Líon na Suíochán: 4
B’údar díomá do mhuintir an Chláir gur shocraigh an Coimisiún Toghcháin an contae a fhágáil le 4 shuíochán sa toghchán seo, in ainneoin an t-ardú suntasach a tháinig ar an daonra ansin ó 2016. Tuigtear dom gurb é seo an dáilcheantar is mó daonra in aghaidh Teachta Dála sa tír. An Clár ar fad atá ann. Tá scór iarrthóirí san iomaíocht do na ceithre shuíochán, ina measc beirt de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Cathal Crowe (FF) agus Violet-Anne Wynne (Nspl). Toghadh Violet-Anne Wynne (Nspl) ag seasamh do Shinn Féin in 2020 ach idir an dá linn d’fhág sí Sinn Féin mar gheall ar aighneas a bhí aici go háitiúil leis an bpáirtí. Toghadh Joe Carey (FG) in 2020 agus cé gur fear óg é i gcónaí tá sé ag éirí as de bharr a shláinte. Tá a dheirfiúr Leonora ag seasamh d’Fhine Gael. Toghadh Michael McNamara (Nspl) mar Fheisire Eorpach níos túisce i mbliana.
Cé gur éirigh le hiarrthóirí Fhianna Fáil 34% den vóta i gCo an Chláir a fháil in 2020, níor toghadh ach iarrthóir amháin, Cathal Crowe (FF), a bhí ag seasamh den chéad uair. Ní raibh ach 715 vóta idir Timmy Dooley (FF) agus Joe Carey (FG) don suíochán deireanach. Tá seans maith ag an Seanadóir Timmy Dooley (FF) an suíochán a bhuachaint ar ais. Chomh maith le Cathal Crowe (FF) agus an Seanadóir Timmy Dooley (FF) tá an Comhairleoir Rita McInerney (FF) san iomaíocht: sna toghcháin áítiúla bhí sí ar bharr a chomhairimh i dtoghcheantar Chill Rois agus 1,340 vóta aici.
An Comhairleoir Donna McGettigan (SF) atá san iomaíocht do Shinn Féin. Bhí 1,141 vóta aici sna toghcháin áitiúla i dtoghcheantar na Sionainne. Tríd is tríd ní dhearna iarrthóirí Shinn Féin rómhaith sna toghcháin áitiúla: 7% de na vótaí a fuair siad sa gcontae ar fad. Le tacaíocht chomh híseal sin is beag seans atá ann go n-éireoidh leis an gComhairleoir Donna McGettigan (SF) suíochán Violet-Anne Wynne (Nspl) a fháil ar ais do Shinn Féin. Maidir le Wynne (Nspl) féin, a toghadh in 2020 i ngeansaí Shinn Féin, níl ach caolseans ann go mbeidh sí san iomaíocht ag an deireadh. Má chuirtear as an áireamh í d’fhéadfadh roinnt a cuid vótaí a bheith cinniúnach lena shocrú cé aige a bheas an dá shuíochán deireanach.
Níor cheart go mbeadh aon stró ar Fhine Gael an suíochán a choinneáil, sé sin má aistríonn na vótaí idir an bheirt iarrthóirí: An Comhairleoir Joe Cooney (FG) agus Leonora Carey (FG), deartháir le Joe Carey (FG) atá ag éirí as agus iníon le Donal Carey, iarTheachta Dála. Bhí 29% den vóta ag iarrthóirí Fhine Gael sna toghcháin áitiúla. Bhí an Comhairleoir Joe Cooney (FG) ar bharr an chomhairimh le 2,819 i dtoghcheantar Chill Dalua.
Rinne an Seanadóir Róisín Garvey (CG) an-mhaith san olltoghchán cúig bliana ó shin: fuair sí 5,624 vóta. Dá mbeadh cúpla céad vóta eile aici an babhta seo d’fhéadfadh sí a bheith san iomaíocht ag an deireadh. Nuair a cuireadh as an áireamh í in 2020, d’aistrigh 2,092 dá cuid vótaí chuig Michael McNamara (Nspl). Bean thíriúil í as iarthar an Chláir agus cainteoir maith a thugann dúshlán na ndaoine a deir nach dtuigeann na Glasaigh fadhbanna na tuaithe.
