Deacair a shamhlú go bhfuil an tsraith faisnéise Scannal ar an bhfód le fiche bliain. Fé mar a dúirt an láithreoir Garry Mac Donncha linn i dtosach Scannal 20 Bliain (RTÉ1, Dé Luain, Dé Máirt, Dé Céadaoin) tá cuntais tugtha ag an tsraith ar scéalta a chur alltacht orainn, a bhain deora asainn agus a chur faoi gheasa sinn. Gach rud ó scéal an Birmingham Six, stailc iománaithe Chorcaí agus an chonspóid faoin floozie sa jacuzzi.
Tá an tsraith, amhail Reeling in the Years, neadaithe i nósanna féachana an phobail. Saothar a sheolann siar bóithrín na smaointe tú le súil a chaitheamh ar chonspóidí agus áiféis na staire. Le comóradh a dhéanamh ar an gcloch mhíle atá bainte aige tá trí chlár uair an chloig curtha i dtoll a chéile faoi théamaí éagsúla; cláir a craoladh trí oíche as a chéile an tseachtain seo.
Múnla an chláir ná míreanna ós na cláir éagsúla a bhain leis na téamaí éagsúla a thaispeáint in athuair, a uasdátú agus a phlé as an nua. Bhí aíonna éagsúla, leithéidí Harry McGee, Bernie Ní Chuinn, Páraic Breathnach agus Gráinne McElwain bailithe isteach i seomra féachana le dreasanna cainte a dhéanamh. Is múnla é a d’oibrigh go maith, dar liom.
D’éirigh leis an gcur chuige téamach anailís a dhéanamh ar shruth eachtraí agus táim ag cuimhneamh go háirithe ar an dara gála a dhein iniúchadh ar ghluaiseacht chearta na mban. Is ina mbeirteanna a bailíodh isteach iad agus chuir an gach re sea eatarthu beocht ar leith sa chlár.
Bhain an chéad chlár, Believe in Me (ní thuigim canathaobh nach bhféadfaí smuitín Gaeilge a chaitheamh sa teideal), le scéalta éithigh agus ócáidí nuair a chuir daoine a dhá gcos ann. Bhí trácht ar chonspóid na cathaoireach ar an Late Late, agallamh míchlúiteach Pádraig Flynn ar an gclár céanna, agallamh áiféiseach Joe Jacob le Marian Finucane agus scéal Brian Lenihan. Is cúrsaí spóirt a bhí idir chamáin sa tríú clár agus gach rud ó láimhseáil Thierry Henry go círéibeacha Bhóthar Lansdúin idir chamáin. Sé an tarna clár, Only a Woman, is mó a chuaigh i bhfeidhm orm. Thug sé cuntas ar ghluaiseacht chearta na mban ó na seachtóidí i leith agus éagóracha a deineadh ar mhná i gcaitheamh na mblianta. Lárnach anseo bhí scéal Ann Lovett agus Joanne Hayes; dhá scéal a bhaineann creathadh asam i gcónaí. Go deimhin ba é scéal Lovett a bhí sa chéad chlár de chuid Scannal.
Tráchtadh chomh maith ar fheachtais Mary McGee agus Ellen Flynn. Tá uafás faoi leith ag baint leis na scéalta seo ar fad nuair a chíonn tú in aon chlár amháin le chéile iad. Gné eile den chlár seo a sheas amach dom ná gur cuireadh Rónán Mullen agus Caoimhe Ní Laighin i mbun cainte le chéile i gclár na mban. Ba phéire corr iad seo i gcomparáid leis na cinn chuileachtúla eile. Tuairimí éagsúla acu faoin ábhar sollúnta a bhí idir lámha. Ní ghéilleadar orlach dá chéile ach bhíothas measúil, tomhaiste i rith an ama. Is annamh sin i ré seo na háibhéile agus an mhímhúinte.
Gura fada buan é Scannal agus más aon chomhartha é nádúr an duine ní bheadh aon easpa scéalta orthu.
Fág freagra ar '‘Scannal’ – sraith atá neadaithe i nósanna féachana an phobail'