An bhfuil do vóta ag déanamh imní ar bith duit?

Le deich mbliana fichead anuas tápolaitíocht an Stáit seo éirithe athraitheach agus míshocair

An bhfuil do vóta ag déanamh imní ar bith duit?

An bhfuil dintinn déanta suas agat? Tá go dtí seachtain ón lá inniu agat le do mhachnamh a dhéanamh. An bhfuil sé ag déanamh imní ar bith duit? Tá tú plúchta bodhraithe sáraithe ag polaiteoirí le coicís anois. An bhfuil tadacloiste agat a spreag tacaíocht, comhbhá nó cion daon iarrthóir ar leith?

Tá lucht straitéise agus cumarsáide ar a mile dícheall sna laethanta deireanacha seo leis na daoine nach bhfuil a  n-intinn déanta suas go fóill acu a mhealladh le tacú leo san olltoghchán. Deir lucht acadúil agus anailíse a bhíonn ag plé leis na cúrsaí seo nach mbíonn ach sciar an-bheag díobh siúd a chaitheann vóta nach mbíonn a n-intinn déanta suas acu tamall maith roimh ré. Is orthu sin anois atá an feachtas dírithe – daoine nach gcaitheann vóta, daoine nach bhfuil aon dílseacht acu do pháirtí ar leith agus daoine a athraíonn an vóta a thugann siad bunaithe ar an méid a chloiseann siad le linn na seachtaine deiridh den fheachtas.

Anseo in Éirinn, bhí tráth ann nach mbainfeadh an cheist thuas le hábhar mar go raibh vótaí an phobail dílis do pháirtithe Fhianna Fáil agus Fhine Gael agus uaireanta Páirtí an Lucht Oibre nó mionpháirtí éigin eile. Bhí sin fíor ar feadh an chuid is mó den fichiú haois tar éis bhunú an Stáit agus bhíodh go hard os cionn leath an vóta acusan.

Tá sin athraithe anois le deich mbliana fichead anuas agus tá polaitíocht an Stáit seo athraitheach agus míshocair. Tá sna déaga de pháirtithe agus grúpaí polaitiúla gníomhach sa bpolaitíocht anois agus iad ar fad ag iarraidh an pobal a ghríosú le vótáil dóibh féin.

Beidh na laethanta seo romhainn cinniúnach. Tá an cúigiú cuid den phobal a deir go bhfuil sé i gceist acu vótáil diarrthóirí neamhspleácha an tseachtain seo chugainn ach is minic de réir mar a bhíonn an lá féin ag teannadh le daoine go dtéann siad i dtreo páirtithe. Is iad Fine Gael, ar ndóigh, an páirtí is mó a bhfuil tacaíocht acu faoi láthair ach táan chuma ar chúrsaí le seachtain nó dhó go bhfuil preab Harris lagtha agus go bhfuil an titim i dtacaíocht Shinn Féin moillithe freisin. Pé vóta gur féidir leo a tharraingt ina dtreo beidh na páirtithe ag díriú orthu.

Agus díreoidh na hiarrthóirí ar na ceisteanna is tábhachtaí dóibhsean. I ndeireadh an lae is sa tseachtain deiridh a dhéanann sciar suntasach den phobal an cinneadh faoi cé dó a dtabharfaidh siad Uimhir a hAon. Go minic freisin, is bunaithe ar cheisteanna logánta a bheidh an cinneadh deiridh bunaithe. Obair go leor roimh na hiarrthóirí, mar sin, má tá dea-scéala le bheith acu maidin Sathairn seo chugainn.

Fág freagra ar 'An bhfuil do vóta ag déanamh imní ar bith duit?'