Rúin faoin nGaeilge agus an Ghaeltacht le cur faoi bhráid Ard-Fheis Shinn Féin

Tá rúin ar chlár Ard-Fheis Shinn Féin faoi chur chuige an pháirtí féin i leith na Gaeilge

Rúin faoin nGaeilge agus an Ghaeltacht le cur faoi bhráid Ard-Fheis Shinn Féin

Cuirfear roinnt rún a bhaineann leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht faoi bhráid Ard-Fheis Shinn Féin atá ar siúl in Áth Luain an deireadh seachtaine seo. 

Chomh maith le rúin ag cáineadh pholasaí an Rialtais i leith na teanga agus ag tacú le polasaí Shinn Féin, tá rúin ar an gclár faoi chur chuige an pháirtí féin i leith na Gaeilge. 

Éilíonn rún amháin go ndéanfadh Ard-Chomhairle Shinn Féin athbhreithniú iomlán ar pholasaí Gaeilge an pháirtí. Deirtear sa rún sin go léiríonn polasaithe amhail Gaelú Shinn Féin, a tugadh isteach in 2016, “uaillmhian” an pháirtí i leith na Gaeilge ach go bhfuil gá le níos mó a dhéanamh. 

Ba chóir, a deirtear, don athbhreithniú díriú ar na struchtúir sa pháirtí ar éirigh agus nár éirigh leo ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge. 

Éilítear i rún eile go gceapfadh an páirtí taobh istigh de shé mhí oifigeach náisiúnta lánaimseartha a bheadh freagrach as an aistriúchán Gaeilge. Deirtear gur ritheadh an rún céanna ag Ard-Fheis na bliana seo caite ach nár cuireadh an moladh i bhfeidhm. 

Deirtear chomh maith go bhfuil folúntas ann i gcónaí d’Oifigeach Náisiúnta Gaeilge sa pháirtí agus gur chóir an folúntas sin a líonadh taobh istigh de shé mhí. 

Tá scata rún a bhaineann leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht curtha faoi bhráid na hArd-Fheise ag Ard-Chomhairle an pháirtí, ceann a léiríonn imní faoi líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht agus ceann ag cáineadh an Aire Tithíochta faoin moill dhá bhliain ar na treoirlínte nua pleanála atá geallta don Ghaeltacht.  

Moltar i rún eile go mbunófaí lárionad Gaeilge i ngach contae sa tír agus go mbeadh oifigeach Gaeilge ag gach údarás áitiúil sa tír. 

Cáineann rún ó Chumann Mhairéad Farrell an “faillí” atá déanta ag an Rialtas i leith amharclannaíocht na Gaeilge. 

‘Am don Athrú’ an téama atá ag Ard-Fheis Shinn Féin i mbliana agus a dteacht le chéile acu tráth a bhfuil siad ar an bpáirtí is láidre sa stát de réir na bpobalbhreitheanna. 

Fág freagra ar 'Rúin faoin nGaeilge agus an Ghaeltacht le cur faoi bhráid Ard-Fheis Shinn Féin'