Scríbhneoireacht Chruthaitheach 10 – ‘Díoltas’ (Cartlann)

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 10 - Déan na gníomhaíochtaí agus ansin léigh an saothar

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 10 – ‘Díoltas’ (Cartlann)

 Gníomhaíocht 1: 

  • An teideal: Díoltas
  • Tarraing ciorcal i lár an leathanaigh agus cuir an teideal isteach ann.
  • Déan gach smaoineamh atá agat a chur ar an leathanach. Is cuma cé chomh haisteach is atá siad.
  • Déan na smaointe sin a roinnt le do pháirtnéir.
  • Déan iad a phlé/roinnt leis an rang.

 Gníomhaíocht 2: 

  • Déan smaoineamh/topaic amháin a roghnú.
  • Anois caithfidh tú slacht a chur ar an smaoineamh sin.
  • Struchtúr Scéil:
  1. Cruthaigh an comhthéacs
  2. Tarlaíonn eachtra thábhachtach
  3. An chríoch/an réiteach

Smaoinigh ar na ceisteanna thíos agus tú ag pleanáil an scéil.

  1. Cé hé/hí an príomhcharachtar?
  2. Cén sórt duine é/í?
  3. Cad atá uaidh/uaithi?
  4. Céard atá ag cur as dó/di?
  5. Céard iad na heachtraí tábhachtacha a tharlaíonn?
  6. Cén chaoi a dtarlaíonn siad?
  7. Cén uair?
  8. Cén áit?
  9. Cén chaoi a mothaíonn sé/sí?
  10. Cad deir sé/sí?
  11. Cad deirtear léi?
  12. Cén chaoi a gcaitheann daoine leis/léi?
  13. Cén chaoi a ndéileálann sé/sí leis na heachtraí?
  14. Cad a athraíonn?
  15. Cén chaoi a bhfuil rudaí ag an deireadh?

 Gníomhaíocht 3: 

Déan iarracht teacht ar stór focal cuí. Cuimhnigh ar chruinneas agus saibhreas na Gaeilge. Úsáid www.focloir.ie, www.tearma.ie, www.teanglann.ie. Seo cúpla focal/nath:

  1. an chloch sa mhuinchille
  2. fonn díoltais (TG)
  3. fealltach
  4. slítheánta
  5. faigheann foighne fortacht
  6. ráflaí
  7. ábhar díomá
  8. bréagach
  9. ag faire ar a sheans
  10. aoibh an gháire

Tosaigh ag scríobh

 Gníomhaíocht 4: 

Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

 Gníomhaíocht 5: 

 Gníomhaíocht 6: 

Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht a thuar cad a tharlaíonn ina dhiaidh seo.

Déan deich bpointe/n-abairt a scríobh.

 Gníomhaíocht 7: 

Seo cuid den alt deireanach, an bhfuil tú in ann é a chur in ord?

 Gníomhaíocht 8: 

Sula léann tú an saothar is féidir leis an múinteoir é a phriontáil agus a ghearradh suas de réir na n-alt difriúil. Déanfaidh tusa agus do pháirtnéir iarracht an scéal a chur in ord.

Díoltas

Bhí an chloch sa mhuinchille ag Peadar do Liam le blianta. Ní fhéadfadh sé an méid a tharla dó a scaoileadh thairis. Gach aon uair a smaoinigh sé ar an rud a tharla an uair úd thagadh fearg air. I rith an ama bhí sé ag faire ar a sheans díoltas a bhaint amach. Faigheann foighne fortacht a deireadh sé leis féin go minic.

Cúpla bliain roimhe sin ba é Peadar a bhí ar thosach cadhnaíochta le post an bhainisteora a fháil ag an obair. Bhí níos mó taithí aige ná aon duine eile, bhí tréimhse fhada caite aige leis an gcomhlacht agus d’aithin gach duine nach raibh aon duine in ann coinneal a choiméad leis ó thaobh caighdeán a chuid oibre. Ba é rogha na coitiantachta é gan aon agó. Mheas mórán nár chuir aon duine eile isteach ar an bpost, fiú.

An uair úd ní raibh ach cúpla mí caite ag Liam leis an gcomhlacht. Cé gur mheas gach duine go raibh sé cumasach agus gur thuigeadar go raibh sé an-uaillmhianach, níor cheap aon duine go gcuirfeadh sé isteach ar an bpost, gan trácht ar é a fháil.

Mheas Peadar gur thosaigh sé leis na ráflaí. Liam ag cogarnach le comhghleacaithe faoi Pheadar a bheith ag teacht ag an obair déanach, custaiméirí ag éirí míshásta leis agus boladh an óil a bheith uaidh go minic.  Cinnte bhí Peadar déanach uair nó dhó mar gheall ar chúrsaí clainne agus ba ghnáthrud é custaiméirí a bheith ag gearán ó am go chéile. An ráfla faoin ól is mó a chuir fearg air, áfach. Níorbh aon fhear mór óil é riamh agus bhí boladh an óil uaidh an lá amháin sin mar go raibh cóisir gan choinne eagraithe ag a bhean dó dá lá breithe.

D’éirigh le Liam casadh a bhaint as gach scéal ar mhaithe leis féin. Tar éis tamaill d’fheictí é ag cogarnach i gcluas an úinéara go minic.  An t-ábhar díomá a bhí ag Peadar is é ag smaoineamh siar air seo ar fad ná nár thug sé faoi deara cé chomh slítheánta, fealltach agus bréagach is a bhí Liam. ‘Níl aon mhaith sa seanchas nuair atá an anachain déanta,’ a dúirt sé leis féin. Bhí sé in am díoltas a bhaint amach.

D’fhág Peadar an comhlacht an samhradh sin lena chomhlacht féin a bhunú. Bhí an oiread sin measa air gur lean cuid dá chomhghleacaithe agus custaiméirí é. D’éirigh go hiontach lena chomhlacht agus tháinig fás ollmhór air in achar an-ghairid. Ag an am céanna bhí a shean-chomhlacht ar an dé deiridh. Gan amhras ní fhéadfadh sé an deis a scaoileadh thairis. Cheannaigh sé an comhlacht. Ghabh sé isteach doras an chomhlachta den chéad uair seachtain ina dhiaidh sin. Bhailigh sé gach duine le chéile sa seomra comhdhála. Chonaic sé Liam i mbun an tseomra agus cuma imníoch, náirithe air. Chuir Peadar na súile tríd. Tháinig aoibh an gháire air den chéad uair le blianta agus dúirt i gcogar ‘tá sé in am díoltas a imirt’.

Fág freagra ar 'Scríbhneoireacht Chruthaitheach 10 – ‘Díoltas’ (Cartlann)'