Tá Gaeilge mhaith aici. Mar Leascheannaire ar an gComhaontas Glas, bíonn sí le cloisteáil réasúnta minic ar na meáin Ghaeilge chomh maith leis na meáin Bhéarla. Seans maith go mbeidh sí san iomaíocht don cheathrú suíochán. Ní dóigh liom go bhfuil aon dáilcheantar eile sa tír seachas an Clár ina bhféadfadh an Comhaontas Glas a bheith ag súil le suíochán, nach raibh acu cheana, a bhuachan. Gheobhaidh sí vótaí aistrithe ó Chaitríona Ní Chatháin (PS); Barry O’Donovan (Rabharta) agus Hilary Tonge (DS) len í a choinneáil sa rás. Má tá sí chun tosaigh ar an gComhairleoir Donna McGettigan (SF) agus ar Violet-Anne Wynne (Nspl), d’fhéadfadh sí an beart a dhéanamh.
Ní féidir Eddie Punch (Ind Ire) a chur as an áireamh. Is iarrthóir láidir é atá ag brú na gcnaipí cearta do roinnt mhaith daoine, go speisialta d’fheilméaraí agus daoine faoin tuath. Beidh vóta ard aige agus dá bpiocfadh sé suas a dhóthain vótaí len é a choinneáil sa rás, d’fhéadfadh sé a bheith san iomaíocht ag an deireadh. Beidh vótaí aistrithe le fáil aige ó June Dillon (Aon); Michael Loughrey (IP) agus ó Michael Leahy (IFP) agus ó iarrthóirí neamhspleácha.
Tá June Dillon (Aon) ag seasamh d’Aontú; tá Barry O’Donovan (Rabh) ag seasamh do Rabharta agus tá Caitríona Ní Chatháin (PS) ag seasamh don Pháirtí Sóisialach.
Chomh maith le Violet-Anne Wynne (Nspl) tá roinnt iarrthóirí neamhspleácha eile san iomaíocht: Kevin Hassett (Nspl); Amanda Major (Nspl); Matthew Moroney (Nspl) agus Paddy Murphy (Nspl). Ar an eite dheis tá Michael Loughrey (IP) ag seasamh don páirtí Irish People agus Michael Leahy (IFP) don Irish Freedom Party.
Tuar Tuairisc: FF 2; FG 1; CG 1.
Líon na Suíochán: 4
Tá an chuid sin de Thiobraid Árann a bhí sa dáilcheantar seo curtha ar ais i dTiobraid Árann Thuaidh, mar a bhfuil thart ar 3,000 vóta. Seachtar déag (17) atá san iomaíocht do na ceithre shuíochán atá le líonadh, ina measc an ceathrar a toghadh in 2020: Willie O’Dea (FF); Kieran O’Donnell (FG); Maurice Quinlivan (SF) agus Brian Leddin (CG).
Bhí Maurice Quinlivan (SF) ar bharr an chomhairimh in 2020 le 11,006, agus farasbarr de bheagnach 1,800 vóta aige. Fuair an Comhairleoir Frankie Daly (Nspl) 29% den fharasbarr a bhí ag Quinlivan (SF), 525 vóta. An uair seo tá an dara hiarrthóir ag Sinn Féin, an Seanadóir Paul Gavan (SF), a sheas i dtoghchán Pharlaimint na nEorpa mí Meitheamh seo caite. Glacaim leis go mbeidh Quinlivan (SF) i bhfad chun tosaigh ar Gavan (SF) agus gur le vótaí aistrithe Gavan (SF) a thoghfar Maurice Quinlivan (SF).
Tá an seanfhondóir Willie O’Dea (FF) san iomaíocht aríst. Toghadh é den chéad uair i 1982 agus níor chaill sé toghchán fós, agus ní móide go gcaillfidh sé an ceann seo ach an oiread. In 2020 bhain Maurice Quinlivan (SF) de an áit ar bharr an chomhairimh agus bhí air fanacht ar vótaí ó fharasbarr Quinlivan (SF) leis an gcuóta a bhaint amach. An uair seo tá Dee Ryan (FF) ag roinnt an ticéid leis, iarrthóir a sheas d’Fhianna Fáil sa toghchán do Mhéara Luimnigh, agus a tháinig sa tríú háit le 11,785 vóta, go maith chun cinn ar Maurice Quinlivan (SF) a fuair 8,331 vóta. D’fhéadfadh sí a bheith san iomaíocht go dtí an deireadh.
