Saoire i Lanzarote, bolg le gréin agus leathshúil ar na capaill

An mbeadh Cheltenham le feiceáil sa Spáinn agus an mbeadh bealach ar fáil le cúpla geall beag a chur?

Saoire i Lanzarote, bolg le gréin agus leathshúil ar na capaill

Mé féin amháin ba chionsiocair go mba i gceann de na hOileáin Chanáracha a bhí mé an tseachtain seo caite agus Féile Rásaíochta Cheltenham ina neart.

Go dtí seo i mo shaol is nós liom gur sa mbaile a bhreathnaím ar an iomaíocht nuair nach mbíonn ar mo chumas a bheith i gceartlár an chomhraic i nPrestbury Park. Is ansiúd nó i dteach príobháideach ar bith is fearr liom breathnú ar ócáidí spóirt ar an teilifís. Ar chúis éicint is mó tóir atá agam ar a bheith ansiúd ná a bheith i dteach an óil ar a leithéid d’ócáid.

Sular dheimhnigh mé na socruithe taistil a bhain leis an gcúpla lá saoire, labhair mé le fear ar m’aithne gur nós leis anois an tseachtain chéanna sin a chaitheamh i Lanzarote.

Dhearbhaigh seisean nach é amháin go mbíonn na rásaí le feiceáil sna tithe ósta, ach go mbíonn an ceantar chuig a dtéann sé féin plódaithe le daoine a chaitheann seachtain Cheltenham ann d’aon turas – é measta acu gur saoire seachtain a chaitheamh ansiúd ná i Cheltenham, áit a mbíonn lán laidhre ar óstáin.

Bhí tuigthe faoi seo agam nach raibh aon rogha agam ach teach an óil a thabhairt orm féin. Tá an Spáinn ar cheann de na tíortha sin a bhfuil cosc acu ar mhórán chuile chineál cearrbhachais, cé is moite den Lotto. Ní hamháin sin ach bac ann freisin ar úsáid a bhaint as suíomhanna gréasáin nó ar aipeanna na gcomhlachtaí geallghlacadóra atá lonnaithe ar lear – Paddy Power, Ladbrokes agus a leithéid.

Fiú má fhaigheann tú bealach isteach, an nóiméad agus a dhéanfas tú iarracht geall a chur tiocfaidh teachtaireacht aníos ar an scáileán ag rá leat go bhfuil tú i dtír ina bhfuil cosc ar a leithéid.

Nuair a cheistigh mé mo chara faoi sin ba é an freagra a fuair mé gur iomaí bealach leis an gcat a mharú seachas é a thachtadh le him. Ní dheachaigh sé níos doimhne isteach sa scéal.

B’in an fáth a raibh a bheagán nó a mhórán d’imní orm agus an lóistín sroichte agam an oíche sular thosaigh na rásaí.

An mbeidís le feiceáil go cinnte agus an raibh bealach ar fáil le cúpla geall beag a chur?

Bhí sé ag breith isteach ar an haon déag san oíche nuair a bhain mé ceann scríbe amach. Ar theacht den bhus dom chonaic mé go raibh tábhairne i bhfoisceacht cúpla céad slat den óstán a raibh triúr nó ceathrar bailithe le chéile ar an gcosán taobh amuigh agus iad ag breathnú ar imirt de chineál éicint ar theilifís.

Tapaigh do dheis a deirimse liom féin. D’fhág mo mhála ag an bhfáilteoir agus ghread liom. Fad agus a bhí fear an leanna ag líonadh mo dheoch bhí leathshúil agam ar chlár dubh a bhí crochta taobh amuigh ar a raibh liosta fada cluichí sacair a mbeadh feiceáil orthu san áit as sin go deireadh na seachtaine. Má bhí ceann ann bhí leathchéad – Premiership, Bundesliga, Eredivisie, Serie A agus ar ndóigh La Liga.

Go fiú agus go raibh cluichí rugbaí Chraobh na Sé Náisiún ann cé go raibh beagnach seachtain idir muid agus iadsan ar an liosta.

Ach mo léan ní fhaca mé aon trácht ar an rásaíocht capall.

Faoin am seo bhí mo dheoch leagtha amach romham ar an mbord agus mé réidh le scéala na n-each a fhiosrú. Sula raibh deis agam labhairt leaindeáil custaiméir eile le m’ais agus ceist aige féin.

“Will you be showing the game between MK Dons and Morecambe on Saturday, mate?” a d’fhiafraigh sé i gcanúint a thug le fios go mba in áit dhúchais Tyson Fury ar chósta thiar thuaidh Shasana a rugadh é seachas i gceann de bhruachbhailte Londan.

“But of course. It will be on that television over there,” a deir fear an bheáir agus é ag síneadh méire chuig an gceann ba lú de scór teilifíseán a bhí crochta taobh istigh agus taobh amuigh de theach an ósta.

Níor bhac mé le mo cheist féin a chur. Siúráilte má bhí feiceáil le bheith ar chluiche idir péire de na foirne is ísle i Roinn 2 Shasana, bheadh buaic léimrásaíochta na bliana ar scáileán éicint freisin.

Agus bhí. Ar phéire féin acu. I bpuball deas ar thaobh an chosáin ina raibh scáth le fáil ón ngrian agus freastalaí le braon eile a chur sa ngloine nuair a thriomaigh sin.

Níorbh ann a chaith mé chuile lá de na ceithre cinn. Théis dom oiread turgnamhachta a dhéanamh agus a thuillfeadh ardmholadh (agus pá dá réir) san áit ar a dtugtar Silicon Valley, d’éirigh liom a theacht ar bhealach a chuir ar mo chumas iad a fheiceáil ar iPad – fiú agus duine ag déanamh bolg le gréin.

Ar éirigh liom freisin geall nó dhó a chur síos?

Mar a deireadh na coirpigh agus iad os comhair na cúirte sna seanscannáin a thagadh as Meiriceá fadó, “I plead the Fifth”.

Fág freagra ar 'Saoire i Lanzarote, bolg le gréin agus leathshúil ar na capaill'