‘Scéal iontach don leithinis’ – bonn Oilimpeach buaite don Bhreatain ag rothaí Gaeltachta

Bhuaigh Josie Knight, cainteoir Gaeilge agus iardhalta de chuid Scoil an Ghleanna sa Daingean, bonn airgid don Bhreatain sa rás tóraíochta faoi dhíon an tseachtain seo

‘Scéal iontach don leithinis’ – bonn Oilimpeach buaite don Bhreatain ag rothaí Gaeltachta

Tá muintir Chorca Dhuibhne “an-mhórtasach” as an éacht atá déanta ag rothaí a tógadh i nGaeltacht Chiarraí ag na cluichí Oilimpeacha.

Bhuaigh Josie Knight, cainteoir Gaeilge agus iardhalta de chuid Scoil an Ghleanna sa Daingean, bonn airgid don Bhreatain i rás tóraíochta fhoireann na mban ag tús na seachtaine.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Príomhoide Scoil an Ghleanna, Seanchán Mac Gearailt, gur “scéal iontach” don leithinis agus don tír ar fad é bua iardhalta de chuid na scoile ag na cluichí Oilimpeacha.

“Ta muid thar a bheith sásta, bródúil, mórtasach, scéal iontach is ea é don leithinis agus don tír ar fad i ndáiríre.

“Is í Josie an chéad bhean ó Chiarraí a bhain bonn d’aon sórt ag na cluichí Oilimpeacha agus ba cheart don chontae agus don tír ar fad ceiliúradh a dhéanamh mar gur tógadh sa tír seo í agus is cainteoir líofa Gaelainne í,” a dúirt Seanchán Mac Gearailt.

Tá ráite ag Knight, a rugadh gar do Aylesbury Shasana agus ar aistrigh a muintir go dtí an Daingean nuair a bhí sí 18 mí, gur bhraith sí riamh gur Bhriotanach í.

Bhí Knight, atá 24 bliain d’aois, ar fhoireann rothaíochta na hÉireann agus ghlac sí páirt i roinnt comórtas ar son na hÉireann sula ndeachaigh sí le foireann Shasana in 2019.

Cé go bhfuil tuismitheoirí agus muintir Knight ina gcónaí i gCorca Dhuibhne go fóill, d’fhill sí ar Shasana sna déaga chun aghaidh a thabhairt ar an rothaíocht.

Dúirt Príomhoide Scoil an Ghleanna go raibh “an rothaíocht i gcónaí sa cheann” ag Josie Knight agus gur thapaigh sí an deis dul san iomaíocht ag na cluichí Oilimpeacha le Foireann Shasana nuair nach raibh aon deis le foireann rothaíochta na hÉireann.

Dea-scéal a bhí ann don rothaí óg, ar iardhalta de chuid Phobalscoil Chorca Duibhne í chomh maith, nuair a fógraíodh anuraidh go raibh na Cluichí Oilimpeacha á gcur siar go 2021.

Tháinig “athrú iomlán” ar a cuid spriocanna “taobh istigh de roinnt uaireanta an chloig”, a dúirt sí, nuair a tháinig an fógra go raibh na Cluichí Oilimpeacha curtha siar go dtí 2021.

“Tuigim go maith gur lúthchleasaithe iontacha iad an chuid eile den fhoireann, cuid acu is seaimpíní Oilimpeacha iad. Is mian liom fáil amach cé chomh fada is féidir liom dul,” arsa Josie Knight.

Tá freagra na ceiste sin anois aici.

Fág freagra ar '‘Scéal iontach don leithinis’ – bonn Oilimpeach buaite don Bhreatain ag rothaí Gaeltachta'