Bhí an Taibhdhearc lán le déanaí do cheiliúradh a rinne na foilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht ar dhá scór bliain ar an bhfód. Le linn Cúirt, Féile Idirnáisiúnta Litríochta, atá ag ceiliúradh 40 bliain i mbliana chomh maith, a bhí an ócáid ar siúl. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Micheál Ó Conghaile ag cur síos ar thraidisiún an dinnseanchais
Eithne Ní Ghallchobhair ag caint faoi dhinnseanchas cheantar Ard an Rátha
Michelle Nic Pháidín lena léamh féin ar an dinnseanchas ina ceantar dúchais, Dún Lúiche
Michelle Nic Pháidín agus Eithne Ní Ghallchobhair
John Caulfield, cathaoirleach Féile Cúirt
Caitlín Ní Chualáin agus Bridie Ní Churraoin in ‘Ar Thóir Bhríd Ní Mháille’, léamh drámatúil as úrscéal le Micheál Ó Conghaile atá i mbéal a fhoilsithe. Tá an t-úrscéal bunaithe ar scéal Bhríd Ní Mháille, an bhean a scríobh ‘Amhrán an Bháthadh’ agus ‘Amhrán South Boston’. Nascadh an ceol, an prós agus an chaointeoireacht sa léiriú. Eoghan Ó Riada a sheol.
Bridie Ní Churraoin
Caitlín Ní Chualáin in Ar Thóir Bhríd Ní Mháille
Caoineamh an bháis
John Caulfield ag caint faoi ‘Leabhar Mór na nAmhrán’ ó Chló Iar-Chonnacht
Ceoltóirí, filí, aisteoirí agus amhránaithe ag Ceolchoirm CÚIRT 40. Ó chlé: Bridie Ní Churraoin, Marcus Mac Conghail, Eithne Ní Ghallchobhair, Colm Ó Dubháin, Nóirín Ní Ghrádaigh, Caitlín Ní Chualáin agus Lillis Ó Laoire
Fear an tí, Máirtín Tom Sheáinín
Colm Ó Dubháin agus Nóirín Ní Ghrádaigh
Marcus Mac Conghail agus Eithne Ní Ghallchobhair
A rogha filíochta á léamh ag Marcus Mac Conghail
Lillis Ó Laoire ag caint faoi chúlra a chuid amhrán
A rogha féin sean-nóis ag Caitlín Ní Chualáin
Eithne Ní Ghallchobhair ag léamh a chuid filíochta
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Ceilúradh an dá scór ag na foilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht ag Féile Idirnáisiúnta Cúirt'