Sásamh agus tairbhe agus ardú meanman ag Oireachtas Bhéal Feirste

Bhraith mé i rith an ama i mBéal Feirste go raibh muid i nGaeltacht agus go raibh pobal mór na Gaeilge sa chathair inár gcuideachta

Sásamh agus tairbhe agus ardú meanman ag Oireachtas Bhéal Feirste

‘Fáilte is féasta ar bhruacha Loch Lao

Cathair faoi bhláth í beoga lán brí

Gáire ár sinsear is fuaim na todhchaí

Oireachtas éachtach a chuir áthas ar chroí’

Is deas mar a chuir Tomaí Rua Ó Conghaile síos ar Oireachtas na Samhna 2025.

Chaith mé féin ón Chéadaoin go Satharn i mBéal Feirste agus is mé a bhain sásamh agus tairbhe agus ardú meanman as.

hInstear domh gur chuir An Oscailt Oifigiúil san ICC ar an Chéadaoin tús iontach leis an fhéile agus na slóite i láthair. Bhí dhá Uachtarán inspioráideach i láthair – Éamon Ó Cuív, Uachtarán an Oireachtais agus ár nUachtarán úr féin, Catherine Connolly.

An tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, a rinne an fhéile a sheoladh go hoifigiúil. Bhí scoth na siamsaíochta ó Chleamairí Bhéal Feirste, Gearóidín Breathnach, Burnchurch agus Cór na nÓg Caisleán Ruairí. Tús iontach leis an fhéile!

Chuir Catherine Connolly, Uachtarán nua-thofa na hÉireann, go mór le hOireachtas na bliana seo. D’fhan sí féin agus a fear céile ó thús go deireadh na féile agus iad ag freastal ar na himeachtaí ar fad. Nach orainn atá an t-ádh gur í a bheas againn mar Uachtarán!

Ba Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais ceann de bhuaicphointí na féile. Bhí sé ar siúl Oíche Chéadaoin i Halla na Cathrach. Ba chuí gur san fhoirgneamh mhaorga stairiúil seo a bhí an ócáid ar siúl. Ba seo áit nach leagadh Gaeil an Tuaiscirt cos ar feadh na mblianta agus na gcianta. Tháinig athrú ar an athrú! Chomh maith leis na gradaim teilifíse agus raidió, bronnadh An Buaicghradam ar An Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann agus Gradam Speisialta ar Raidió Fáilte, Béal Feirste. Ba bhreá mar a labhair na buaiteoirí éagsúla ach ba cuid cainte Mháirtín Mhic Gabhann is mó a chuaigh i bhfeidhm ar an tslua nuair a bronnadh lóchrann Oireachtais ar a mhac Dáithí. Tá Dáithí a rugadh in 2016 ag fanacht le croí úr ó bhí 2018. Tugadh Dlí Dháithí isteach in 2023 a chiallaíonn go bhfuil achan duine fásta sa Tuaisceart áirithe mar dheontóir orgáin. Teaghlach agus gasúr cróga!

Is deas go bhfuil fás agus forbairt ag teacht ar an fhéile bliain i ndiaidh bliana. Cuireadh tús le comórtais úra – Rapcheol do dhaoine óga agus baill de Kneecap, DJ Próvaí agus Móglaí Bap, mar mholtóirí agus Amhránaíocht Aonair le Tionlacan Giotáir agus Corn Cuimhneacháin Albert Fry mar phríomhdhuais. Bhí tionchar mór ag cuid amhránaíochta Albert ar chúpla glún Gaeilgeoirí i dTuaisceart na hÉireann go díreach mar atá ag Kneecap ar ghlúin óg an lae inniu.

