Buailfidh Stoirm Bert talamh in Éirinn ag an deireadh seachtaine

Deir na meitéareolaithe náisiúnta go dtabharfaidh Bert gaoth fhíorláidir anoir aneas go aneas chugainn chomh maith le díle bháistí

Buailfidh Stoirm Bert talamh in Éirinn ag an deireadh seachtaine

Tá sé deimhnithe ag lucht na haimsire go mbuailfidh Stoirm Bert talamh in Éirinn ag an deireadh seachtaine agus tá rabhadh buí gaoithe agus báistí eisithe ag Met Éireann don tír ar fad óna 10.00pm anocht go dtí meán lae amárach.

Deir na meitéareolaithe náisiúnta go dtabharfaidh Bert gaoth fhíorláidir anoir aneas go aneas chugainn chomh maith le díle bháistí.

Beidh contúirt ar bhóithre de bharr fuarlaigh a bheith in áiteanna, crainnte leagtha agus smionagar ag fuadach, rud a chuirfidh as don trácht.

Tá an rabhadh buí faoin teocht íseal agus baol seaca fós i bhfeidhm ar fud na tíre agus beidh go dtí meán lae inniu. Is í an Stoirm Bert, a d’ainmnigh Met Éireann inné, an dara stoirm an geimhreadh seo.

Scaipfidh Bert an t-aermhais fhuar Artach atá againn faoi láthair, an fuacht feannaideach a d’fhág sneachta agus sioc i gcuid mhaith d’Éirinn le ceithre huaire fichead agus an rabhadh seaca agus sneachta i bhfeidhm.

Sa taobh thiar den tír is measa a bhí sneachta an lae inné agus d’éirigh leis an taobh thoir agus an t-oirdheisceart an chuid is measa den drochaimsir a sheachaint.

Tá Met Éireann ag tuar go mbeidh sé an-fhliuch agus an-ghaofar anocht agus gur chóir dúinn a bheith ag súil le tuilleadh ráigeanna den bháisteach throm agus an ghaoth mhór i rith an deireadh seachtaine seo.

Thit sneachta i gcúige Mumhan agus in iarthar na tír arú aréir agus is iomaí sin áit ar tuairiscíodh contúirt a bheith ar bhóithre.

Cuireadh as don chóras iompar poiblí agus don chóras aibhléise i gcuid mhaith áiteanna san iarthar, i lár tíre agus san iardheisceart ar feadh an lae inné.

Ní mór d’aon duine a bheidh ar bóthar san oíche amárach a bheith an-chúramach mar d’fhéadfadh flichshneachta a bheith in áiteanna agus an léargas go dona.

Fliuch gaofar atá an lá amárach, an Satharn, á thuar, agus fágfaidh an duartan a bheith forleathan go mbeidh fuarlaigh in áiteanna.

A bhuíochas do Bhert agus an ghaoth a bheith ó dheas, má bhíonn sé fliuch fhéin amárach beidh biseach ar an teocht agus d’fhéadfadh suas le 12-15 céim Celsius a bheith againn i rith an lae agus idir 8 go 10 gcéim san oíche.

Gála is gaoth láidir aniar aneas atá á ghealladh dúinn ar an Domhnach agus dá bharr bíodh na contaetha ar chósta an Atlantaigh faoi réir le haghaidh ráigeanna troma báistí scaití.

Beidh sé ina lá tirim le tréimhsí gréine i gcuid mhaith áiteanna amárach agus is leis an gcósta thiar is mó a bheidh na ceathanna troma.

Beidh an teocht is airde ar an Domhnach idir 11 agus 14 céim le solas an lae agus idir 5 agus 8 gcéim san oíche.

Beidh sé an-ghaofar oíche Dé Domhnaigh agus cé go mbeidh tréimhsí glana ann beidh ceathanna troma báistí fairsing.

Fág freagra ar 'Buailfidh Stoirm Bert talamh in Éirinn ag an deireadh seachtaine'

  • Carraig

    ‘Duartan’…(báistí) agus/nó sneachta. Focal an-úsáideach ar an aimsir seo!