Scéal Shiobhán Ní Ghadhra ina chúrsa scannánaíochta ann féin

Chuaigh Siobhán Ní Ghadhra ón Spidéal go dtí an Domhan Mór agus tá ar fhoghlaim sí á roinnt anois aici

Scéal Shiobhán Ní Ghadhra ina chúrsa scannánaíochta ann féin

Tar éis na hollscoile, bhí Siobhán Ní Ghadhra idir dhá chomhairle faoin ngairm a leanfadh sí.  D’fhéadfadh sí post mar mhúinteoir a fháil ar chuma ar bith, a dúirt sí léi féin.

Ach tharraing tionscal na scannán í agus fuair sí a céad jab le Concorde Anois – stiúideo Roger Corman i gConamara agus chaith dhá bhliain ag déanamh chuile chineál oibre ann. Fuair go leor daoine, atá fós ag obair i dtionscal na scannán agus teilifíse, taithí ar an tionscal den chéad uair le stiúideo Corman.

Bhí cáil an ‘bhuiséid ísil’ ar Corman, Meiriceánach a rinne speisialtóireacht i mbealaí le hairgead a shábháil. Chuala mé uair amháin faoi charr a úsáideadh ar an láthair scannáin, carr mór Meiriceánach. Bhí dath áirithe ar thaobh amháin den charr agus dath iomlán difriúil ar an taobh eile ionas go bhféadfaí é a úsáid ag taisteal i dtreonna éagsúla, ag tabhairt le fios gur dhá charr a bhí ann.

Bhí an íocaíocht sách beag ach fuair sí taithí an-leathan agus faoi dheireadh bhí sí ina bainisteoir léirithe ar scannáin ann. Ach dúnadh Stiúideo Concorde Anois agus fágadh Siobhán gan jab. Bhí an mhúinteoireacht sa gcúlra i gcónaí, ar ndóigh.

Ansin fuair sí glaoch ó Bhríd Seoighe a bhí ag obair le Telegael ag an am. Fuair Siobhán post le Telegael, a bhí ag cur béime ar chláracha do pháistí. Chaith sí tamall ansin ina stiúrthóir ag cur athghuthú ar na cláracha a ceannaíodh thar lear. Faoi cheann sé mhí bhí sí ina bainisteoir léiriúcháin ann. (Agus d’imigh Brid Seoighe lena comhlacht ‘Abú Media’ a bhunú lena clann féin.)

Agus í ag cuimhneamh siar ar na blianta sin anois, cuimhníonn Siobhán ar an ionadh a bhí ar dhaoine go ndearna Telegael ‘comhléiriú’ le comhlachtaí thar lear. Ní chreidfeadh na dreamanna a casadh orthu thar lear go raibh comhlacht beag i mbaile beag Gaeltachta i mbun na hoibre sin.

‘Ach bhí an teicneolaíocht ag bogadh ar aghaidh,’ arsa Siobhán anois. Ar bhealach bhí an teicneolaíocht atá in úsáid ag gach éinne anois agus iad ag obair ón mbaile, acusan an uair sin toisc go raibh ceangal láidir idirlín acu, deir sí.

Tar éis 14 bliain a chaitheamh le Telegael, bhunaigh Siobhán a comhlacht féin Danú Media. Thart ar an am sin, bhí Máire Ní Thuathail, nach maireann, ag smaoineamh ar éirí as an obair le Eo Teilifís, an comhlacht a bhí i mbun Ros na Rún (le Tyrone Productions).

Agus iad i mbun pleanála chuige sin, thóg Siobhán post mar bhainisteoir léirithe le Ros na Rún go mbeadh tuiscint níos fearr aici ar an obair.

Cailleadh Máire in 2016 tar éis tinnis, agus thóg Siobhán agus Danú Media an obair idir lámha, chomh maith le comhlachtaí eile a bhí faoi stiúir Mháire. Ina measc bhí an gnó traenála a bhunaigh Máire le Gréasán na Meán.

Agus tugann an chéim sin ar aghaidh muid go dtí an chéim agus an obair is deireanaí atá glactha orthu ag Siobhán agus a fear céile John Brady.

Tá comhlacht nua as an bpíosa bunaithe acu – An tAcadamh Atlantach – agus béim mhór acu ar thraenáil daoine sa tionscal closamhairc. Tá siad i bpáirt le Fís Éireann san obair seo a bheas dírithe ar dhrámaíocht agus ar ghnéithe eile den tionscal freisin.

