‘Ní bheidh do shaol mar a chéile arís ón uair a thrasnóidh tú an líne seo,’ a dúradh liom tráth, blianta fada ó shin.
An líne shamhlaíoch a scar an áit suí ón gcistineach sa teach caife a thóg mé ar lámh i gcathair na Gaillimhe i dtús an chéid seo a bhí i gceist ag an té a labhair, an duine ar cheannaigh mé an caifé sin uaidh.
Fíoraíodh a thairngreacht.
Tuigfidh éinne a chaith seal ag obair mar fhreastalaí céard atá i gceist: ní bhíonn an chuma chéanna ar chaifé, ar theach tábhairne nó ar bhialann a thuilleadh ón uair a sheasann tú taobh thiar den chuntar. Faigheann tú léargas ar na hoidis agus ar na haicearraí le hairgead a shábháil agus ar chuile shórt eile nach bhfeiceann na custaiméirí, agus cailleann an áit pé draíocht a bhain leis roimhe sin.
Deirtear an rud céanna faoi mhonarchana ispíní. Ón uair a thabharfaidh tú cuairt ar cheann acu sin, ní íosfaidh tú ispín go brách arís.
Ní miste rabhadh den chineál céanna a thabhairt do dhaoine a bheadh ag iarraidh a bheith ina scríbhneoirí.
‘An bhfuil tú cinnte?’ a d’fhiafróinn d’éinne a bheadh ag iarraidh clárú do chúrsa sa scríbhneoireacht chruthaitheach. ‘Ní hamháin go bhfuil an scríbhneoireacht damanta deacair agus nach n-íocann sí na billí, ach millfidh sí an léitheoireacht ort lena chois.’
Tá mé ag dul thar fóir rud beag, b’fhéidir, ach mar léitheoir b’fhearr liom, uaireanta, nach bhfeicfinn feidhmiú inmheánach an tsaothair atá á léamh agam, nach dtabharfainn suntas do na téada trédhearcacha lena stiúrann an t-údar a chuid carachtar, nach mbeadh coinne agam leis na cleasa a imríonn sé ar a chuid léitheoirí d’fhonn an anáil a bhaint díobh le casadh sa phlota.
Nuair a bhíodh an caifé sin agam i gcathair na Gaillimhe, agus ar feadh na mblianta fada ina dhiaidh, ní fhéadfainn sult a bhaint as an leacht dubh agus as an gcomhluadar i dtithe caife eile, leathshúil agus leathchluas agam i gcónaí ar an gcaoi a mbíodh an áit eile á rith. Tá mé ar an gcaoi sin le leabhair anois, agus dá fheabhas í an scríbhneoireacht iontu ní éiríonn leo mé a chur faoi dhraíocht go hiomlán riamh, mé i gcónaí ag faire ar na hoibríochtaí ar chúl an stáitse.
Fág freagra ar 'Ní mar a chéile é a bheith ag léamh leabhair tar éis duit ceann a scríobh'