Scéalta na n-imirceach Gaeltachta a réitigh an cosán go Washington

Na mílte agus na milliúin imirceach as Éirinn, muintir na Gaeltachta ina measc, a réitigh an cosán sin go Washington don Taoiseach agus do cheannairí Thuaisceart Éireann

Scéalta na n-imirceach Gaeltachta a réitigh an cosán go Washington

I Roinn an Léinn Chlasaicigh in Ollscoil Princeton i New Jersey i mbliana, fuair fear óg darb ainm Evan Brandon a PhD dá thráchtas faoin teideal Making Sense of Humanity: Narrative and Sense Perception in the Gilgamesh Epic. Bhí seisean go maith, ach bhí fear óg eile ar comhchéim leis, Theodore Clement a scríobh Coming Full Circle: Studies in Poetics, Circularity and Progression in the Poetry of Boethius’ Consolation of Philosophy. Bronnadh Gradam Cuimhneacháin an Ollaimh John Keaney ar an mbeirt acu.

Sé Princeton an ceathrú hOllscoil is faide atá ar an bhfód i Meiriceá. Ní furasta a dhul taobh istigh den doras ann mar mhac nó mar iníon léinn; ní éiríonn ach le 5.2% díobh siúd a thugann iarraidh faoi áit a fháil i Princeton.

D’fhág an fear a bhfuil an gradam don léann clasaiceach ainmnithe in ómós agus in onóir dó, a lorg go láidir ar Princeton ar feadh breis agus dhá scór bliain.

Bhí an tOllamh John Keaney i Roinn an Léinn Chlasaicigh ansin ó 1959 go dtí an bhliain 2000 nuair a d’éag sé. Ba as pobal Charna i nGaeltacht Chonamara a athair agus a mháthair – Beartla Ó Caodhna as Gabhla agus Bríd Ní Uaithnín as Maínis. Imircigh go Meiriceá a bhí sa mbeirt acu. Bhí cónaí orthu in Dorchester i mBoston. B’iontach an iarraidh a thug mac leo faoin saol acadúil i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí sé ina Ollamh i gColáiste ‘Ivy League’ agus cáil mhór air ansin tar éis glúin amháin i snátha na himirce.

B’fhéidir go bhfaigheadh Evan Brandon agus Theodore Clement tuilleadh eolais faoin Ollamh John Keaney amach anseo. B’fhéidir go bhfaighidís léargas eile ar an saol agus ar an mistéir a bhaineann leis an gcine daonna dá bhfaighidís eolas iomlán ar an áit as ar eascair mianach John Keaney agus an t-oileán beag feosaí as a dtáinig a shinsear roimhe. An tOileán is Faide an t-ainm atá ar an oileán sin, ach thugadh muide ‘Oileán an Fhíodóra’ air.

Na laethanta seo, agus dream na cumhachta as Éirinn cruinnithe ar an Teach Bán, is dual dúinn cuimhneamh gurb iad na mílte agus na milliúin imirceach as Éirinn a réitigh an cosán sin go Washington don Taoiseach agus do cheannairí Thuaisceart Éireann.

Níl sampla níos fearr den chrógacht agus den éirim a bhain leis na himircigh sin ná teaghlach na gCaodhnach as an oileáinín rite, Oileán an Fhíodóra, ar chósta bhaile Ghabhla in iarthar Chonamara.

Tá an balla ansin fós ar Oileán an Fhíodóra, é feannta ag an aimsir agus é anois ar dhath liath na farraige. Ansin a rugadh Micheál Ó Caodhna, fíodóir agus feilméara, in 1851. Fuair sé aois mhór, rud a bhain le go leor den na Caodhna, bail ó Dhia orthu. 97 a bhí sé nuair a shéalaigh sé.

Bhí ochtar clainne aige féin agus a bhean Pen (Ní Uaithnín) Chuaigh seisear acu go Meiriceá, duine go hAlbain agus d’fhan duine (Seán) sa mbaile i nGabhla. D’aistríodar isteach ar an mórthír le himeacht na haimsire. Bhí Colm ar dhuine acu sin a chuaigh go Meiriceá agus tá cáil dhomhanda ar a gharmhac siúd mar dhochtúir agus saineolaí croí. Sin é an máinlia, John Keaney eile. Tá seisean ina cheannasaí ar chláracha taighde agus leigheas croí agus tá sé ina leas-eagarthóir ar an New England Journal of Medicine, ceann d’fhoilseacháin mhóra leighis an domhain. Sé a bhunaigh iris Fhondúireacht Croí Mheiriceá freisin. “Níl mórán ionad nó rannóg croí in Ollscoileanna nach bhfuil céim oinigh tugtha acu dó,” a deir comhghleacaí leis liom.

Is é freisin atá i gceannas ar staidéar fadtéarmach ar na céadta míle iarshaighdiúir le súil agus go bhfaighfear amach cén fáth a n-éiríonn le daoine thar a chéile éalú ó mhairgí éagsúla sláinte fiú agus go mbíonn siad ag sárú comhairle dochtúirí.

Tá sé í gceist ag an máinlia John Keaney a theacht go Conamara sa mBealtaine agus beidh fáiltiú dó in Ionad na nImirceach i gCarna.

Ba é Beartla an Fhíodora athair an Ollaimh i Princeton. Fear géimiúil a mhair go raibh 101 bliain caite aige. Bhí sé tugtha síos dó go raibh sé ar an tiománaí ba shine i Meiriceá, 99 bliain a bhí sé nuair a d’éirigh sé as an tiomáint. Ba bhreá uaidh Gaeilge a labhairt fiú agus go raibh ionann agus 80 bliain caite aige sna Stáit nuair a d’fhág sé slán ag an saol.

Ba iadsan aithreacha John Keaney, an máinlia agus saineolaí croí i Massachusetts, agus John Keaney, an tOllamh leis na Clasaicí in Ollscoil Princeton. Tá snátha ginealais a ndreama fáiscthe isteach sna clocha liatha i seanbhalla cloiche ar Oileáinín an Fhíodóra.

Tá na Caodhna a bhain leis an dá John Keaney bunaithe go láidir i mbaile seo Ghabhla fós; sin iad Caitlín Uí Chonaire (Ní Chaodhna) agus Seán Ó Caodhna. Is breá liom gur comharsana liom iad ar an gcaoi chéanna a raibh Beartla – mar a mhíníodh sé dom go gealgháireach – ina chara mór le mo sheanathair, Sonaí Josie Phádraig, ar an mbaile céanna seo fadó.

Nuair a fheicim uaim an tOileán is Faide – Oileán an Fhíodóra – buailte ar chladach an bhaile seo, tá a fhios agam nach oileáinín ‘beag’ é seo. Tá súil agam go dtuigeann Evan Brandon agus Theodore Clement in Princeton gur údar bróid dóibh Gradam John Keaney ar chúiseanna go leor.

Fág freagra ar 'Scéalta na n-imirceach Gaeltachta a réitigh an cosán go Washington'