‘Cé a ghabh an doras isteach chugam ach garsúinín Pheats Tom?’
Cailleadh le déanaí Mairéad Ní Chearnaigh, a bhí 102 bliain d’aois, an bhean dheireanach a mhair ar saolaíodh ar an mBlascaod Mór í. Labhraíonn a neacht Máirín Ceárnaigh le Helen faoina haintín agus faoi dheireadh a bheith tagtha le ceangal dlúth áirithe le saol atá imithe. Labhraíonn Máirín faoina saol féin, faoina muintir agus faoina tógaint féin i nDún Chaoin, áit a mbíodh achasáin á gcaitheamh chuig ‘coiníní an oileáin’.
Labhraíonn siad faoin imirce, faoin saol a bhí ag muintir Mháirín ar an oileáin, ar an mórthír agus i Meiriceá.
Insíonn Máirín dúinn scéal grá faoi chailín óg ón oileán agus duine de na scoláirí móra a bhí meallta ag an mBlascaod.
Insíonn Máirín leis dúinn faoin ngrá millteach atá aici don Ghaoluinn agus faoina comharsana béaldorais agus í ag fás aníos i mBaile an Bhiocáire – Peig Sayers agus Maidhc File.
Ar deireadh déanann Helen agus Máirín páiste cainte faoi shaol Mháire mar mhúinteoir agus faoi conas Gaelscoil a dhéanamh de scoil Bhéarla. Deir Máirín leis go bhfuil dualgas ann a chur in iúl don dream óg sa Ghaeltacht go bhfuil a dteanga agus a gcultúr féin acu gur fiú iad a thabhairt slán. Údar náire é, a deir Máirín, go mbeadh duine óg i siopa Gaeltachta á freagairt i mBéarla.
Lillis Ó Laoire
Mhairfinn ag éisteacht le Máirín ag seanchas. Treise leat a Helen.