‘Scéal duairc tragóideach’ – baint ag 62% de bhásanna Covid-19 le hionaid chúraim chónaithe

Bhásaigh aon duine dhéag in aon teach altranais amháin i mBaile Átha Cliath le coicís anuas

‘Scéal duairc tragóideach’ – baint ag 62% de bhásanna Covid-19 le hionaid chúraim chónaithe

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gur bhásaigh aon duine dhéag in aon teach altranais amháin i mBaile Átha Cliath le coicís anuas.

Bhí toradh dearfach ar an tástáil do Covid-19 a bhí faighte ag deichniúr de na daoine a bhásaigh in Ospidéal Naomh Muire i bPáirc an Fhionnuisce agus meastar go raibh Covid-19 ar an duine eile a bhásaigh le linn na tréimhse céanna ón 2 Aibreán i leith.

Tá áit do nach mór 200 duine san ionad cónaithe ina ndéantar cúram do dhaoine atá amach sna blianta.

Is é cás Ospidéal Naomh Muire an léiriú is déanaí ar chruachás na n-ionad cónaithe agus cúraim a bhfuil “géarchéim náisiúnta” tugtha air.

Dúirt Ollamh Emeritus de chuid Rannóg na Sláinte Poiblí agus na hEipidéimeolaíochta i gColáiste Ríoga na Lianna, Ruairí Brugha,  gur chóir gur áiteanna cluthar sábháilte a bheadh i dtithe altranais ach gurb amhlaidh gur “neadacha ionfhabhtuithe” iad.

Dúirt an tOllamh Brugha ar Morning Ireland gur scéal “duairc tragóideach” a bhí i scéal na n-ionad cónaithe. 

355 ionad cúraim sa Stát atá buailte ag an gcoróinvíreas, agus tithe altranais is ea 196 acusan.

Ionaid phríobháideacha a bhí i 186 den 355 ionad agus bhain 112 acu leis an HSE. Ionaid chúraim eile a fhaigheann a maoiniú go léir nó cuid de ón Stát a bhí i 28 ionad eile. Ionaid de chineál eile a bhí i naoi gcinn.

San oirthear a bhí an chuid is mó de na hionaid a buaileadh ach bhí neart acu sa Ghaillimh agus i Maigh Eo chomh maith. 16 ionad a buaileadh sa Ghaillimh agus 14 a buaileadh i Maigh Eo.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, den 487 bás a tuairiscíodh ó dheas ó thús na ráige Covid-19, bhain 302 acu, nó 62%, le daoine a bhí i dtithe altranais nó ionaid chúraim eile. 253 acu a bhain le tithe altranais, nó 55%.

Agus an HSE ag iarraidh dul i ngleic leis an ngéarchéim sna hionaid chúraim, táthar le hoibrithe sláinte a aistriú go dtí áiteanna a bhfuil gá leo, táthar le tástáil don ghalar a chur ar gach duine atá ina gcónaí sna hionaid agus cuirfear PPE agus trealamh breise eile ar fáil.

Idir an dá linn, d’fhéadfadh líon na marbh sa Tuaisceart a bheith i bhfad níos airde ná mar atá á thuairisciú.

De réir eolais a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (Nisra) amach inniu d’fhéadfadh líon na mbásanna a bheith aon trian níos airde ná mar atá á thuairisciú.

D’fhéadfadh 39 bás níos mó ná mar a tuairiscíodh a bheith ann de réir fhigiúirí Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (Nisra), a bhfuil briseadh síos ar líon na mbásanna de bharr Covid-19 foilsithe den chéad uair acu.

157 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 10 Aibreán, 109 bás san ospidéal, 41 bás in ionaid chúraim agus seacht mbás ag baile.

118 bás a thuairiscigh an Gníomhaireacht Sláinte Phoiblí don tréimhse chéanna. Ach oiread leis an mBreatain, básanna san ospidéal amháin a chuireann na húdaráis sláinte ó thuaidh san áireamh.

Dúirt LeasChéad-Aire an Tuaiscirt Michelle O’Neill gur léiriú níos cruinne staitisticí nua Nisra ar “scála na paindéime sa phobal”.

Tá 18 duine eile básaithe sa Tuaisceart de dheasca ráig an Covid-19, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón nGníomhaireacht Sláinte Phoiblí.

663 duine atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 487 duine ó dheas den teorainn agus 176 duine ó thuaidh di.

Fág freagra ar '‘Scéal duairc tragóideach’ – baint ag 62% de bhásanna Covid-19 le hionaid chúraim chónaithe'