Scéal faoi cheapadh bhord nua Údarás na Gaeltachta faighte ag comhaltaí ceithre mhí ó shin

Níl aon fhógra poiblí déanta ag an Údarás ná ag Roinn na Gaeltachta faoi shíneadh a bheith curtha le tréimhse an bhoird

Scéal faoi cheapadh bhord nua Údarás na Gaeltachta faighte ag comhaltaí ceithre mhí ó shin

Tá sé deimhnithe ag ball de bhord Údarás na Gaeltachta gur ceithre mhí ó shin a tháinig scéala go raibh sé féin agus baill eile le hathcheapadh ar an mbord ar feadh téarma dhá bhliain eile.

Agus é ag labhairt ar an gclár An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Micheál Ó Drisleáin go bhfuair sé scéal ag deireadh mhí na Samhna anuraidh go raibh síneadh le cur le tréimhse an bhoird go dtí deireadh 2026 nó níos luaithe ná sin má thugtar toghchán an Údaráis ar ais.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo go raibh síneadh a chur le tréimhse an bhoird gan aon fhógra poiblí a bheith déanta go fóill ag an Údarás ná ag Roinn na Gaeltachta faoi. Tháinig deireadh le tréimhse an bhoird dheireanaigh ag deireadh 2024 agus is léir anois go bhfuil roinnt de na comhaltaí a bhí ar an mbord sin athcheaptha agus comhaltaí nua eile ceaptha.

“Fuair mise scéal ag deireadh mhí na Samhna anuraidh is dócha, dála na ndaoine eile ar an mbord, ag rá go raibh síneadh le cur go dtí deireadh 2026 do na daoine a bhí ann agus an t-aon choinníoll a bhí leis sin ná go mbeadh deireadh curtha leis an mbord má tharlaíonn toghchán sa thréimhse sin,” a dúirt Ó Drisleáin.

I ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc an tseachtain seo, dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta go raibh bord nua ceaptha agus go raibh ceapacháin cuid de na comhaltaí faofa ag an Aire Thomas Byrne, a bhí ina aire stáit don Ghaeltacht sa rialtas deireanach. Aire nua na Gaeltachta. Dara Calleary, a cheap an chuid eile i mbliana.

Dúradh go gceaptar an bord “tríd an bpróiseas ceapacháin arna leagan amach in Acht na Gaeltachta 2012” agus go ndéanfar fógra poiblí “sna laethanta beaga amach romhainn” ag dearbhú na gceapachán.

Ag labhairt ar An Saol ó Dheas freisin bhí an Comhairleoir Contae de chuid Fhianna Fáil, Breandán Mac Gearailt, atá athcheaptha ar bhord an Údaráis chomh maith mar ionadaí ar Chomhairle Contae Chiarraí.

Dúirt Mac Gearailt go raibh sé den tuairim gur chóir go mbeadh cead ag comhairleoirí contae seasamh sa toghchán do bhord Údarás na Gaeltachta. Mhaígh Mac Gearailt go bhfágfaí comhairleoirí contae ó cheantair Ghaeltachta gan chumhacht dá n-aistreofaí cumhachtaí áirithe ón gcomhairle contae go dtí Údarás na Gaeltachta agus mura mbeadh comhairleoirí ar an mbord.

Tá dreamanna áirithe ag moladh go dtabharfaí cumhachtaí breise maidir le cúrsaí tithíochta don Údarás agus moltaí ann go mbeadh ról acu sa gcóras pleanála chomh maith.

“Má tá tú chun an tithíocht a thógaint [ón gcomhairle], má tá mise chun dul isteach chuig Comhairle Contae Chiarraí ansin, níl an chumhacht céanna agam,” a dúirt Mac Gearailt.

“Má tá tú chun an chumhacht a thógáil ón gcomhairle contae agus a chur isteach san Údarás, caithfidh tú a bheith in ann a bheith i do chomhairleoir agus do bhall d’Údarás na Gaeltachta, má tá tú sásta rith i dtoghchán an Údaráis,” an comhairleoir ón Daingean.

Dúirt sé freisin gur chóir go mbeadh ionadaí ar an mBord ag gach ceantar Gaeltachta chomh maith, is é sin go mbeadh comhalta ó Chorca Dhuibhne agus duine eile ó Uíbh Ráthach ar an mbord i gcás Chiarraí, mar shampla.

Faoin struchtúr nua atá beartaithe do bhord Údarás na Gaeltachta, 16 comhalta a bheidh i gceist, seachas 12 mar atá faoi láthair, agus déanfaidh an pobal deichniúr díobhsan a thoghadh. Toghfar triúr chun an bhoird ó cheantar Gaeltachta na Gaillimhe, beirt ionadaithe a bheidh ag Dún na nGall agus beidh ionadaí amháin ag na cúig chontae Gaeltachta eile. Roghnófar an seisear eile a bheidh ar an mbord trí chomórtas poiblí.

Fág freagra ar 'Scéal faoi cheapadh bhord nua Údarás na Gaeltachta faighte ag comhaltaí ceithre mhí ó shin'