Tá Féile na bPuiteachaí ag dul ó neart go neart mar ba léir ón slua mór a d'fhreastail uirthi in n Inis Meáin le déanaí. Tá bia eile curtha leis an bhféile a bhunaigh Aedín Ní Thiarnaigh - an fata fónta féiltiúil. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Cailín óg as Inis Meáin agus lógó ealaíne na Féile ar a leiceann
Slua mór bailithe isteach i Halla Naomh Eoin agus chuile ghné de na puiteachaí á bplé
Fáilte go dtí an Fhéile. Aedín Ní Thiarnaigh agus Gráinne Ní Chonghaile – Stiúrthóirí na Féile
Máirín Uí Chonghaile, moltóir an chomórtais filíochta
Buaiteoir cuthaileach na filíochta, Cillín Ó Fátharta a fuair an duais do ghasúir as na naíonáin go rang a dó. Máirín Uí Chonghaile agus Éadaoin Ní Dhomhnaill ag bronnadh na duaise thar ceann na bhfoilsitheoirí Futa Fata
Erinna Ní Ghiolla Ruaidh ag tabhairt faoin stáitse le haghaidh a duaise
Buaiteoir Laila Nic Dhonnacha, ag léamh a dáin in aice le Aedín Ní Thiarnaigh, agus Éadaoin Ní Dhomhnaill (Futa Fata)
Marcus Ó Fátharta: buaiteoir Rang 3-Rang 6
Chloe Ní Chonghaile, buaiteoir bliain 4-6
Fearghas Mac Lochlainn, a bhain an chéad duais do dhaoine fásta ag léamh a phí0sa ‘An tAchrann sa nGarraí’.
Treoir á tabhairt faoi thóraíocht taisce Fhéile na bPuiteachaí
Aedín Ní Thiarnaigh agus Aengus Ó Curraoin, tóraíocht taisce Fhéile na bPuiteachaí
Ceardlann Ealaíne le dúch puiteachaí, Orlaith Breathnach á stiúradh
Ealaíontóirí i mbun oibre
Ceardlann Cróiseála Fhéile na bPuiteachaí
Máirín Mhéiní Uí Chonghaile agus Ann Howard gnóthach ar an mbiorán
Ag péinteáil puiteachaí ar éadain
Is maith an éadáil iad! Na fataí a bhí istigh ar chomórtas na bhfataí
Liam Mac Thomáis (7 mbliana d’aois) – Buaiteoir, An Fata is Mó
An buaiteoir, Liam Mac Thomáis lena athair, Luke, agus Éanna Ó Fátharta a bhfuair a fhata breá an tríú háit
Aedín Ní Thiarnaigh, bunaitheoir na Féile, ag fógairt an chomórtais bácála
An máistir-bháicéir Jimmy Griffin ag tástáil na gcácaí
Iontas ar Orla Breathnach nuair a fógraíodh a tríú háit sa gcomórtas bácála
An grúpa scoláirí as Coláiste Naomh Eoin a bhain an dara háit sa gcomórtas bácála
Catherine Sandoval, a bhain an chéad áit amach, agus an moltóir Jimmy Griffin
Blasta milis! Cáca Catherine Sandoval, a bhuaigh Comórtas Bácála Fhéile na bPuiteachaí
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
WTF
Súil an tSeabhaic ag SÓM i gcónaí bail air. Measaim gur maith leis cácaí!