Bhí sé dodhéanta freastal ar achan rud a bhí ar siúl ag an Oireachtas mar go raibh an clár imeachtaí chomh cuimsitheach sin (bhí 186 imeacht ann ón Chéadaoin go dtí an Domhnach!). Beidh a rogha féin ag achan duine de bhuaicphointí fhéile na bliana seo ach chuaigh ócáidí agus nithe áirithe i bhfeidhm orm féin …. Bronnadh na nGradam Cumarsáide i Halla na Cathrach …. Piaras Ó Lorcáin agus Na Railway Boys agus Seán Mac Corraidh agus Na Hot Whiskeys ar an ardán ag Club na Féile sa Europa … Díograis Mháirín Uí Chéide ag Casadh an tSúgáin achan oíche… … An t-atmaisféar ag Aonach an Oireachtais i rith an lae agus seanchairde ag bualadh le cheile … na Gaeilgeoirí as tíortha eile, go háirithe as Stáit Aontaithe Mheiriceá, a bhi i láthair agus a ghlac páirt I gcomórtais … An caighdeán ard a bhí i gcomórtais na ndaoine óga …. An spórt agus an spraoi ag comórtas na Lúibíní agus na Scéitseanna do dhaoine fásta agus an halla ag cur thar maoil …  An tóir a bhí ar na príomhchomórtais amhránaíochta agus rince do dhaoine fásta … Agus thar aon rud eile, na teaghlaigh óga as gach cearn den tír agus iad ag dul ó sheomra go seomra, agus ó chomórtas go comórtas.

Chuir na meáin chumarsáide go mór leis an Oireachtas. Ar an bhealach chuig an Oireachtas dom féin ar an Chéadaoin, rinne Dónall Mac Ruairí agus Cóisir Ceoil beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Bhéal Feirste mé a thionlacan agus ag pilleadh ‘na bhaile dom bhí Michelle Nic Grianna agus Seó an Oireachtais ag craoladh beo ón ICC. Bhí os cionn 20 uair an cloig de chraoltaí beo ón Oireachtas ar an stáisiún ón Chéadaoin go dtí an Domhnach. Éacht!. Chuir sruthanna agus cláir bheo TG4 go mór leis an Oireachtas don lucht féachana sa bhaile agus chuir an taifeadadh go mór le hatmaisféar na gcomórtas sna hallaí éagsúla. Bhí BBC Gaeilge, Raidió Fáilte, Raidió Rí Rá agus Raidió na Life ag craoladh beo ón Oireachtas chomh maith.

Tá fás mór tagtha ar achan ghné den Oireachtas le blianta beaga anuas. Bhí go leor den tuairim go mbeadh Béal Feirste ró-scaipthe agus gur dheacair Cill Airne a shárú. Ní dóigh liom go raibh an ceart acu. Bhí na comórtais ar fad, Aonach an Oireachtais agus go leor de na himeachtaí eile i gcompord agus i sócúl an ICC ar bhruacha an Lagáin. D’fhéadfá an lá ó mhaidin go hoíche a chaitheamh san ionad agus do bhealach a dhéanamh ansin chuig na himeachtaí oíche agus sóisialta de shiúl na gcos nó i dtacsaí. Tá súil agam nach mbeidh sé i bhfad go mbeidh Oireachtas na Gaeilge in ionaid eile ar fud na tíre.

Is cinnte go rachaidh an tOireachtas i bhfeidhm ar phobal Ghaelach Bhéal Feirste agus an Tuaiscirt agus beidh siad ar bís go dtiocfaidh sé ar ais chucu gan mhoill. Bhraith mé i rith an ama i mBéal Feirste go raibh muid i nGaeltacht agus go raibh pobal mór na Gaeilge sa chathair inár gcuideachta. Focla Liam Uí Charráin a thig i mo cheann. Is cinnte go mbeadh sé iontach sásta go raibh Oireachtas na Gaeilge ar ais i mBéal Feirste Cois Cuain:

‘Dá dtiocfadh an lá choíche a mbeadh an strainséir ar shiúl
Ba gheal le mo chroí é is ba shuaimhneach mo shuan,
Bheadh an tsíocháin arís ann go mall is go luath,
Ó, a Chríost amharc anuas ar Bhéal Feirste cois cuain.’

Fág freagra ar 'Sásamh agus tairbhe agus ardú meanman ag Oireachtas Bhéal Feirste'