Tá beirt iarrthóirí ag Fine Gael chomh maith: an t-aire stáit Kieran O’Donnell (FG) agus an Seanadóir Marie Byrne (FG). Nia leis an iarAire Gaeltachta, Tom O’Donnell, is ea Kieran O’Donnell (FG). Fine Gael an páirtí is mó a fuair vótaí sna toghcháin áitiúla i gcathair Luimnigh: 29% i gcomparáid le 19% ag Fianna Fáil, 11% don Lucht Oibre agus 10% do Shinn Féin. Dá mbeadh an leibhéal céanna tacaíochta roinnte go cothrom idir an bheirt iarrthóirí atá ag Fine Gael, d’fhéadfadh go mbeadh seans ag an bpáirtí dhá shuíochán a fháil.
Beidh brú mór ar An Comhaontas Glas an suíochán a fuair Brian Leddin (CG) in 2020 a choinneáil. Ní bhfuair sé ach 3,252 vóta in 2020. Beidh an t-ádh air an líon céanna vótaí a fháil an uair seo. Aistriú 2,351 vóta ón Lucht Oibre a chinntigh an suíochán dhó. An uair seo shamhlóinn go mbeidh iarrthóir an Lucht Oibre, an Comhairleoir Conor Sheehan (LO) chun tosaigh ar Leddin (CG) agus dá bhfaigheadh iarrthóir an Lucht Oibre riar maith vótaí aistrithe ón gComhaontas Glas go mbeadh seans ag Sheehan (LO) suíochán a fháil. Is féidir le Sheehan (LO) a bheith ag súil le cual maith vótaí aistrithe ó iarrthóirí eile ar an eite chlé, go speisialta ón gComhairleoir Elisa O’Donovan (DS) ó na Daonlathaithe Sóisialta agus ó Ruairí Fahy (PsB) ó Phobal seachas Brabús.
Tá Melanie Sheehan Cleary (Nspl) ag seasamh le haird a tharraingt ar na fadhbanna leanúnacha in Ospidéal Luimnigh. Seans maith go n-éireoidh léi vóta ard a bhailiú agus d’fhéadfadh sí suíochán a thógáil má bhíonn sí chun cinn ar Conor Sheehan (LO). San iomaíocht le seans ar an gceathrú suíochán chomh maith tá an t-iarrthóir neamhspleách an Comhairleoir Frankie Daly (Nspl). Fuair sé 3,200 vóta in 2020 agus bhí sé san iomaíocht go dtí an comhaireamh deiridh. Sna toghcháin áitiúla bhí Daly (Nspl) ar bharr an chomhairimh i Luimneach Thuaidh le 1,553 vóta. Sheas sé i dtoghchán an Mhéara agus fuair sé 4,574 vóta. Is féidir leis a bheith ag súil le vótaí aistrithe go leor ó gach taobh.
Tá an Comhairleoir Sarah Beasley (Aon) ag seasamh d’Aontú agus an Comhairleoir Elisa O’Donovan (DS) ag seasamh do na Daonlathaithe Sóisialta. Tá Ruairí Fahy (PsB) ag seasamh don pháirtí ar chlé, Pobal Seachas Brabús. Fuair Ronan Cleary (Aon) 1,153 vóta in 2020. Chomh maith leis an gComhairleoir Frankie Daly (Nspl) tá roinnt iarrthóirí neamhspleácha eile san iomaíocht: Michelle Hayes (Nspl); Lillis Dean (Nspl) agus Melanie Sheehan Cleary (Nspl) atá ag seasamh mar gheall ar na fadhbanna leis an gcóras ospidéal sa gceantar. Tá Esther Aherne (Ind Ire) ag seasamh do Independent Ireland. Ar an eite dheis tá Dean Quinn (IP) ag seasamh don pháirtí Irish People.
D’fhéadfadh sé tarlú gur idir an Comhairleoir Frankie Daly (Nspl), an Comhairleoir Conor Sheehan (LO) agus Melanie Sheehan Cleary (Nspl) a bheas an ceathrú suíochán sa Dáilcheantar seo agus go n-aistreodh an bheirt iarrthóirí neamhspleácha vótaí chuig a chéile le fear an Lucht Oibre a fhágáil folamh.
Tuar Tuairisc: FF 1; FG 1; SF 1; Nspl 1.
Líon na Suíochán: 3
Níl aon athrú déanta ar an Dáilcheantar seo. Cé nach bhfuil ach trí shuíochán le líonadh, tá cúigear déag (15) iarrthóirí ar fad ar an bpáipéar ballóide. San iomaíocht arís tá an triúr Teachtaí Dála a toghadh in 2020: an tAire Stáit Patrick O’Donovan (FG), Niall Collins (FF) agus Richard Donoghue (Ind Ire).
