Sárú na nGardaí ar an dlí teanga le plé leis an Taoiseach

Deir an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee go bhfuil sí chun ‘teip’ an Aire Dlí agus Cirt déileáil le sárú na nGardaí ar an dlí teanga a phlé leis an Taoiseach

Sárú na nGardaí ar an dlí teanga le plé leis an Taoiseach

Tá cáineadh déanta ag Seanadóir de chuid Fhianna Fáil ar ‘theip’ an Aire Dlí agus Cirt dul i ngleic leis an sárú atá á dhéanamh ag an nGarda Síochána ar a dhualgas i leith na Gaeilge.

Deir an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee go bhfuil “ionadh agus fearg” uirthi nach bhfuil iarracht níos mó déanta ag an Aire Helen McEntee chun a chinntiú nach bhfuil na dualgais reachtúla i leith na teanga atá orthu á sárú an nGarda Síochána.

Agus í ag labhairt le Tuairisc, dúirt Clifford-Lee go raibh sé i gceist aici an scéal agus a míshástacht a phlé leis an Taoiseach Micheál Martin.

“Is teip ollmhór atá anseo,” a dúirt sí. “Tá sárú dlí, sárú cearta daonna i gceist ach níl an tAire sásta aon rud a dhéanamh faoi.”

Nuair a tháinig an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais le gairid, d’fhiafraigh Clifford-Lee de an raibh aon teagmháil déanta ag an Aire McEntee leis tar éis dó tuarascáil a chur faoi bhráid an Oireachtais anuraidh faoin sárú a rinne an Garda Síochána ar an dlí teanga.

Dúirt Ó Domhnaill nach raibh ach dúirt sé freisin gur bhain an obair a rinne a oifig ar an ábhar go sonrach leis an nGarda Síochána. Mar sin féin, mheas an Seanadóir Clifford-Lee go raibh sé “dochreidte” nár labhair an tAire Dlí agus Cirt leis faoin scéal.

“Tá sé dochreidte nach bhfuil an tAire tar éis dul i dteagmháil leis an gCoimisinéir Teanga faoin gceist seo,” a dúirt Clifford-Lee le Tuairisc. “Dúirt an Coimisinéir gur ag plé leis na Gardaí a bhí sé ach tá dualgas ar an Aire brú a chur ar Choimisinéir na nGardaí maidir lena ndualgas teanga.

“Rud eisceachtúil é don Choimisinéir Teanga tuarascáil a chur os comhair an Oireachtais, rud nach bhfuil déanta ag an gCoimisinéir reatha ach trí huaire, ach fós níl tada á dhéanamh faoi. Cuireann sé ionadh agus fearg orm. Ní thuigim an meon atá ann i leith na Gaeilge agus cuireann sé frustrachas orm.

“Is léir go bhfuil an tAire sásta leis an stádas reatha. Ní thuigeann sí an fhadhb agus feiceann muid an teip chéanna arís agus arís eile.”

Bhain tuarascáil an Choimisinéara Teanga leis an sárú atá á dhéanamh ar an dualgas atá ar an nGarda Síochána dóthain Gardaí le Gaeilge líofa a chur ar dualgas sa Ghaeltacht. Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, leis an gcoiste nach raibh sé “mórán níos dóchasaí” anois go raibh an eagraíocht dáiríre faoi dheireadh a chur leis an sárú sin.

Dúirt sé gur fháiltigh sé roimh an straitéis don Ghaeilge a d’fhoilsigh an Garda Síochána níos luaithe i mbliana agus gur léiríodh díograis chun dul i ngleic leis an bhfadhb sna cruinnithe a bhí aige le Coimisinéir na nGardaí. Ach dúirt Ó Domhnaill chomh maith gur beag dul chun cinn atá déanta in ainneoin an mheoin sin agus in ainneoin, dar leis, nach mbeadh obair ollmhór le déanamh chun go mbeadh na Gardai ag comhlíonadh a ndualgas reachtúil.

“Ó thaobh na nGardaí de, ní dóigh liom gur ceist chomh mhór í nach bhféadfaí í a chur ina ceart sách sciobtha. Níl muid ach ag caint ar bheagán le cois 100 Garda atá ar stáisiún sa nGaeltacht,” a dúirt sé.

“Tá sé dochreidte i ndáiríre, ón am gur thosaigh muid an t-imscrúdú go dtí gur chríochnaigh muid an t-imscrúdú, nach raibh mórán athruithe tagtha ar chéatadán na nGardaí le Gaeilge in imeacht an ama sin. Droch-chomhartha é sin, sílim.”

Is in 2011 a rinne oifig an Choimisinéara Teanga imscrúdú ar theip an Gharda Síochána maidir le Gardaí le Gaeilge a bheith ar dualgas sa Ghaeltacht ach níor cuireadh na moltaí a d’eascair as an imscrúdú i bhfeidhm riamh.

Fág freagra ar 'Sárú na nGardaí ar an dlí teanga le plé leis an Taoiseach'