Gaelghiolcaire na Seachtaine
@CnaG (Conradh na Gaeilge)
Cé hé féin?
Seo é cuntas oifigiúil an Chonartha – “fóram daonlathach phobal na Gaeilge”. Tá an Conradh lonnaithe ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath ach tá craobhacha ar fud na tíre. Déanann an Conradh feachtasaíocht thar ceann phobal na Gaeilge ar bhonn náisiúnta agus is fada an stair atá aige in Éirinn.
Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?
Bíonn cuntas an Chonartha ag scaipeadh eolais faoina chuid feachtas agus ranganna féin go minic ach coinníonn sé súil géar ar na nuachtáin ar fad agus scaipeann sé iad ar Ghaelphobal Twitter. Is teach mór sa Ghaeltacht Dhigiteach é an cuntas seo agus is ann a gheofar eolas fairsing ar shaol na Gaeilge in Éirinn agus thar lear.
Cén fáth a leanfainn é?
Tá Conradh na Gaeilge ar cheann d’fhathaigh Ghaelphobal Twitter agus tá os cionn 9,000 leantóir aige cheana féin – is mór an méid é sin d’aon chuntas a bhíonn ag giolcaireacht i mionteanga. Bheadh sé deacair a bheith bainteach le saol na Gaeilge ar líne gan a bheith ag leanacht @CnaG
Giolc na Seachtaine
Cén fáth a bhfuil an buachaill i gcónaí i dtrioblóid? Níl a fhios agam. Tá sé an-brónach. #BuntúsCainte #Gaeilge pic.twitter.com/FTrNkEvOjN
— Erik Hogstrom (@erik1966lutig) August 31, 2015
Meiriceánach atá ag foghlaim na Gaeilge é @erik1966lutig agus tá sé ag baint úsáide as an seanleabhar iontach sin Buntús Cainte. Le cúpla lá anuas, tá sé tar éis sraith pictiúr a chrochadh ar a chuntas Twitter ón leabhar agus ráitis bheaga ghreannmhara curtha leo. Tá siad uilig le feiceáil ar Twitter ach thaitin an ceann beag seo linn.
An chaint sa sráidbhaile ar líne…
An dá rud is mó a tharla i saol na Gaeilge an tseachtain seo (taobh amuigh de scéal Aer Arann) ná seoladh Phlean Gníomhaíochta RTÉ agus seoladh Sceideal nua TG4. Bhí aird an phobail Béarla ar an ócáid agus an cuntas @merrionstreet ag giolcaireacht leis i gcaitheamh an lae faoin #PleanRTÉ:
The action plan includes dual-language All-Ireland commentary, bilingual bulletins on @RTE2fm & a new Irish language radio service #PleanRTE — MerrionStreet.ie (@merrionstreet) September 1, 2015
Tugadh suntas ar leith don tráchtaireacht Ghaeilge
This year’s All Ireland Senior Hurling and Football Finals will have a commentary as gaeilge option on @TheSundayGame as part of #pleanRTE
— CLG Ard Eoin (@ardoynegac) September 1, 2015
@Laura_Fitzer @ronanmaccon @TheSundayGame Dea-scéal! An mbeidh an rogha tráchtaireachta ar fáil ar @GAAGO? #pleanRTÉ #pleanRTE — O Dubhda (@BriChualann) September 1, 2015
Cé nach raibh an Comhairleoir Dermot Lacey ó Pháirtí an Lucht Oibre róthógtha leis an bplean
@merrionstreet @rte I’d say it will have huge ratings.
— Cllr Dermot Lacey (@LaceyDermot) September 1, 2015
@merrionstreet @rte @EndaKennyTD for All the people who will understand it.
— Cllr Dermot Lacey (@LaceyDermot) September 1, 2015
Bhí an Taoiseach féin ag tógáil roinnt mhaith féiníní ar an lá…
Having great craic with this pair @eoghanmcdermo #EndaKenny #AnTaoiseach #PleanRTE pic.twitter.com/huGU0lUEwK
— Blathnaid Treacy (@BlathnaidT) September 1, 2015
Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás (le @CnaG, Buntús Cainte, #PleanRTÉ agus @EndaKennyTD)'