Bealaí le tacú le duine atá ag streachailt leis an imní, agus na rudaí nár cheart a rá

Nuair a bhuaileann imní duine atá leat, is leor a bheith i láthair go macánta, socair, agus gan aon bhreithiúnas a thabhairt orthu

Bealaí le tacú le duine atá ag streachailt leis an imní, agus na rudaí nár cheart a rá

Is minic go mbíonn muid ag iarraidh cabhrú le cara nó duine muinteartha agus iad ag streachailt leis an imní, ach is deacair scaití fios a bheith agat céard is fearr dúinn a rá nó a dhéanamh.

Buaileann imní gach duine ag am amháin nó ag am eile. Cuimhním ar lá amháin cúpla bliain ó sin agus mé i mo shuí sa charr le mo chara, mise i mo phaisinéir agus mé buailte ag taom imní. Bhí mé ag breathnú amach an fhuinneog ag iarraidh mé féin a cheansú.

D’airigh mé teannas i mo chliabhrach, mo smaointe ag rith gan stad agus mhothaigh mé go raibh an t-aer timpeall orm ag éirí gann. Ní raibh na focail agam le cur síos a dhéanamh ar an méid a bhí ag tarlú. Bhí a fhios agam, áfach, nach raibh mé in ann an scaoll a stopadh.

D’amharc an tiománaí orm agus dúirt sé, “Socraigh síos, beidh tú ceart go leor.”

Níorbh é aidhm an duine sin aon dochar a dhéanamh, ach sa nóiméad sin bhraith mé go raibh mé i m’aonar. Bhraith mé nach raibh tuiscint ná tacaíocht ann, nach raibh mé sábháilte i m’intinn féin. Ní réiteach a bhí de dhíth orm, ach ceangal daonna ar bhealach suaimhneach. Séard a bhí uaim ná duine a shuífeadh liom gan aon bhreithiúnas a dhéanamh ná brú a chur orm agus a ligfeadh dom a bheith go díreach mar a bhí mé.

Má tá grá agat do dhuine atá ag streachailt leis an imní, is rud cumhachtach é a bheith i láthair leo, ach caithfidh sin teacht le fíorthuiscint orthu.

Seo roinnt smaointe praiticiúla.

Cad a chuidíonn?

Éist go cúramach, ná déan iarracht é a chur ina cheart:

Uaireanta ní theastaíonn uainn ach go n-éistfí linn le croí oscailte, gan brú ná réiteach. Ní bhíonn ag teastáil ach spás ciúin le labhairt agus análú.

Sampla

‘Tá sé sin crua go leor. Tá mé anseo leat.’

Tabhair aitheantas dá bhfuil á mhothú acu:

Fiú mura dtuigeann tú an méid atá ag tarlú, bíodh a fhios agat gur fíormhothúcháin atá ann agus gur scéal dáiríre é.

Sampla
‘Tá sé ceart go leor mothú mar sin. Níl tú leat féin.’

Fiafraigh go díreach cad is féidir leat a dhéanamh
Ní bhíonn an tacaíocht chéanna ag teastáil gach uair. Uaireanta bíonn gá le comhrá. Uaireanta eile, le ciúnas, nó le gluaiseacht.

Sampla
‘Ar mhaith leat labhairt faoi, suí le chéile go ciúin, nó dul ar shiúlóid bheag?’

Bí seasmhach agus tuisceanach:
Is minic a thagann imní gan rabhadh. Tugann tuiscint agus láithreacht chiúin faoiseamh don té a bhfuil imní air. Cruthaíonn imní raic istigh ionainn go minic. Bíonn sé i bhfad níos cabhraí ná mar a shílfeá a bheith i láthair leis an duine go ciúin agus go leanúnach.

Cad nach gcuidíonn?

Ná habair ‘Socraigh síos, glac anáil.” Airíonn sé sin mar a bheadh ordú. Cuireann sé leis an náire agus mothaíonn an duine go bhfuil rud éigin mícheart déanta acu. Ná déan beag den scéal ná comparáid le daoine eile.

Ní habair “bíonn gach duine buartha uaireanta” agus ná cuir síos ar do scéal féin. Is minic a mhéadaíonn sé sin an teannas nó an t-uaigneas.

Ná tóg go pearsanta é. Uaireanta bíonn gá ag duine le spás. Ní fútsa atá sé, ach díreach go bhfuil tú ag iarraidh déileáil leis. Tabhair spás don duine go mothúchánach gan seasamh siar uaidh.

Cad a chuidíonn?

An lá sin sa charr, seo an rud a theastaigh uaim a chloisteáil ná, ‘Níl tada mícheart leat. Níl tú briste. Tá tú sábháilte. Tá mé anseo.’

Ní gá duit an imní a thuiscint go hiomlán le bheith i do thaca ceart. Is leor a bheith i láthair go macánta, socair, gan aon bhreithiúnas a thabhairt. Sin é a chuidíonn linn filleadh ar ár suaimhneas féin.

– Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tá tuilleadh eolais: www.thrivewithmarian.com

Fág freagra ar 'Bealaí le tacú le duine atá ag streachailt leis an imní, agus na rudaí nár cheart a rá'

  • D

    Alt fíorchabhrach, grma a Mharian.