Saothar cumhachtach dóchasach ba ea ‘Biseach ón Ailse’ ar TG4

Thug clár faisnéise ar TG4  éachtaint ar an taighde eolaíoch atá ar thosach cadhnaíochta i gcomhrac na hailse

Saothar cumhachtach dóchasach ba ea ‘Biseach ón Ailse’ ar TG4

Deir Cumann Ailse na hÉireann g bhfaigheann 44,000 duine ailse gach bliain agus cailltear tuairim is 10,000 duine de bharr an ghalair. Fágann sin gur beag duine nó teaghlach nach bhfuil buailte ar shlí éigin ag an ngalar gránna seo. I gcaitheamh na mblianta áfach tá dul chun iontach déanta sa chomhrac i gcoinne na hailse. 50 bliain ó shin bhí ráta marthanais níos lú ná 50% ag ailse bhrollaigh agus phróstataigh. De bharr an dul chun cinn atá déanta ó thaobh cóir leighis de, tá ráta marthanais os cionn 85% anois ann. Ag an am céanna áfach tá cineálacha áirithe ailse a bhfuil ráta marthanais níos lú ná 10% ag othair. Caithfear leanúint leis an taighde agus leis an bhfionnachtain.

Sa chlár faisnéise cumhachtach aon uaire Biseach ón Ailse (TG4, Déardaoin) tugadh éachtaint ar an taighde eolaíochta atá ar thosach cadhnaíochta sa chomhrac i gcoinne na hailse mar aon le cluas le héisteacht a thabhairt do mharthanóirí ailse. Turas pearsanta a bhí anseo don láithreoir Evelyn O’Rourke óir go raibh ailse uirthi féin dhá bhliain déag ó shin nuair a bhí sí ag iompar clainne. Ag tosach an chláir bhailigh sí ceathrar timpeall an bhoird i dtigh galánta le paiste cainte a dhéanamh as Gaeilge. Beirt taighdeoirí, Maitiú Ó Murchú agus an Dr. Tríona Ní Chonghaile, ar thaobh amháin agus beirt mharthanóirí, Caitríona Greene agus Ann Marie O’Sullivan, ar an taobh eile. D’inis míreanna físe ar leith scéalta na beirte go tochtmhar, tuisceanach.

Do labhair Caitríona go tuisceanach ionraic faoi tslí go bhfuil tuiscint de shaghas éigin againn ar fad ar an ailse agus an chóir leighis a théann léi ach ní thuigeann éinne an t-aistear i gceart go gcaitheann siad féin é a dhéanamh. Fuair Caitríona diagnóis cúpla bliain ó shin agus in ainneoin go ndúirt na dochtúirí léi nach bhféadfadh a thuilleadh páistí a bheith aici fuair sé amach coicís i ndiaidh a hobráide go raibh sé torrach. D’fhág sin go raibh sí ag fáil cóir leighis agus í ag iompar.

Labhair sí féin agus Ann Marie faoin gcorraíl agus an sceimhle a bhain lena n-aistir féin. Beirt bhan mhisniúla má bhí a leithéid riamh ann.

Dhírigh an dara cuid den chlár ar an obair thaighde atá ar bun ag Maitiú agus Tríona. Spreag tinneas sa chlann Maitiú le tabhairt faoin obair seo agus spreag máthair Thríona a dúil san eolaíocht. Obair thábhachtach, cheannródaíoch ar bun acu.

Bhí an tOllamh Gerry O’Sullivan mar cheannródaí sa taighde ailse in Éirinn agus ba é a chuir an eagraíocht Breakthrough Cancer Research ar bun. Bhí sé obair ann go dtí gur bhásaigh sé in 2012. Is í a iníon, Orla Dolan, atá mar cheann feadhna agus thug sí léargas iontach ar thábhacht an taighde.

Dar léi nach é lá na diagnóise an lá is measa ach an lá go ndeir na dochtúirí nach féidir leo aon rud eile a dhéanamh do dhuine muinteartha; go bhfuil gach rud triailte acu. An cúram atá ar an eagraíocht dar le hOrla ná na huirlisí a thabhairt do dhochtúirí ionas ná tiocfaidh an lá sin. Clár cumhachtach tochtmhar dóchasach.

Fág freagra ar 'Saothar cumhachtach dóchasach ba ea ‘Biseach ón Ailse’ ar TG4'