Ritheadh rún éigeandála ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i Loch Garman go dtreorófaí an eagraíocht teanga leis an bhFeidhmeannas ó thuaidh a thabhairt chun cúirte den tríú huair le hocht mbliana anuas.
Mhol Pádraig Ó Tiarnaigh, atá fostaithe ag an eagraíocht ina n-oifig i mBéal Feirste ina bhainisteoir cumarsáide, go dtógfadh an Conradh Athbhreithniú Breithiúnach i gcoinne an Fheidhmeannais ó thuaidh “mar gheall ar an teip Straitéis Gaeilge a thabhairt isteach ó bhí 2006 ann”.
Is tagairt é an “2006” do Chomhaontú Chill Rímhinn, a síníodh beagnach fiche bliain ó shin in Albain. Gheall Rialtas na Breataine i gComhaontú Chill Rímhinn go gcuirfí straitéis teanga i bhfeidhm agus luadh cur i bhfeidhm an phlean mar thosaíocht i gClár Rialtais an Fheidhmeannais 2011-2015.
Dheimhnigh an Breitheamh Scoffield san Ard-Chúirt i mBéal Feirste in 2022 gur sháraigh Feidhmeannas Stormont an dlí nuair a theip orthu an straitéis sin a thabhairt isteach. Dúirt sé gur sárú ar an Acht um Thuaisceart Éireann a bhí i dteip an Fheidhmeannais an gealltanas i leith na Gaeilge a chomhlíonadh.
In 2017 cinneadh san Ard-Chúirt chéanna gur sárú ar an Acht um Thuaisceart Éireann a bhí san easpa dul chun cinn ar na gealltanais sin agus dhearbhaigh an breitheamh go raibh an feidhmeannas ag sárú a dhualgas dleathach.
Ní raibh rún Uí Thiarnaigh ar chlár na rún d’Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2025 ach is féidir vóta a chaitheamh ar ‘rúin éigeandála’ sa chás go nglacfadh dhá thrian nó níos mó dá bhfuil i láthair agus i dteideal vótála ag an Ard-Fheis leis an rún nua. Glacadh leis an rún mar rún éigeandála agus vótáil tromlach na dtoscairí ar a shon.
Ní fhágann vóta an deireadh seachtaine go bhfuil tús curtha leis an bpróiseas an tríú hathbhreithniú breithiúnach a thabhairt in aghaidh an Fheidhmeannais ach ciallaíonn sé go bhfuil “treoir” tugtha ag baill an Chonartha d’fhoireann na heagraíochta dul chun na cúirte arís.
Fág freagra ar 'Rún rite ag Ard-Fheis CnaG leis an bhFeidhmeannas ó thuaidh a thabhairt chun cúirte arís'