thabharfadh Sinn Féin stádas sa dlí don síneadh fada agus thabharfaí aitheantas don cheart atá ag daoine an leagan ceart Gaeilge dá n-ainm agus dá seoladh a úsáid nuair a bhíonn siad ag plé leis an stát nó le bancanna, aerlínte agus a leithéidí.
Luaitear roinnt beartas eile sa bhforógra ar mhaithe le “normalú” a dhéanamh ar an nGaeilge i measc an phobail. Ar na beartais sin, tá pacáistíocht dhátheangach, brandáil i nGaeilge amháin ag comhlachtaí stáit agus logainmneacha Gaeilge amháin ar chomharthaí bóthair.
Sa nGaeltacht thabharfaí isteach cairt dlí don Ghaeilge ar mhúnla Québec, chun ceart a teanga agus seirbhísí Gaeilge a chinntiú don phobal. Thabharfadh Sinn Féin ar ais Scéim Labhairt na Gaeilge chomh maith , a deir siad, agus d’íocfaí €500 in aghaidh na bliana le teaghlach as chuile ghasúr a bheadh á dtógáil le Gaeilge. Deir Sinn Féin go gcosnódh an scéim sin €2.1 milliún sa mbliain.
Tá Sinn Féin ag iarraidh toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais ach tá siad ag iarraidh gur tofa a bheadh baill an bhoird ar fad agus nach mbeadh an rialtas ag ceapadh méid áirithe comhaltaí. Thabharfadh Sinn Féin cumhachtaí breise don Údarás, a deirtear, chun go bhfédafadh tionchar a bheith acu ar pholasaithe stáit a mbíonn tionchar acu ar an nGaeltacht.
Ó thaobh maoinithe di, gealltar €38 milliún breise don Údarás in airgead reatha agus €24 milliún in airgead caipitil.
Maidir le cúrsaí tithíochta, deir Sinn Féin go dtógfaidís 125,000 teach nua ar fud na hÉireann faoi 2029 dá mbeadh an páirtí i gcumhacht agus tá roinnt mhaith beartas á moladh acu a bhaineann go sonrach le cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht.
D’fhoilseofaí treoirlínte pleanála leasaithe don Ghaeltacht, chomh maith le scéim deontais tithíochta dóibh siúd atá ag obair nó ina gcónaí sa nGaeltacht. Thabharfaí isteach Plean Tithíochta agus Daonra ar leith do gach ceantar Gaeltachta.
Deir Sinn Féin freisin go mbeadh díol an dara teach i gceantair Ghaeltachta saor ón dleacht stampála chomh fada is go ndíolfaí an teach le cainteoirí Gaeilge, le daoine a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht nó le Comhlacht Ceadaithe Tithíochta, amhail Údarás na Gaeltachta, dá dtabharfaí an t-aitheantas sin don eagraíocht, leis an teach a thabhairt ar cíos do Ghaeilgeoirí.
Tá cuid mhaith beart i dtaobh an Ghaeloideachais luaite i bhforógra Shinn Féin chomh maith agus an páirtí ag iarraidh an chaoi a múintear an teanga sna scoileanna a “athrú ó bhonn”.
Deirtear go bhfuil “athrú cultúir” i dtaobh mhúineadh na Gaeilge agus an Ghaeloideachais ag teastáil sa Roinn Oideachais agus go mbeadh sé mar thosaíocht ag rialtas de chuid Shinn Féin, ní hamháin deireadh a chur leis an meath atá tagtha ar líon na ndaltaí a fhaigheann a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge ach an figiúr sin a mhéadú.
Faoi láthair, ní fhreastalaíonn ach thart ar 6% de dhaltaí bunscoile lasmuigh den Ghaeltacht ar Ghaelscoil. Deir Sinn Féin go bhfuil siad ag iarraidh an figiúr sin a dhúbailt laistigh de dheich mbliana agus gur 25% a bheadh i gceist faoi 2045.
Ag leibhéal na hiarbhunscoile, táthar ag iarraidh an céatadán a fhreastalaíonn ar Ghaelcholáistí a mhéadú ó 3% go dtí 6% laistigh de dheich mbliana agus go mbunófaí gaelcholáiste i ngach ceann den 11 contae nach bhfuil ceann ann i láthair na huaire.
Deir Sinn Féin go gcuirfí €7.1 milliún d’airgead reatha agus €5.6 milliún d’airgead caipitil breise ar fáil d’earnáil an oideachais lán-Ghaeilge.
I measc na mbeartas eile don Ghaeloideachas atá luaite ag Sinn Féin, táathbhunú an liúntais do mhúinteoirí Gaeilge agus Gaeltachta agus cúrsa an bhonnleibhéil agus an scrúdú cainte sa nGaeilge ag an tSraith Shóisearach a thabhairt ar ais. Maítear go gcuirfí deireadh le córas na ndíolúintí agus cur chuige nua a thabhairt isteach agus go gcuirfí cur le líon múinteoirí atá in ann teagasc trí Ghaeilge.
Tá Sinn Féin ag moladh freisin pacáiste €2.85 milliún a thabhairt d’earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge chun tuilleadh scoláireachtaí a chur ar fáil.
Ag an tríú leibhéal, tá an páirtí ag iarraidh cur le líon na gcúrsaí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge agus scrúdú a dhéanamh ar ollscoil lán-Ghaeilge a bhunú sa nGaeltacht.
I gcúrsaí dlí agus cirt, deirtear go gcinnteofaí go mbeadh dóthain Gardaí le Gaeilge lonnaithe i stáisiúin Ghaeltachta, cé nach luaitear cén chaoi a mbainfí an sprioc sin amach seachas deiseanna breise traenála a chur ar fáil.
Deirtear freisin go n-oibreofaí le Dlí-Chumann na hÉireann agus Óstaí an Rí chun breis dlíodóirí agus abhcóidí a bheadh in ann a ngnó a dhéanamh i nGaeilge a chur ar fáil. Bheadh inniúlacht sa nGaeilge ag teastáil freisin do phostanna sinsearacha breithiúna, ceapacháin chun na Cúirte Uachtaraí ina measc.
Tá cúram leanaí ar €10 sa lá i measc na bpríomhbheartas eile atá luaite i bhforógra Shinn Féin, chomh maith le deireadh a chur leis an gcáin mhaoine áitiúil agus leis an Muirear Sóisialta Uilíoch (USC) ar dhaoine a shaothraíonn níos lú ná €45,000 sa mbliain. Tá plean d’Éirinn Aontaithe geallta ag Sinn Féin freisin, chomh maith le mionbhuiséad tar éis 100 lá.
Fág freagra ar 'Aire sinsearach don Ghaeltacht agus aire stáit don ghaeloideachas i measc ghealltanais toghcháin Shinn Féin'