Scoil stairiúil i gConamara i mbaol ceal daltaí

Beidh dúshláin ollmhóra roimh Phríomhfheidhmeannach nua an Údaráis stop a chur leis an gcúlú atá ag tarlú i gcuid de na pobail Ghaeltachta is láidre sin tír

Scoil stairiúil i gConamara i mbaol ceal daltaí

Ta sí suite ag an gcrosbhóthar, Scoil Náisiúnta an Ghoirt Mhóir; tá sí ar cheann de thrí scoil i bpobal Ros Muc agus Chamais in iarthar Chonamara. Cuireadh oideachas ar na céadta gasúr as an gceantar ar an nGort Mór ach ní cosúil go mbeidh gasúr nua air bith ag dul inti ach a n-osclóidh na doirse ansin arís mí Mheán Fómhair. Mar a chéile a bhí an scéal anuraidh; níor tháinig gasúr beag ar bith isteach sna naíonáin sa nGort Mór. Nuair a tharlaíonn sé mar sin dhá bhliain as a chéile, is dona an scéal é ag an scoil; tá sí i mbaol.

D’éirigh le Scoil an Ghoirt Mhóir, agus an Príomhoide ansin, Micheál Ó Máille, ceann de Ghradaim an Chathaoirligh a fháil ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe le gairid. Scoil stairiúil an ceann seo ag an gcrosbhóthar. Tá Teach an Phiarsaigh amach ar a haghaidh; d’fhág an Piarsach lorg a chos inti. Ach, tá sí ag an gcrosbhóthar anois, ar bhealaí eile. Tá an chúis atá leis sin fiorshimplí; níl na gasúir ann.

Scéal fada ar an saol iad na cúiseanna go bhfuil líon na ndaoine óga gaibhte i léig sa gceantar. Tá an rud céanna tarlaithe i gceantrache Gaeltachta eile a bhfuil an Ghaeilge láidir iontu. Ar ndóigh, níl na muiríneacha chomh mór na laethanta seo agus a bhídís in áit ar bith in Éirinn. San am céanna, tá an daonra ag méadú agus tá brú spáis ar scoileanna atá i bhfoisceacht tuairim 20 míle do bhailte móra; tá sé amhlaidh in iarthar na Gaillimhe. Ach níl sé amhlaidh as Casla siar, nó go deimhin as Uachtar Ard siar.

Leitir Calaidh (Ceantar na nOileán), Maínis (ceantar Charna) agus Tír na Cille (Dúiche Sheoigheach) – tá na scoileanna sin uilig ag siúl ar an tanaí. Tá an Gort Mór gaibhte ar an gcosán céanna. Tá Scoil Leitir Calaidh dúnta agus ní  fada go dtiocfaidh scéalta den chineál céanna as scoileanna eile in iarthar Chonamara. Tá comharthaí na contúirte sin ann le fada an lá; tá siad le feiceáil ar leic an dorais anois.

Tá a mhacasamhail seo ag tarlú i nGaeltachtaí eile.

Fógraíodh ar Tuairisc an lá cheana go bhfuil fógra curtha amach ag iarraidh Príomhfheidhmeannach nua ar Údarás na Gaeltachta. Seo cuid de na tréithe aa luadh sa scéal sin:

“Deirtear gur gá don té a cheapfar taithí mhór a bheith aige nó aici ag leibhéal sinsearach bainistíochta agus gur ghá go mbeadh “fís”, scileanna “ceannaireachta” agus “an cumas smaoineamh go nuálach” léirithe aige nó aici.

Níor mhór “eolas domhain” a bheith aige nó aici ar fheidhmiú polasaí náisiúnta, ar fhorbairt eacnamaíochta, ar fhorbairt pobail agus ar chur chun cinn na teanga, a deirtear.

Teastaíonn “ardleibhéal inniúlachta” a bheith aige nó aici i labhairt agus i scríobh na Gaeilge, ag leibhéal TEG C1 nó a chomhionann”.

Pacáiste (leagan nach gcloisfeá i Scoil an Ghoirt Mhóir!) mór cumais agus taithí atá i gceist. Beidh an dúshlán céanna roimh an duine nua agus a bhí roimh chuile Phríomhfheidhmeannach go dtí seo; féachaint le stop a chur leis an lagachan agus an cúlú atá ag tarlú i gcuid de na pobail Ghaeltachta is láidre sin tír. Ar an imeall ar chuile bhealach atá na ceantracha seo, tá crosbhóithre amach rompu.

Daoine breátha a bhí ina bPríomhfheidhmeannaigh ar an Údarás lenár linn – Ruán Ó Bric, Pádraig Ó hAoláin, Steve Ó Cualáin agus Micheál Ó hÉanaigh, gan trácht ar an dream a bhí ann rompu. Daoine cumasacha a rinne a seacht ndícheall. Tá lorg a dtréithe ar an nGaeltacht. Ach, tá dúshláin ollmhóra ann ar na himill.

As foireann an Údaráis a tháinig na daoine atá luaite agam; bhí taithí agus eolas acu sa nGaeltacht. Tharlódh sé gur mar sin a bheidh sé aríst. Beifear ag tuairimíocht go mbeidh leithéidí Rónán Mac Con Iomaire (taithí i bhforbairt réigiúnach agus cur chun cinn na Gaeilge); Ruairí Ó Néill (láidir ar chúrsaí airgeadais agus eacnamaíochta) agus daoine nach iad – agus ón taobh amuigh, b’fhéidir – ag tabhairt iarraidh faoin bpost. Ach tá rud eile nach bhfuil ar eolas fós agus sin an mbeadh an Príomhfheidhmeannach atá ann le 5 bliana, Micheál Ó hÉanaigh, ag tabhairt iarraidh eile faoin bpost?

Pé ar bith bealach a mbeidh cúrsaí, beidh treo an Údaráis sna blianta atá romhainn le leagan amach ag an mbean nó ag an bhfear a bheidh i gceannas sna Forbacha. Is iomaí sin crosbhóthar a bheidh roimh an té sin.

Fág freagra ar 'Scoil stairiúil i gConamara i mbaol ceal daltaí'

  • Treasa Uí Lochlainn

    Píosa álainn scríofa go nadúrach a mbeadh fonn ort é a léamh . Sé an peaca go bhfuil na scoileanna beaga seo i gcontúirt a ndúnadh agus an obair iontach atá dhá dhéanamh iontu chun an Ghaeilge a thabhairt slán.