Rún éigeandála rite ag Comhairle Contae Chiarraí chun ainm gan chiall eastát tithíochta sa Daingean á athrú

Na comhairleoirí Gaeltachta, Séamus Cosaí Mac Gearailt agus Breandán Fitzgerald a mhol an rún go gcuirfí an t-ainm ‘Pairceanna na Glas’ ina cheart láithreach

Rún éigeandála rite ag Comhairle Contae Chiarraí chun ainm gan chiall eastát tithíochta sa Daingean á athrú

Ritheadh rún éigeandála ag cruinniú de chuid Chomhairle Contae Chiarraí tráthnóna ag éileamh go gcuirfí ina cheart láithreach ainm gan chiall eastát tithíochta nua i gCorca Dhuibhne.

Na comhairleoirí Gaeltachta, Séamus Cosaí Mac Gearailt ó Fhine Gael agus Breandán Fitzgerald ó Fhianna Fáil, a mhol an rún ag impí ar an gComhairle go gceartófaí ‘Pairceanna na Glas’, an t-ainm a tugadh ar eastát tithíochta nua sa Daingean.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an Comhairleoir Breandán Fitzgerald go ndúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Comhairle, Moira Murrell, go bhfuiltear i mbun oibre le Clúid,  forbróirí an eastáit, chun an t-ainm a athrú.

Dúradh freisin go raibh Comhairle Contae Chiarraí chun próiseas a chur i bhfeidhm chun a chinntiú nach dtarlódh a leithéid de bhotún arís.

Dúirt an Comhairleoir Fitzgerald go raibh sé buíoch as an bhfreagra a fuair sé, ach nach mbeidh sé sásta go dtí go mbeidh ainm ceart curtha in airde san eastát nua sa bhaile Gaeltachta.

“Níl mé sásta le Comhairle Contae Chiarraí ná leis an tslí go bhfuil siad ag plé le muintir na Gaeltachta,” a dúirt sé. 

Mheas Breandán Fitzgerald go raibh sé tábhachtach go gcuirfí próiseas i bhfeidhm chun a chinntiú nach dtarlódh eachtra den chineál seo arís.

Dúirt sé nár thuig sé cén fáth nach raibh an Chomhairle Contae sásta an t-ainm a athrú roimhe seo, go háirithe agus moltaí faoi leaganacha cearta faighte acu ó dhaoine, an file aitheanta Simon Ó Faoláin, a bhfuil cónaí air san eastát, ina measc.

Tá conspóid faoin ainm le roinnt seachtainí anuas agus é curtha in iúl do Chomhairle Contae Chiarraí nach bhfuil aon chiall leis.

Cé gur diúltaíodh ar dtús an t-ainm a athrú, thug an Chomhairle Contae le fios an tseachtain seo caite go rabhthas ag iarraidh réiteach a fháil ar an scéal “chomh luath agus is féidir”.

Dúirt an Comhairleoir Séamus Cosaí Mac Gearailt le RTÉ Raidió na Gaeltachta gurb í seo an chéad uair gur chuir sé rún éigeandála faoi bhráid na Comhairle ó toghadh é ina Chomhairleoir ar dtús in 1999. Dúirt sé gur masla don teanga a bhí ann a leithéid d’ainm a chur in airde in eastát sa Ghaeltacht.

Thug an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Pa Daly, le fios roimhe seo go raibh sé i dteagmháil leis an gComhairle agus le Clúid, a rinne an t-eastát a fhorbairt, agus go raibh sé “cinnte go leor” go mbeadh ainm an eastáit athraithe taobh istigh de chúpla seachtain. 

Dúirt Clúid go raibh “comhrá dearfach” tosaithe acu le Comhairle Contae Chiarraí faoin scéal.

Baineann conspóid teanga eile leis an eastát freisin agus é tagtha chun solais gur i mBéarla a rinneadh an measúnú ar chumas teanga na n-iarrthóirí ar na sé cinn den 20 teach san eastát a cuireadh ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.

Tá ráite ag an ngrúpa Todhchaí na Tuaithe go bhfuil siad tar éis gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga faoin scéal agus iad ag iarraidh fáil amach an bhfuil an dlí sáraithe. 

Bunaíodh Todhchaí na Tuaithe anuraidh chun aird a tharraingt ar chúrsaí cead pleanála sa Ghaeltacht agus faoin tuath ar fad.

Dheimhnigh Martin O’Donoghue, stiúrthóir na seirbhísí tithíochta le Comhairle Contae Chiarraí, leis An Saol Ó Dheas an tseachtain seo caite nach ndearnadh na hagallaimh le hiarrthóirí Gaeilge i nGaeilge agus má dúirt iarrthóirí go raibh Gaeilge acu, gur glacadh leis sin.

Dúirt sé go nglacann sé leis anois go raibh sé de cheart ag Comhairle Contae Chiarraí a chinntiú agus a dhearbhú go raibh Gaeilge ag na hiarrthóirí seo.

Dúirt an Teachta Dála Pa Daly go raibh sé i gceist aige labhairt le Comhairle Contae Chiarraí faoin scéal sin chomh maith.

I ráiteas ó Oifig an Choimisinéara Teanga, dúradh go leagann an tAcht Pleanála dualgas ar údaráis áitiúla a bhfuil limistéir Ghaeltachta faoina gcúram “cuspóirí a chur i bhfeidhm chun oidhreacht teanga na Gaeltachta a chosaint”.

“Ceadaítear d’údaráis áitiúla faoin Acht Pleanála aon fhoráil a bhaineann le hoidhreacht teanga na Gaeltachta a chosaint a cheangal le cead pleanála. 

Áirítear ansin coinníoll go mbeadh sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag ceadatán faoi leith d’áitritheoirí forbairt tithíochta ar leith.

“Is faoin údarás áitiúil atá sé feidhm a thabhairt don choinníoll teanga sin fad is a bhaineann sé le caighdeán na Gaeilge atá de dhíth agus an bhealach go ndéantar sin a thomhais.  Caithfeadh aon chóras atá in áit áfach a chinntiú go gcomhlíontar an chuspóir maidir le hoidhreacht teanga na Gaeltachta a chosaint.”

Fág freagra ar 'Rún éigeandála rite ag Comhairle Contae Chiarraí chun ainm gan chiall eastát tithíochta sa Daingean á athrú'