GAILEARAÍ: Aitheantas ‘Scoil Ghaeltachta’ bronnta ar os cionn ceathracha scoil i gcontaetha na Gaillimhe agus na Mí

GAILEARAÍ / Aitheantas 'Scoil Ghaeltachta' bronnta ar os cionn ceathracha scoil i gcontaetha na Gaillimhe agus na Mí

Sean Ó Mainnín

Bhí lá mór ag os cionn dhá scór scoil i gcontaetha na Gaillimhe agus na Mí nuair a bhronn an Roinn OIdeachais aitheantas Scoil Gaeltachta orthu in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha le déanaí. Tá an t-aitheantas tugtha do na scoileanna a cháiligh dó faoi scéim aitheantais an Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht Pictiúir: Seán Ó Mainnín





GAILEARAÍ: Ceolchoirm speisialta Fhéile Chois Fharraige ag comóradh leathchéad bliain ó tháinig Féile an Oireachtais go dtí an ceantar

GAILEARAÍ / Ceolchoirm speisialta Fhéile Chois Fharraige ag comóradh leathchéad bliain ó tháinig Féile an Oireachtais go dtí an ceantar

Sean Ó Mainnín

Ba é ghlór Joe Steve Ó Neachtain, scríbhneoir agus laoch Chois Fharraige, a d'fháiltigh roimh Fhéile an Oireachtais go Conamara 50 bliain ó shin agus taifead dá ghlór a d'fháiltigh roimh cheolchoirm speisialta ina cuimhne i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Conamara an Domhnach seo caite. Pictiúir: Seán Ó Mainnín


GAILEARAÍ: Réalta an cheoil ag ceolchoirm mhór an Gharraí Glas sna Creagáin i gCois Fharraige

GAILEARAÍ / Réalta an cheoil ag ceolchoirm mhór an Gharraí Glas sna Creagáin i gCois Fharraige

Sean Ó Mainnín

Bhain slua breá sult as aiséirí Cheolchoirm Mhór Gharraí Glas sna Creagáin in Indreabhán le gairid. Is é an garraíodóir agus saineolaí glasraí Aonghus Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha a d'eagraigh. Ar na ceoltóirí bhí Breanndán Ó Beaglaoich, Rónán Ó Snodaigh, Aidan Connolly, Pádraic Keane, Rose Morrison agus Úna Ní Fhlannagáin. Pictiúir: Seán Ó Mainnín