Scéim nua traenála do ghruaigeadóirí le dul i ngleic le fadhbanna drugaí, alcóil agus foréigin

Tá an-chiall, a deir ár gcolúnaí, le scéim nua a thabharfaidh traenáil d’úinéirí salón chun go mbeidh siad san airdeall ar chomharthaí mí-úsáid alcóil, drugaí nó drochóde baile i measc a gcliant

Scéim nua traenála do ghruaigeadóirí le dul i ngleic le fadhbanna drugaí, alcóil agus foréigin

Tá scéim nua tosaithe i Leitir Ceanainn, i gcontae Dhún na nGall, le dhul i ngleic le fadhbanna a bhaineann le mí-úsáid drugaí, alcóil agus le foréigean sa teaghlach, agus is é an t-iontas nár smaoinigh éinne cheana ar an gcur chuige nua seo. Má éiríonn go maith leis, scaipfear ar bhonn náisiúnta é.

Éinne agaibh a chaith am sa siopa gruagaireachta, beidh a fhios agaibh gur ann a chloisfidh sibh chuile shórt. Cloisfidh sibh rudaí nach mian libh a chloisteáil, cloisfidh sibh rúin nár scaoileadh riamh roimhe sin, cloisfidh sibh scéalta ón mbaile gurbh fhearr iad a fhágáil ag baile, ach beidh sé ródheireanach é sin a rá le héinne.

Tháinig duine éicint ar sheift agus níl sé soiléir cé a smaoinigh air seo ar dtús, ach dhírigh an duine seo ar shalón an ghruagaire agus an salón áilleachta chun cabhrú le mná, nó le fir tríd an mbearbóir, teacht ar chabhair má bhíonn a leithéid ag teastáil uathu.

Is dócha gur thug an duine seo faoi deara go n-insíonn daoine rudaí agus go scaoileann siad rúin go minic agus iad i lámha an té atá ag tabhairt cúram dóibh sa salón.

Má chonaic tú an tsraith teilifíse ‘Turas Bóthair’ le Waddell MEDIA ar TG4, thug sibh faoi deara is dócha, cé chomh scaoilte is a bhí teangacha na ndaoine a bhí páirteach ann. Níl a fhios cé na rúin is na scéalta príobháideacha a scaoil daoine sa tsraith teilifíse sin. Ba é bunphrionsabal na sraithe ná go raibh na daoine ar fad ag féachaint chun tosaigh – ar an mbóthar sa gcás seo- agus nach raibh siad ag breathnú sa dá shúil ar a chéile.

Tá sé i bhfad níos éasca rún a scaoileadh le duine má tá an bheirt agaibh ag féachaint chun tosaigh. Ní airíonn duine amháin go bhfuil an duine eile, b’fhéidir, ag breathnú go géar orthu, ná ag déanamh breithiúnas orthu.

Mar an gcéanna leis an ngruagaire nó an duine atá i mbun cúraimí áilleachta, ní iondúil go mbíonn siad ag stánadh ort idir do dhá shúl. Níos minice ná a chéile beidh siad ag seasamh taobh thiar díot.

Ní haon iontas gur tháinig sé chun solais go dtugann siad rudaí faoi deara nach mian le daoine go bhfeicfeadh an domhan mór iad.

I gcás amháin i nDún na nGall, chonaic an gruagaire go raibh marc dubh ar mhuineál na mná a bhí ina suí os a comhair ag fáil cóiriú gruaige. D’aithin sí ar an bpointe gur de thoradh eachtra brúidiúlachta a tháinig an marc aníos ar mhuineál na mná. Níor dhúirt sí tada ach cárta a shíneadh chuici agus ansin dúirt os íseal ‘ní chaithfidh tú cur suas leis seo’.

Thóg sé ceithre bliana ar an bhean óg dul chuig na seirbhísí cabhrach ach nuair a rinne sí é sin, d’athraigh sí a saol. Thuig sí go raibh seirbhísí ann a chabhróidh le mná a bhí i dtrioblóid, agus nach raibh le déanamh ar dtús ach an teagmháil a dhéanamh.

