Saineolaí idirnáisiúnta le cur i láthair a dhéanamh ar cheist na díolúine

Déanfaidh an Dr Mary Caitlin Wight, saineolaí oideachais ó Ollscoil Stáit Nua-Eabhrac, cur i láthair ar cheist na díolúine agus ar na bealaí le cuidiú le páistí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu teangacha eile a fhoghlaim

Saineolaí idirnáisiúnta le cur i láthair a dhéanamh ar cheist na díolúine

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Reáchtálfar seimineár gréasáin an tseachtain seo chugainn chun ceist na díolúine ón nGaeilge a phlé agus conas is féidir an curaclam a chur in oiriúint chun go mbeadh gach páiste in ann an dara teanga a fhoghlaim.

Tá díolúintí do dhaltaí iarbhunscoile i mbéal an phobail an tseachtain seo agus é léirithe ar an suíomh seo go bhfuil ardú tagtha ar líon na ndaoine a fuair díolúine ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama in ainneoin córas nua a dúirt an Roinn Oideachais a dhéanfadh rud “annamh agus eisceachtúil” den díolúine.

Tá an seimineár á reáchtáil ag SEALBHÚ, Lárionad Taighde DCU um Foghlaim agus Teagasc na Gaeilge.

“Is ag breathnú ar cén chaoi gur féidir linn an curaclam a chur in oiriúint do dhaltaí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu, chun go mbeadh rochtain acu ar an gcuraclam go fóill agus go mbeadh siad in ann scileanna teanga a fhoghlaim,” a deir an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, Leas-Dhéan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Déanfaidh an Dr Mary Caitlin Wight, saineolaí oideachais ó Ollscoil Stáit Nua-Eabhrac, cur i láthair ar cheist na díolúine agus ar na bealaí gur féidir teacht i gcabhair ar pháistí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu le cuidiú leo teangacha eile a fhoghlaim.

“Tá taighde déanta ag Mary Caitlin Wight faoi dhíolúintí teanga i gcomhthéacs Stáit Aontaithe Mheiriceá,” arsa an tOllamh Ó Duibhir. “Beidh sí ag roinnt a cuid taithí agus taighde ar an ábhar sin agus, an príomhrud is dóigh, ná breathnú ar an dea-chleachtas agus conas is féidir curaclam a chur in oiriúint i mbealach gur féidir le gach dalta an dara teanga a shealbhú.”

Deir an tOllamh Ó Duibhir go mbeidh an seimineár, a bheidh i mBéarla, oscailte d’aon duine a bhfuil suim acu san ábhar agus fáilte á cur aige roimh mhúinteoirí, tuismitheoirí, lucht polasaí nó aon duine eile ar mhaith leo freastal ar an ócáid.

Reáchtálfar an seimineár ar Zoom Dé Máirt, an 23 Feabhra, ag 7.00pm agus is féidir clárú anseo. Iarrtar ar dhaoine clárú roimh an 23 Feabhra, más féidir.

Fág freagra ar 'Saineolaí idirnáisiúnta le cur i láthair a dhéanamh ar cheist na díolúine'

  • Colm

    Suimiúil

  • Antóin

    De réir Tuairisc.ie 17/09/2019, bhí 4,002 dalta a fuair díolúine ón nGaeilge toisc deacrachtaí foghlama a bheith acu sa bhliain 2019.

    “Ach rinne 55.7% acu sin, 2,231 duine, scrúdú Ardteistiméireachta i dteanga Eorpach eile, is é sin sa Fhraincis, sa Spáinnis, san Iodáilis nó sa Ghearmáinis” a tuairiscíodh.

    Deacrachtaí foghlama nach mbaineann ach leis an nGaeilge! Sin ábhar machnaimh.

  • Bríd

    Is léir nach mbeidh aon Ghaeilge fágtha sna scoileanna de bharr an NCCA & a gcuid droch chinntí…..agus eagrais Ghaeilge ag stocaireacht ar a son féin seachas an teanga….