Daltaí ó ghaelcholáiste i mBaile Átha Cliath chun siúl amach as an scoil mar agóid faoin drochbhail ar sheomraí ranga

Fágfaidh na céadta dalta i nGaelcholáiste Reachrann i nDomhnach Míde a gcuid ranganna tráthnóna chun aird a tharraingt ar chás na scoile agus iad ag éileamh foirgnimh nua

Daltaí ó ghaelcholáiste i mBaile Átha Cliath chun siúl amach as an scoil mar agóid faoin drochbhail ar sheomraí ranga

Tá daltaí i nGaelcholáiste i mBaile Átha Cliath le siúl amach as a seomraí ranga inniu mar agóid in aghaidh an droch-chaoi atá ar fhoirgnimh na scoile.

Fágfaidh na céadta dalta i nGaelcholáiste Reachrann i nDomhnach Míde a gcuid ranganna tráthnóna chun aird a tharraingt ar chás na scoile agus iad ag éileamh foirgneamh nua a gealladh roinnt mhaith blianta ó shin.

Tugadh cead pleanála in 2017 chun foirgneamh scoile nua a thógáil ach níl aon dul chun cinn déanta ó shin agus formhór na ranganna á múineadh i bhfoirgnimh réamhdhéanta.

Deirtear go bhfágann an drochbhail atá ar na foirgnimh sin nach féidir iad a théamh i gceart agus nach mór do dhaltaí agus múinteoirí cótaí móra a chaitheamh sa seomra ranga an chuid is mó den bhliain.

“Bhí triúr airí oideachais anseo thar na blianta agus bhí scoil bhuan geallta dúinn ach fós táimid ag fanacht,” a dúirt príomhoide na scoile, Eimer Nic an Rí, le Nuacht TG4.Tá muid ag impí ar an Roinn Oideachais an tionscnamh seo a chur i gcrích agus an scoil a thabhairt dúinn. Tá muid ag fanacht, ag fanacht agus ag fanacht.”

Bunaíodh Gaelcholáiste Reachrann in 2001 agus breis is 400 dalta anois ag freastal air. Tá 33 seomra ar fad sa scoil ach níl ach deich gcinn acu i bhfoirgneamh buan agus níl halla, leabharlann ná ceaintín ar fáil do na daltaí.

Ba iad Mary Hannifin in 2008, Jan O’Sullivan in 2014 agus Richard Bruton in 2017 na hairí oideachais a gheall go gcuirfí forbairt na scoile i gcrích.

Is é Gaelcholáiste Reachrann an t-aon mheánscoil lán-Ghaeilge sa gceantar agus tá sé ina imní go gcuirfeadh na droch-áiseanna sa scoil daltaí agus tuismitheoirí ó dhoras.

Dúirt príomhoide Gaelscoile sa gceantar go gcuireann Gaelcholáiste Reachrann oideachas den scoth ar fáil do na daltaí a théann ar aghaidh óna scoil féin ach go mbíonn “trua” aige dóibh toisc go bhfuil na háiseanna chomh dona sin.

“Tá na céadta dalta ó Ghaelscoil Míde tar éis freastal ar Ghaelcholáiste Reachrainn le fiche a trí bliain anuas,” a dúirt Joe Ó Dónaill. “Mar phríomhoide, bím thar a bheith sásta agus bródúil go bhfuil ár gcuid daltaí ag leanúint ar aghaidh leis an Ghaeloideachas. Bíonn a fhios agam dar ndóigh go bhfaighidh siad oideachas agus aire den scoth. Ach bíonn trua agam dóibh freisin agus iad ag fágáil an fhoirgnimh álainn againne le dul chuig foirgneamh nach mbeadh sásúil, fiú nuair a bhí mé féin ar scoil fadó. Tá an tír ar maos le hairgead. Tá sé thar am stopadh ag caint agus tosú ag tógáil,” a dúirt Ó Dónaill.

Tá achainí shínithe ag éileamh an fhoirgnimh bhuain le cur faoi bhráid an Aire Oideachais reatha, Norma Foley, ag oifigí na Roinne Oideachais i mBaile Átha Cliath mar chuid den agóid inniu chomh maith.

“Tá ár bpáistí tréigthe ag triúr airí oideachais difriúil,” a dúirt tuismitheoir amháin a bhfuil mac aici i nGaelcholáiste Reachrann. “Ba chóir go mbeadh náire orthu ar fad, agus is féidir leo a bheith ag súil lena lán gearán uaimse ar leac an dorais ins na seachtainí atá le teacht.”

Léiríodh imní faoin drochbhail a bhí ar na seomraí réamhdhéanta sa scoil in 2021 nuair a thaispeáin pictiúir go raibh poill sna ballaí agus sa tsíleáil sna seomraí.

Fág freagra ar 'Daltaí ó ghaelcholáiste i mBaile Átha Cliath chun siúl amach as an scoil mar agóid faoin drochbhail ar sheomraí ranga'