Faoin scéim nua seo, tá go leor dreamanna tagtha le chéile chun cabhrú le daoine – an HSE, na Gardaí, eagraíocht i nDún na nGall atá i gcoinne foréigin teaghlaigh agus an Tascfhórsa Drugaí agus Alcóil i réigiún an Iarthuaiscirt.

Tá siad anois le traenáil ar leith a thabhairt d’úinéirí na salón chun go mbeidh siad ar an airdeall ar na comharthaí a thabharfaidh le fios go bhfuil mí-úsáid alcóil, drugaí, nó foréigean teaghlaigh ag cur isteach ar an chliant sa salón. Dlíodóir i nDún na nGall a d’inis domsa faoin tuairisc le Shane Ó Curraighín a chonaic sí ar RTÉ le gairid. Cheap sise go mba an-smaoineamh é,  bhí go leor cásanna feicthe aici féin i rith na mblianta.

Níl éinne ag súil go mbeidh siad in ann an fhadhb a réiteach – is seirbhís eolais thar aon ní eile í seo. Beidh siad in ann an t-eolas cuí a thabhairt don chliant, uimhreacha gutháin, teagmhálacha ar na meáin shóisialta agus mar sin de. Tugadh sampla de scáthán i ngnó gruagaire, agus bhí Cód QR i gcoirnéal an scátháin – d’fhéadfadh duine pictiúr a ghlacadh de go discréideach agus an teagmháil a dhéanamh uaidh sin.

‘Cloiseann lucht na salón go leor, leor rudaí – seo bealach chun gníomh a dhéanamh,’ a dúirt duine de na saineolaithe. ‘Bíonn náire ar dhaoine a admháil go bhfuil aon ní as bealach sa mbaile – táimidne ag iarraidh an náire sin agus an ‘stigma’ a bhaineann leis a laghdú.’

Is cosúil go bhfuil ardú as cuimse tagtha ar an líon tuairiscí faoi mhí-úsáid foréigin agus a leithéid, a tugadh do na gardaí le blianta beaga anuas.

Sa mbliain 2022, tugadh 678 tuairisc do na gardaí i nDún na nGall. D’ardaigh sé sin go 871 tuairisc sa mbliain 2023. Agus anuraidh in 2024, tugadh 974 tuairisc do na gardaí.

Ón uair a fógraíodh gur coir a bhí sa ‘smacht comhéigneach,’ in 2019, tá ardú tagtha air sin freisin. Anois tá na gardaí ag breathnú ar an scéal ar fad mar thosaíocht dóibh féin. Mar a dúirt garda amháin agus an scéim á lainseáil, ‘tá aonad cosanta roinne i ngach réigiún de chuid na ngardaí anois, feidhmíonn siad i ngnáthéadach. Tá sé de cheart ag gach éinne go mbeidís slán sábháilte ina gcuid caidreamh.’

Is féidir le duine ar bith ar mhaith leo labhairt leis na gardaí go príobháideach, glaoch ar 112 nó 999 agus é sin a iarraidh ar an tseirbhís éigeandála.

Anuraidh rinneadh 65,000 casaoid leis na gardaí faoi mhí-úsáid teaghlaigh sa tír trí chéile. Anois tá siad sásta go bhfuil bealach eile acu chun cabhrú le daoine agus chun an chéad teagmháil fhíorthábhachtach sin a dhéanamh.

Ná bíodh éinne ag fanacht ceithre bliana go ndéanfaidh siad an glaoch sin. Mar a dúirt gruagaire amháin ‘bíonn discréid le fáil i measc fhoireann an tsalóin – bíonn níos mó ar siúl againne ná stíleáil gruaige.’

Fág freagra ar 'Scéim nua traenála do ghruaigeadóirí le dul i ngleic le fadhbanna drugaí, alcóil agus foréigin'