Saothar suimiúil fealsúnach, mothúchánach é Síolscéalta TG4

Clár breá é Síolscéalta nach bhfuil col le ciúnas aige agus nach leasc leis bogadh ar aghaidh ar a bhogstróc

Saothar suimiúil fealsúnach, mothúchánach é Síolscéalta TG4

Sraith faisnéise bhreathnaitheach í Síolscéalta a raibh an tríú gála di ar TG4 Déardaoin. Arís eile címid Aonghus Chóil Mhaidhc Ó Coistealbha ag cur allas na gcnámh ar thalamh a mhuintire in Indreabhán is é ag iarraidh glasraí orgánacha a fhás.

Is go ciúin agus go machnamhach a thugtar faoin ábhar. Níl ceol ná tráchtaireacht againn i rith an chláir ach an ceamara ag leanúint Aonghuis is é i mbun oibre. Paistí cainte díreach le ceamara anseo agus dreasanna cainte lena chomhghleacaithe ansiúd. Is saothar é seo atá go hiomlán teann as féin; níl col le ciúnas aige agus ní leasc leis bogadh ar aghaidh ar a bhogstróc.

Cuirtear abhaile orainn arís agus arís eile go bhfuil an-nasc ag Aonghus leis an bhfód dúchais agus tá a phaisean is a dhíograis  i leith na talún agus an bhia orgánaigh le moladh go mór.

Tá an seansaol agus an saol nua fite fuaite ina chéile i gcroí Aonghuis. Seantraidisiúin na feirmeoireachta á gcniotáil le modhanna inmharthana na buantalmhaíochta. Mothaíonn sé go bhfuil freagracht air luí le gairm a mhuintire agus gan ligint don talamh imeacht chun fiántais.

Labhraíonn sé go fealsúnach, mothúchánach faoin nasc a mhothaíonn sé leis an dream a chuaigh roimhe aon uair a bhíonn sé ag oibriú na talún. Ag an am céanna tá a chroí sa bhfeirmeoireacht orgánach. Ní haon phósadh corr é seo óir go raibh an bhuantalmhaíocht á cleachtadh ag an seandream i bhfad sular tháinig an téarma aduain seo ar an bhfód. Tá sé go hálainn cuid de na seanscileanna, ag baint le corrán, a fheiscint á gcniotáil le tuiscintí nua-aimseartha. Go deimhin tá leagan nua den mheitheal againn fiú le daoine, eachtrannaigh cuid mhaith acu, ag oibriú na talún agus bia/lóistín mar luach saothair acu.

Caithfidh Aonghus a chrústa a thuilleamh chomh maith agus sa chlár seo címid é ag oscailt siopa beag ar thaobh bóthair ghnóthaigh i gConamara. Arís eile tá macallaí na staire agus an traidisiúin tuaithe le brath nuair a thugann Aonghus le fios go bhfuil an siopa buailte ar an áit a mbíodh ceárta ag a shinsear fadó.

Glacaimid trua dó nuair atá sé díomách faoin gceannach ón siopa. Ní theastaíonn uainn go dtiocfadh lagmhisneach air; teastaíonn uainn go n-éireodh leis an bhfiontar seo. Admhaíonn Aonghus go hionraic go mb’fhéidir nach bhfuil éileamh ag muintir na háite ar bhia orgánach; an iomarca cleachtadh acu ar ollmhargaí. Deacair nósanna a bhriseadh. Ní nós nua atá anseo ach sean-nós agus seantraidisiúin nasctha le nósanna agus cur chuige nua; is mór an feall a bheadh ann mura n-éireodh leis.  Ní theastaíonn uainn go dtiocfadh deireadh le muintir Chóil Mhaidhc ag rómhar is ag taoscadh sna Creagáin.

Is cás linn iad agus tuigimid a dtábhacht. Dea-theist sin ar dhea-chlár.

Fág freagra ar 'Saothar suimiúil fealsúnach, mothúchánach é Síolscéalta TG4'

  • Paula Kehoe

    A Bhreandáin,
    Míle buíochas as an léirmheas álainn atá scríofa go healaíonta agat. Tá mé féin agus a foireann uilig a d’oibrigh ar an sraith Síolscéalta fíor-bhuíoch duit.
    Mise, le meas
    Paula
    Saoi Media