Gné amháin a bheas thar a bheith tábhachtach ná an traenáil trí mheán na Gaeilge, dóibh siúd a bheas ag cuartú oibre san earnáil sin. Dar le Siobhán go bhfuil ganntanas mór daoine le Gaeilge le dhul i mbun oibre ar chláracha nó ar scannáin Ghaeilge.

Ceann de na fáthanna atá leis sin, ná go bhfuil ag éirí chomh maith sin leis an tionscal faoi láthair sa Ghaeltacht. Tá sé ag tarlú le blianta ach tá an fhadhb an-soiléir anois. Faigheann daoine traenáil den scoth ar léiriúcháin Ghaeilge, ar nós Ros na Rún, mar shampla. Ansin imíonn siad go Baile Átha Cliath, chuig leithéidí Fair City nó go Sasana, áit a bhfeictear a gcuid ainmneacha luaite le leithéidí Eastenders agus caithfear daoine nua a earcú ina n-áit agus tosú ar an traenáil in athuair.

Chaithfinn aontú léi sa méid sin – casadh go leor ‘céimithe’ de chuid Ros na Rún orm in RTÉ thar na blianta agus bhíodh ardmheas orthu toisc an traenáil den scoth a bhí faighte acu sa Spidéal.

‘Tá sé an-deacair daoine a choinneáil sa cheantar,’ arsa Siobhán liom. ‘Fanfaidh siad dó nó trí de bhlianta le Ros na Rún, mar shampla, ach imíonn siad ansin áit a bhfaighidh siad séasúr oibre níos faide agus airgead níos fearr.’

‘Feicim iad ag imeacht go Baile Átha Cliath, go Luimneach – agus is mór an peaca é. B’fhearr leo fanacht sa mbaile ach ní fhéadfaidh siad.’ 

Rud amháin atá in easnamh go mór i gceantar na Gaillimhe ná stiúideo mór ina bhféadfaí radharcanna scannán a thaifeadadh iontu. Sin togra eile atá ar na bacáin anois ag Siobhán agus ag John. ‘Atlantic Studios’ atá siad a thabhairt ar an gcuid sin den ghnó. 

Beidh an gnó seo suite sa sean-aerfort i gCarn Mór na Gaillimhe.

‘Tá infreastruchtúr tábhachtach,’ a deir Siobhán. ‘Beidh dhá ‘hangar’ atá 12,000 troigh cearnach an ceann, in úsáid ar dtús ach beimid ag cur leo amach anseo.’

Caithfidh siad fanacht ar chead pleanála don chéim sin, agus idir an dá linn beidh siad ag cur tús leis an traenáil.

Tugann sí gach creidiúint go TG4 as ucht comhoibriú leis an tionscadal traenála. ‘Oibrímid lámh ar lámh le TG4,’ arsa sí. ‘Tá baint mhór ag TG4 leis an earnáil i nGaillimh.’ Tá TG4 ag maoiniú an chéad chúrsa i nGaeilge a bheas ar bun ag an Acadamh Atlantach.

Dianchúrsa teilifíse a bheas ann – 10 seachtaine ar fad. Caithfidh Gaeilge a bheith ag na hiarrthóirí a bheas ag cur isteach ar an gcúrsa. Beidh tréimhse taithí oibre i gceist freisin leis, a chlúdóidh chuile ghné d’obair na hearnála – ceamara, scríobh, dlí, stiúrthóireacht, eagarthóireacht agus mar sin de. Íocfar liúntas maireachtála leis na daoine a bheas páirteach ann. 

Agus í ag breathnú timpeall uirthi anois agus an méid rudaí spéisiúla atá á ndéanamh aici, bíonn Siobhán fós buíoch as an am le Roger Corman agus ar an tréimhse a chaith sí le Telegael ag obair ar chláracha teilifíse. Agus tá duais Emmy curtha in áit éicint sábháilte freisin, mar aitheantas ar an obair cheannródaíochta sin.

Aon duine ar spéis leo an chéad chúrsa ag an Acadamh Atlantach, cuir CV agus litir chuig dlt@atlanticacademy.ie

Fág freagra ar 'Scéal Shiobhán Ní Ghadhra ina chúrsa scannánaíochta ann féin'

  • Tomás Mac Con Iomaire

    Go néirí go geal leat a Shiobháin agus John. Is mór an t-ábhar misnigh sibh.