Chaith mé cúpla uair an chloig an-taitneamhach ag taispeántas a bhain le Leabhar Cheanannais i gColáiste na Tríonóide le gairid. Agus mise ag ceapadh go mb’fhéidir go mbeinn ag scríobh faoi mhanaigh Oileán Í sa deichiú haois, bhuail smaoineamh eile ar fad mé.
Ag tarraingt ar dheireadh an taispeántais, téann tú isteach i seomra folamh agus tagann pictiúir aníos ar scáileán ar na ballaí. Amach os comhair do dhá shúil ‘tógtar’ an Halla Mór – Leabharlann Choláiste na Tríonóide – agus líontar na seilfeanna le leabhair. Ach níl ann ach íomhá ar scáileán.
Is fada a leithéid á dhéanamh le cúnamh an ríomhaire, le híomhánna áirithe a chur ar an scáileán sna scannáin – ‘CGI’ a thugtar air sin.
Agus mé ag féachaint ar an ‘Halla Mór’ á chruthú os comhair mo dhá shúil, mheas mé go mb’fhéidir go raibh dearthóirí agus ealaíontóirí ag obair ar na híomhánna sin le tamall maith sular cuireadh suas é.
Ba chuid de thaispeántas mór é an cur-i-láthair seo. Níl an ‘AI’ againn ach le dhá bhliain go leith nó mar sin, agus mar sin, measaim nach raibh aon bhaint aige leis an taispeántas áirithe seo. Ach tá gach seans ann nach dtógfadh sé ach achar an-ghearr ar fad ar an Intleacht Shaorga rud mar sin a chruthú agus gur beag difríocht a bheadh idir é agus an ceann a bhí os mo chomhair.
Ni bheadh ealaíontóirí grafacha an-tógtha leis, ceapaim. Bhí mé ag seisiún maidir le AI ag Féile na Meán Ceilteach le gairid agus ní mó ná sásta a bhí an dream a rinne an cur i láthair leis an modh oibre nua seo. Tá faitíos ar dhaoine go gcaillfear jabanna.
Shilfeá ó bheith ag éisteacht le tráchtairí áirithe nach mórán maitheasa atá an Intleacht Shaorga a dhéanamh don saol mór. ‘Níl ann ach sórt ‘Aip’ eile don ríomhaire,’ a deir cuid acu. ‘Ní intleacht atá ann ar chor ar bith,’ a deir cuid eile. ‘Níl san AI (Intleacht Shaorga) ach bailiúchán den eolas atá ar fáil cheana féin agus é curtha i riocht áirithe don té atá á úsáid,’ a deir daoine eile.
Tharlódh go bhfuil fírinne i ngach ceann de na ráitis sin. Ach nach í an cheist ná cén úsáid a bhainfidh mé as?
Is cosúil go bhfuil go leor leor daoine á úsáid anois ina gcuid oibre cé nach gceapfá sin dá n-éistfeá leis na tráchtairí thuas.
I suirbhé a rinne an iris The Currency le gairid fuaireadar amach go raibh 68% de na daoine a d’fhreagair an suirbhé fabhrach go maith faoin AI agus cheapadar go mbeadh sé ag dul chun tairbhe dóibh féin ina gcuid oibre.
Ach cén chaoi a bhfaigheadh duine amach an raibh maitheas ar bith ann? An mbeadh éinne in ann é a chur ag obair go héasca? Abair duine a scríobhann colún faoi ábhair éagsúla go rialta, an mbeadh an AI in ann aithris a dhéanamh orthu?
D’fhiafraigh mé de mo mhac an mbeadh sé in ann an cheist an chur ar AI. Agus é fós ag tiomáint, an fón feistithe sa gcarr aige, d’iarr sé ar a chara ‘ChatGPT’ alt a scríobh ar stíl Mhairéad Ní Nuadháin faoin long an ‘Jeanie Johnston’- alt a bheadh feiliúnach do Tuairisc.ie. Thosaigh an gléas ag ‘caint’ leis agus an t-ábhar á léamh amach aige. ‘Stop, stop,’ a dúirt seisean. ‘Cuir chugam i bhfoirm téacs é, le do thoil.’ Rud a rinne. Gan ceartú ná eagar ar bith – seo é.