Is beag nár thóg Séighin Ó Ceallaigh (SF) suíochán in 2020. Vótaí aistrithe Tom Neville (FG) agus farasbarr Patrick O’Donovan (FG) a chuir an t-iarrthóir neamhspleách Richard O’Donoghue chun tosaigh ar an gcúigiú comhaireamh. Ní raibh idir O’Donoghue agus Ó Ceallaigh ach 365 vóta sa deireadh.
Ó shin i leith bhí Richard O’Donoghue (Ind Ire) ina bhunaitheoir ar an bpáirtí Independent Ireland, páirtí nua atá ag iarraidh a bheith i rialtas mar ghrúpa agus a chuireann i leith Fhianna Fáil agus Fine Gael gur géilleadh an iomarca don Chomhaontas Glas sa rialtas reatha. As Iarthar Luimnigh dhó agus bhíodh sé le Fianna Fáil sular sheas sé mar iarrthóir neamhspleách. Tá an buntáiste aige sa toghchán seo go bhfuil aithne air anois agus tréimhse amháin caite aige sa Dáil.
Níl mórán de dhifríocht idir an tacaíocht atá ag Fianna Fáil agus Fine Gael sa Dáilcheantar: fuair Fine Gael 33% den vóta in 2020 i gcomparáid le 30% d’Fhianna Fáil, agus Sinn Féin ar 15%. Má bhíonn méadú beag ar vótaí Fhine Gael agus dmá roinntear an vóta réasúnta cothrom idir an tAire Stáit Patrick O’Donovan (FF) agus an Comhairleoir Noreen Stokes (FG), d’fhéadfadh go mbeadh Fine Gael san iomaíocht le dhá shuíochán a bhaint as na trí cinn. Bhí 1,442 vóta ag an gComhairleoir Stokes (FG) sna toghcháin áitiúla i dtoghcheantar na Ceapaí Móire.
Is cinnte go mbeidh suíochán amháin ag Fianna Fáil agus gur ag Niall Collins (FF) ó Thobar Phádraig a bheas sé. Ag seasamh in éindí leis tá an Comhairleoir Bridie Collins (FF), a fuair 1,514 vóta sna toghcháin áitiúla i dtoghcheantar Ráth Caola sa Mheitheamh seo caite.
Bhí 6,916 vóta ag Séighin Ó Ceallaigh (SF) tráth a raibh an ghaoth i seolta Shinn Féin agus is beag nár thóg sé suíochán. Níl cóir na gaoithe ag Sinn Féin an babhta seo agus tá iarrthóir nua ag seasamh: Joanne Collins (SF). Níor éirigh léi suíochán a thógáil sna toghcháin áitiúla mí Meitheamh seo caite: fuair sí 801 vóta i dtoghcheantar Ráth Caola. Is beag seans atá aici. An cheist ná cá rachaidh vótaí Sinn Féin ó 2020? Is mó luí a bhíonn ag vótóirí Shinn Féin le FF ná le FG.
Tá an chma ar an scéal go mbeidh coimhlint ghéar don tríú suíochán idir Richard O’Donoghue (Ind Ire); an Comhairleoir Bridie Collins (FF) agus an Comhairleoir Noreen Stokes (FG).
Rob O’Donnell (CG) atá san iomaíocht don Chomhaontas Glas. Fuair sé 543 vóta sna toghcháin áitiúla. Tá Michael Ryan (Aon) ag seasamh d’Aontú: fuair sé 673 vóta sna toghcháin áitiúla. Tá Laura Fahy (PsB) ag seasamh don pháirtí ar chlé, Pobal seachas Brabús. Tá roinnt iarrthóirí neamhspleácha san iomaíocht: Jim Barrett (Nspl); Richie Crehan (Nspl); April Sheehan Corkery (Nspl) agus tá Gerben Uunk ag seasamh don Party for Animal Welfare. Fuair sí 112 vóta sna toghcháin áitiúla. Ar an eite dheis tá Lorraine O’Sullivan (NA) ag seasamh don National Alliance.
Tuar Tuairisc: FF 1; FG 1; Ind Ire 1.
Fág freagra ar 'Fianna Fáil sa tóir ar an dara suíochán i gcontae an Chláir, na Glasaigh faoi bhrú i gcathair Luimnigh'