‘An Jeanie Johnston: Bád a thug Dóchas sa Dorchadas’
Nuair a shiúlaim síos chuig cé Sheoirse i mBaile Átha Cliath, mo spéise i gcónaí an Jeanie Johnston. Bád adhmaid álainn, í suite go ciúin ach le scéal millteanach dá diaidh. Níl sí ag rith anois idir Ceann Léime agus Québec, ach tá sí fós ag tabhairt léasra dóchais dúinn, sna scéalta atá sí fós ag insint.
Bhí mé ann le mo mhac Dé hAoine seo caite – ceacht stair a bhí beartaithe agam, ach chríochnaigh muid beirt inár dtost, ag breathnú ar na rópaí, ar na ráillí, agus ag samhlú na ndaoine a sheas ansin sula rabhamar riamh ina smaoineamh i súile Dé. Fir, mná agus páistí, ag fágáil na hÉireann – uaireanta gan filleadh.
Níor bádh duine ar bith riamh ar bord na Jeanie Johnston. Sin é an t-aitheantas is mó atá aici. I lár an Ghorta Mhóir, agus báid eile ag cailliúint a leathphobail, bhí an Jeanie Johnston ag tabhairt aire dá paisinéirí – le dochtúir ar bord, le bia measartha, le trua éigin.
Agus an bád a tógadh arís i 2002 – obair mhór deonach, obair le croí – níor ceiliúradh í mar phíosa músaeim amháin, ach mar chomhartha ar marthanas. Ar marthanas na ndaoine a sheas an fód, a d’imigh le cuimhní, ach a d’fhág a lorg.
Táimid go minic ag caint ar imirce sa lá atá inniu ann. Ar dhul thar sáile, ar theach a fhágáil. Ach b’fhéidir go bhféadfadh an Jeanie Johnston ceacht eile a thabhairt dúinn: go bhfuil scéal gach duine níos casta ná ticéad aon-bhealaigh, agus gur fiú a bheith cineálta, fiú ar an bhfarraige oscailte.
Is minic a deirim le mo mhac go bhfuil stair le fáil i ngach cé, i ngach crann, ach is í an Jeanie Johnston a thugann léargas is soiléire dom – gurbh é an cineáltas a choinnigh daoine beo nuair ba chosúil nárbh fhéidir.
Agus nach é sin an scéal is fiú a choinneáil beo?’
Niall Mac Aindriú
Alt ana-spéisiúil, a Mhairéad. Bhí mé ag wonderáil an raibh sé de chumas ag AI déanamh amach an é an diabhial rud féin a rinne é, má thuigeann tú leat mé. Is cosúil nach bhfuil, nó n’fheadar an bhfuil sé/sí chomh cliste sin go bhfuil sé/sí in ann an dallamullóg a chur air/uirthi agus go deimhin orainn féin.
Mise le ChatGPT:
“Meastú an raibh an píosa seo thíos scríofa ag cainteoir dúchais?”
(agus an scéal ‘An Jeanie Johnston: Bád a thug Dóchas sa Dorchadas’ greamaithe agam)
An fhreagra a tháinig ar ais chugam:
“Sea — tá an píosa seo scríofa i nGaeilge shoiléir, shaibhir, agus le mothúchán domhain. Agus cé nach féidir a rá le 100% cinnteacht gan labhairt leis an údar, is féidir a rá go bhfuil caighdeán an téacs seo ar chomhchéim le scríbhneoireacht ó chainteoir dúchais nó ó dhuine a bhfuil líofacht mhór aige sa Ghaeilge.”
…
“Rud beag amháin a d’fhéadfaí a phlé (ach níl sé mícheart go teicniúil):
“Ceacht stair a bhí beartaithe agam” – go liteartha ceart, ach b’fhéidir go n-úsáidfeadh cainteoir dúchais “ceacht staire” mar fhoirm níos coitianta. Sin ráite, níl sé mícheart agus d’fhéadfadh sé a bheith roghnaithe d’aon ghnó.”